Ceardlann i nDoire

BEIDH AN file, Gréagóir Ó Dúill, i mbun ceardlann scríbhneoireachta i nDoire Dé Sathairn, 9ú Deireadh Fómhair, agus £20 a costas…

BEIDH AN file, Gréagóir Ó Dúill, i mbun ceardlann scríbhneoireachta i nDoire Dé Sathairn, 9ú Deireadh Fómhair, agus £20 a costas.

Is é cuspóir na ceardlainne tacaíocht a thabhairt d'ábhar scríbhneoirí a bhfuil tús éigin curtha acu le scríobh go cruthaitheach i nGaeilge agus fonn orthu níos mó a bhaint amach. Cuirfidh an cheardlann "cuidiú praiticiúil" ar fáil dóibh agus cuirfidh Ó Dúill béim ar ghné an athdhréachtaithe ina saothar.

Cuirfidh lucht eagraithe na hócáide fáilte roimh scríbhneoirí a bhíonn ag scríobh i seánraí éagsúla litríochta – filíocht, gearrscéalaíocht, úrscéalaíocht, cuimhní cinn nó stair áitiúil. Labhróidh Gráinne Ní Ghilín, eagarthóir na hirise An tUltach, faoi na deiseanna foilsithe atá ann don lucht freastail.

Caithfidh scríbhneoirí clárú roimh ré agus iarrtar orthu sampla dá saothar – dornán dánta, gearrscéal, sliocht as úrscéal – a chur ar fáil faoin Aoine 24ú Meán Fómhair.

Eolas: grainne_work@yahoo.ie