Ceird na dialainne, ceird an diabhail?

 

BEOCHEIST:CAD CHUIGE a gcoinníonn daoine dialanna? Chun cuntas a choinneáil ar an saol a chaitheann siad? Chun ciall a dhéanamh as a saol? Chun am a mheilt agus chun an t-uaigneas a dhíbirt?

Moltar do dhaoine áirithe, go háirithe do dhaoine óga, dialanna a choinneáil. Moltar dóibh é a dhéanamh ar mhaithe lena scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt agus a gcumas samhlaíochta a mhéadú.

Coinníonn an-chuid déagóirí ‘dialanna rúnda’ ina mbreacann siad a smaointe príobháideacha féin, línte filíochta, ainmneacha leannán agus a dtuairimí i dtaobh a múinteoirí, a dtuismitheoirí, a gcairde, a rogha ceoltóirí agus nithe rúnda eile a cheiltear ar an saol mór is a mháthair.

Cuntas ar shaol an duine atá i ndialann Anne Frank – Diary of a Young Girl(1947). Is foinse staire den scoth é a chaitheann solas ar urchóid agus ar mhailís na cumhachta gan smacht. Choinnigh Frank dialann ó Mheitheamh 1942 go dtí Lúnasa 1944 ina raibh cuntas sceirdiúil ar an tréimhse a chaith sí ag teitheadh ar son a hanama, ar a saol pearsanta, ar an bhFrith-Ghiúdachas agus ar Uileloscadh na Naitsithe. Cailleadh í i gcampa géibhinn Bergen-Belsen i Márta 1945 agus gan í ach 15 bliain d’aois.

Tá dúchas maith dialannaíochta i saol na Gaeilge. An dialann is cáiliúla, is dócha, ná Cín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin. Ba’s Callainn i gCill Chainnigh do Ó Súilleabháin ó dhúchas agus choinnigh sé cín lae ó Eanáir 1827 go dtí Iúil 1835. Fear léannta, fiosrach, coinsiasach ba ea é agus tá cuntas ina chín lae ar mhóreachtraí staire agus ar mhioneachtraí sóisialta na linne sin.

Choinnigh Tomás Ó Criomhthain cín lae ó Nollaig 1918 go dtí Eanáir 1923 ina ndearna sé cur síos ar a shaol féin, ar an dúlra agus ar gach gné den mBlascaod Mór sa tréimhse úd. Foilsíodh é mar Allagar na hInisesa bhliain 1928 agus is leabhar fíorluachmhar é.

Is sa bhliain 1960 a foilsíodh Dialann Deoraí le Dónall Mac Amhlaigh. Tá cuntas ann ar a shaol ‘ar an mbuildeáil’ go príomha i Sasana ó Mhárta 1951 go dtí Aibreán 1957. Arís, is dialann fíorspéisiúil atá inti a thugann spléachadh dúinn ar shaol crua lucht imirce i Sasana san am sin.

Oíche Lae Caille 1940, thosnaigh Seán Ó Ríordáin ag breacadh smaointe fánacha a shaoil anróitigh féin “i seanleabhar cuntais a bhíodh ag mo mháthair . . . coimeádfaidh mé cuntas anso ar imeachtaí mo shaoil agus ar imeachtaí an tsaoil . . . Ach geallaim an méid seo, ná beidh bearna sa chuntas so an fhaid a bheidh lúth mo mhéar fé réir mo chinn.” Agus choinnigh sé dialann laethúil go dtí gur thit an peann as a lámh thart ar 2am ar 16ú Feabhra, 1977.

Dhein Philip Larkin, file a bhí comhaimseartha leis an Ríordánach, mórán mar an gcéanna i Sasana. Ach d’fhág an Lorcánach le huacht go ndófaí a dhialanna go léir a luaithe agus a thit an t-anam as. Deineadh rud air agus níl tásc ná tuairisc ar na dialanna úd anois. Fágadh le huacht ag an Ríordánach, áfach, go raibh a dhialanna mar chéilí leapa aige ar feadh a shaoil agus gur mhair siad ina dhiaidh. Ba dhuine duairc aonarach é i dtráth dheireadh a shaoil agus shamhlóinnse gur mó de dhochar ná de mhaitheas a rinne siad dó sna blianta sin.

Raghainn chomh fada agus a rá go gcuirfeadh sciuirdeanna rialta thar n-ais ar phoill agus ar phrochóga do shaoil phríobháidigh as do mheabhair ar fad thú luath nó mall. Choinníos féin dialann anama sa bhliain 1980. Ba bhliain shuaite i mo shaol í an bhliain chéanna agus chuireas díom ar phár ábhar agus fáth mo dhobróin. Léas an cuntas iomlán le déanaí agus ní maitheas a dhein sé dom ach a mhalairt glan. I m’ainneoin féin scuabadh thar n-ais mé go dtí an bhliain chinniúnach sin. Ba ar éigean a d’aithin mé an duine gruama, ródháiríre, míshona a bhí romham ann. Níor fhan mé rófhada ina theannta.

Sin a bhíonn ar siúl ag an dialannaí anama. Iarracht fhánach ar gan ligint don am i láthair sleamhnú isteach san am atá caite, an mhóimint a chur isteach sa domhainreoiteoir le go dtógfar amach arís í am éigin san aimsir fháistineach. An fhadhb a bhaineann leis sin ná ní mar an gcéanna a thuilleadh an té a chuir isteach í ag an am sin agus an té a thógfaidh amach arís í ag am eile ar fad sa todhchaí. É sin ráite, cheannaíos dialann nua don mbliain 2010 agus é mar rún athbhliana agam filleadh ar cheird na dialannaíochta athuair.

Ach tá Eanáir caite faoin am seo agus tá gach leathanach inti fós chomh bán le sneachta.