Cead pleanala

Creideann an gníomhaí teanga, Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfaí cinneadh Chomhairle Contae Chiarraí cead pleanála a thabhairt…

Creideann an gníomhaí teanga, Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfaí cinneadh Chomhairle Contae Chiarraí cead pleanála a thabhairt do scéim tithíochta i mBaile an Fheirtéirigh "scrios" a dhéanamh ar an Ghaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

I bpreasráiteas, dúirt sé gur thug an chomhairle cead do Ballinboola Southbound Properties 20 teach a thógáil agus gan de choinníoll teanga leis an fhorbairt ach "roads shall be named in Irish".

Chuir an cinneadh sin díomá air. De bharr aighneachta a réitigh sé féin, chuir dlíodóir an chomhlachta in iúl don chomhairle ag tús mhí an Mheithimh go mbeadh siad sásta teacht ar shocrú leis an chomhairle faoi aon choinníollacha speisialta "having due regard to the primacy of the Irish language".

Chreid Ó hÉallaithe nach raibh an fhorbairt ag teacht le mír 8.9.9 de Phlean Forbartha Chiarraí ina dtugtar le fios: "It is important to ensure that any developments within the recognised Gaeltacht areas are of benefit to the Irish language and the Gaeltacht communities of the Dingle and Iveragh peninsulas."

READ MORE

"Is deacair a fheiceáil go bhféadfadh an fhorbairt atá beartaithe bheith ina chuidiú leis an nGaeilge mar theanga phobail i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, mar go meallfaidh sé daoine gan Ghaeilge nó ar bheagán Gaeilge isteach sa phobal mar atá déanta ag scéimeanna tithíochta a tógadh i nGaeltachtaí eile," a dúirt Ó hÉallaithe.

Ag caint i mBéarla, dúirt Innealtóir Sinsearach Pleanála na comhairle, Tom Sheehy, gur "very complex issue" a bhí ann.

Ba é barúil na comhairle go raibh trí cheist mhóra le freagairt i dtaobh cúrsaí pleanála: an raibh na coinníollacha teanga "reasonable"; an raibh siad "workable" agus an raibh siad "enforceable"?

Ba é a ndeacracht cén dóigh a ndeimhneodh an chomhairle gur cainteoirí Gaeilge a bhí ag ceannach na dtithe - cén caighdeán Gaeilge a bhí de dhíth leis sin a dheimhniú - agus cad é an dóigh a gcuirfeadh an chomhairle an coinníoll teanga i bhfeidhm?

Cad é a dhéanfadh siad sa chás go raibh úinéir tí ag caint Béarla - é a chaitheamh amach as a theach?

"Our view is in the absence of a national policy to address this issue, Kerry County Council feel that they cannot impose an occupancy clause restricting ownership to Irish speakers," a dúirt Sheehy.

Bhí ceisteanna fostaíochta i gceist fosta, a dúirt sé. Ba ghá postanna a chur ar fáil do dhaoine áitiúla a thabharfadh deis dóibh cónaí sa cheantar agus chuir an fhorbairt le cúrsaí turasóireachta sa cheantar.

D'aithin an chomhairle go raibh an forbróir toilteanach coinníollacha teanga a chur leis an chead pleanála agus ba é a ndóchas go mbainfeadh sé úsáid as a "discretion" féin agus é á ndíol.