Ceacht staire as an tSualainn

Beocheist:   Is le gáire a d'fhéach mé ar na grianghrafanna den "Blizzard like conditions" a bhi i roinnt nuachtán Éireannach…

Beocheist:  Is le gáire a d'fhéach mé ar na grianghrafanna den "Blizzard like conditions" a bhi i roinnt nuachtán Éireannach le déanaí, in éineacht le neart tuairiscí fainiciúla faoin drochaimsir mhillteanach a bhí fós le teacht.

Táim féin lonnaithe thart ar lár na Sualainne i gcathair Uppsala, agus tá beagnach dhá throigh sneachta ar na sráideanna, agus tá sé ann ó thús mhí na Nollag. Ina theannta sin, is annamh a d'ardaigh an teocht os cionn an phointe oighir ó thús na míosa céanna. Ach an bhfuil muid ar leac an bháis anseo, an bhfuil geilleagar na Sualainne ag teacht go stad go borb de bharr blúirín sneachta agus beagán fuachta? Dhera, níl siad ach ag gáire, agus táim féin ag gáire.

Ach ní raibh mé ag gáire nuair a tháinig mé amach as an traein i gcathair Kiruna, an chathair is mó ar domhan taobh istigh den Chiorcal Artach.

Gan amhras, bheadh deora an gháire chéanna reoite ar do leiceann in aeráid Kiruna an t-am seo den bhliain. Níor ardaigh an teocht níos airde ná -24 i rith na trí lá a bhíos ann. Sin fíorfhuacht duit.

READ MORE

Is mianach iarainn é Kiruna, an mianach iarainn faoi thalamh is mó ar domhan. Soláthraíonn an mianach seo 80 faoin gcéad den iarann atá de dhíth ar mhuilte cruacha na hEorpa (na cinn atá fágtha).

Cé gurb é an mianach iarainn is glaine ar domhan é (tá sé sa tSualainn, ar ndóigh) tá a dhóthain conspóide faoin mhianach úd. Thóg mé féin agus mo chomhghleacaithe turas darb ainm "The Infomine Experience" síos go tóin an mhianaigh 550 méadar faoin tsliabh.

Cé gur fiúntach an taithí ann féin é dul síos chomh domhain sa domhan, bhí blas an "box factory tour" ar an taispeántas féin. Iarracht dul i ngleic leis an drochscéala atá ag na meáin uilig ar fud na Sualainne a bhí mar chuspóir ag an gcomhlacht mianadóireachta bocht i ndáiríre.

Is é an scéal sin go bhfuil cathair Kiruna sa bhealach ar oibriúcháin éifeachtach an mhianaigh agus go mbeidh ar an mbaile bogadh ón áit a bhfuil sé ó d'oscail an mianach ar dtús 100 bliain ó shin agus an áit as ar fhás an baile nua seo.

Ní hé seo an chéad chonspóid a bhain leis an mianach seo. Nuair a tháinig Hitler i gcumhacht sa Ghearmáin is beag iarann a bhí fágtha sa tír chéanna. Ní raibh sé chun Lebensraum a fháil gan iarann.

Ar ndóigh, bhí neart iarainn in Alsace-Lorraine ach bhí sé ar an taobh eile den teorainn, sa Fhrainc, tar éis chomhaontas Versailles. Chaithfeadh iarann bheith ag Hitler chun iarann a fháil.

Ní fada go raibh longa lán iarainn ag imeacht ó Luleå (calafort sa tSualainn) go Hamburg na Gearmáine. Agus níor stop na longa sin i ndiaidh 1939 ach oiread - tháinig méadú orthu.

Is beag rogha eile a bhí ag na Sualannaigh. Má bhí an Ghearmáin ag iarraidh iarainn, bhí orthu é a sholáthar, nó thógfadh na Naitsithe é go siúrálta.

Níos déanaí sa chogadh thug an tSualainn cead don Ghearmáin a cuid saighdiúirí a bhogadh tríd an tír ar thraenacha na Sualainne. Ach ní raibh aon rogha eile acu agus na Gearmánaigh ar gach taobh díobh. Ní raibh na Sualannigh ábalta trádáil le haon tír eile.

Ar ndóigh, bhí an tSualainn armtha ach níor caitheadh urchar ar thalamh na Sualainne le linn bhlianta fada an chogaidh, agus coimhlint fhíochmar ar gach taobh den Bhailt agus ar fud na Laplainne ó thuaidh.

Níl cuma rómhaith ná rómhórálach ar na heachtraí sin agus an méid atá ar eolas againn sa lá atá inniu ann. Tá sé fíor ach go háirithe maidir le tír cosúil leis an tSualainn, tír a bhí go mór chun tosaigh maidir le bunú na Náisiún Aontaithe agus le cearta daonna.

Ach tá sé éasca rud a dhamnú 60 bliain i ndiaidh a tharlaithe agus ta sé éasca dearmad a dhéanamh ar rudaí, éagumas Chonradh na Náisiún maidir le cosaint tíortha beaga neodracha, mar shampla.

Níor éag na mílte Sualannach in éineacht leis na milliúin eile a d'éag le linn na tréimhse déistiní seo i stair an chine dhaonna.

Tá an tSualainn fós saor agus rathúil inniu 60 bliain níos faide anonn. Agus tá tír bheag neodrach eile saor agus rathúil inniu, de bharr gníomhartha nach mbreathnaíonn rómhaith is rómhórálach inniu.

Ach nuair atá 90 bliain caite nach bhfuil sé i bhfad níos éasca fós na beartanna a chúbláil agus dearmad a dhéanamh ar an bpictiúr leathan comhaimseartha?

Is mac léinn é Aengus Finnegan atá ag staidéar in Ollscoil Uppsala faoi láthair. Is as Co. na hIarmhí ó dhúchas é