Ceacht Gaeilge sa Pholainn

Beocheist: Nuair a mhíním do Pholannaigh go bhfuilim i mbun theagasc na Gaeilge cuirtear ionadh orthu

Beocheist: Nuair a mhíním do Pholannaigh go bhfuilim i mbun theagasc na Gaeilge cuirtear ionadh orthu. Níor thuig siad go raibh an méid sin difríochta idir Béarla na hÉireann agus Béarla na Breataine gurbh fhéidir cúrsa staidéir a bhaint as.

Cuirtear meascán mearaí i gceart orthu ar thabhairt le fios dóibh go bhfuil a leithéid de rud agus a dteanga féin ag Éireannaigh agus nach Béarla labhartha le blas Gaelach é an rud a nglaotar an Ghaeilge air.

Tá sé seo ar na buntáistí a bhaineann roinnt mac léinn in ollscoil Chaitliceach Lublin (KUL) as foghlaim na Gaeilge: is minice ná a mhalairt go mbíonn deis acu scéal a insint agus eolas a thaispeáint agus iad ag cur in iúl do chairde is do theaghlach cad is Gaeilge ann.

Bunaíodh KUL i 1918 agus tá sé ar na cúig institiúidí tríú leibhéal atá suite i Lublin, an chathair is mó in oirthear na Polainne.

READ MORE

Agus an Pholainn faoi chuing an chumannachais bhí KUL mar dhaingean ag an bhfreasúra Caitliceach intleachtach. Ba san ollscoil seo a bhí Karol Wojtyla ina ollamh le heitic sular toghadh ina Phápa é sa bhliain 1978. Faoi láthair tá beirt ollúna d'fhoireann na hollscoile ina mbaill den Pharlaimint Eorpach.

Tá an Ghaeilge á múineadh in KUL ó 1985 agus is iad a fhoghlaimíonn í ná mic léinn a bhfuil cúrsa MA cúig bliana sa Bhéarla idir lámha acu. Ag deireadh an dara bliain bíonn ar mhic léinn roghnú idir an Ghaeilge agus an Bhreatnais agus is le linn an tríú is ceathrú bliain a dhéantar staidéar ar pé ceann den dá theanga Cheilteacha a dtugtar toil dó. Sa chúigiú bliain múintear ranganna chomh maith ach fágtar faoin mac léinn féin leanúint ar aghaidh le staidéar na teanga Ceiltí.

Bíonn trí huaire Gaeilge (nó Breatnaise) ar siúl in aghaidh na seachtaine ach is fiú a rá gurb ionann uair acadúil sa Pholainn agus 45 nóiméad. I ngach bliain den chúrsa Béarla tá amuigh agus istigh ar 50 mac léinn agus bíonn a leath in ainm is bheith ag gabháil don Ghaeilge agus an leath eile ag plé leis an mBreatnais. Is amhlaidh, áfach, gur gnách go mbíonn tromlach beag mac léinn ag freastal ar na ranganna Gaeilge.

Agus an méid seo Ceiltise ar siúl ní ionadh go bhfuil Roinn Cheilteach féin mar chuid d'institiúid an Bhéarla. Le roinnt blianta anuas tá beirt Éireannach ar fhoireann na roinne seo araon le Breatnach.

I rith na bliana seo caite bhíodh bean Ghearmánach, ollamh le Breatnais ó oirthear Bheirlín, ag taisteal chun na hollscoile gach seachtain le ranganna Breatnaise a thabhairt.

Lasmuigh de na ceachtanna teanga féin, tugtar cúrsaí ar chultúr, stair is litríocht na dtíortha Ceilteacha. Na teangeolaithe sa roinn a phléann le hábhair mar dheilbheolaíocht, is iondúil go mbíonn a gcuid oibre bunaithe ar theanga Cheilteach.

I measc na mac léinn tá tuairimí éagsúla faoin éigeantas le Gaeilge nó Breatnais a fhoghlaim.

Tá mic léinn ann, díreach mar atá in Éirinn, a mheasann gur cur amú ama agus fuinnimh é foghlaim na Gaeilge. B'fhearrde iad go léir é, dar leo, dá bhfoghlaimeofaí an Fhraincis nó an Ghearmáinis nó teanga úsáideach eile seachas teanga a bhfuil droim láimhe tugtha di ag a muintir féin.

Go deimhin, ní annamh a chloistear staróg anseo gurb é KUL an áit sa domhan a bhfuil an líon is mó cainteoirí Gaeilge le fáil ann.

Os a choinne sin, tá daoine a chaitheann dúthracht leis an nGaeilge is a déarfaidh leat gurbh é a thug orthu freastal ar KUL ná an t-áiméar ar Ghaeilge a fhoghlaim. Agus ní laistigh d'institiúid an Bhéarla amháin atá an tsuim seo sa Ghaeilge - ní neamhghnách mac léinn ó dhámha eile, fiú ó ollscoil eile, bheith ag suí isteach ar ranganna.

Dá dhúthrachtaí mac léinn, áfach, is beag duine anseo a mhaífeadh gur teanga éasca í an Ghaeilge. Is í an chéad deacracht mhór a thagann roimh na foghlaimeoirí, ar ndóigh, ná conas rudaí a fhuaimniú. Is cúis gáire agus foinse drochmhisnigh san am céanna é an séimhiú. Tugann roinnt mac léinn neamhaird ghlan air agus iad ag iarraidh a dteanga a chasadh ar fhocal. Daoine eile á dtachtadh féin agus dícheall á dhéanamh acu focal a rá i gceart.

Diomaite de na rudaí deacra seo, is minic ranganna sa rinceoireacht Ghaeilge á reáchtáil ag na mic léinn féin agus timpeall an Aibreáin eagraítear "Laethanta Ceilteacha", dhá lá de léachtaí faoin gcultúr Ceilteach agus oíche spraoi mar chlabhsúr air. Rud ar féidir bheith ag tnúth leis agus cúrsaí casta fuaimnithe ar bun.