Ceacht an lae inniu

Beocheist: Does the rise of small parties and independents signal the end of the major parties, asks Seán Ó hÉalaí

Beocheist: Does the rise of small parties and independents signal the end of the major parties, asks Seán Ó hÉalaí

Seans go gcuirfear síos ar an toghchán seo mar cheann stairiúil inar tosaíodh ar mhúnla an dápháirtíochais a bhriseadh. Ina dhiaidh seo, ní bheidh cúrsaí an fhreasúra arís mar a bhíodh. Tugadh buille beagnach marfach d'Fhine Gael agus muna dtuigeann Fianna Fáil an ceacht atá á thabhairt go soiléir ag an bpobal, tarlóidh sé dóibhsean freisin.

Is minic roimhe seo, a d'athraigh páirtithe a n-íomhá le cabhair lucht cumarsáide. Anseo is é an pobal atá ag athrú a n-íomhá. Tá siad ag fógairt nach nglacfar feasta le haon phríosúnaigh. Ní leor feasta lipéad na seanpháirtithe chun suíochán a chinntiú. Is ar an tairseach agus ní ar an teilifís ba mhaith leo a gcuid Teachtaí Dála a fheiceáil.

Cén fath, mar sin, an vóta mór ar son Fhianna Fáil agus an Pháirtí Dhaonlathaigh? Go simplí, bhí an pobal sásta leis na blianta faoina réimeas inar tháinig fás mór ar an eacnamaíocht agus ar chaighdeán na beatha dá réir.

READ MORE

Ba dheacair d'aon fhreasúra dul i ngleic le Rialtas a raibh farasbarr mór cánach le caitheamh bliain i ndiaidh bliana. Bhí sé beagnach dodhéanta a chur ina luí ar dhaoine go raibh an Rialtas ag déanamh rud ar bith mícheart nuair a mhothaigh siad ina gcroí nach raibh siad riamh chomh compordach. Mar sin de, ón tús, is ag snámh in aghaidh an easa a bhí an freasúra.

Sa gcás sin, agus i bhfianaise na bpobalbhreitheanna go léir a foilsíodh, shílfeá go mbeadh sé de chiall ag Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre teacht ar réiteach roimh an toghchán chun ábhar rialtais eile a chur faoi bhráid an phobail.

Cibé faoi Fhine Gael a raibh fonn orthu é sin a dhéanamh, d'fhan an Lucht Oibre glan ar aon chleamhnas, ag fógairt a chuid geanmnaíochta don saol mór. Beidh na blianta fada ag an Lucht Oibre ar bhinsí an fhreasúra chun críonnacht an chinnidh sin a mheas.

Is cuma leis an bpobal faoi gheanmnaíocht pholaitiúil. Ní suim leo ardaidhmeanna dosháraithe breactha síos ar chárta nó greanta i gcloch. Ní spéis leo ach an rud is féidir leis an iarrthóir a dhéanamh dóibh. Agus chun aon rud a dhéanamh dóibh, chaithfí cumhacht a fháil.

I gcás Fhine Gael agus an Lucht Oibre, níor léiríodh do na vótóirí roimh ré go raibh an toil phraiticiúil ann chun rogha rialtais a chur os a gcomhair.

Maidir le Fine Gael, munar thuill siad an slad a rinneadh orthu, ní dheachaigh siad i bhfeidhm mar rogha. Tá daoine fiúntacha i gcónaí sa bpáirtí sin ach tá fadhb mhór íomhá ag an bpáirtí nach mbaineann in aon chor le Micheál Ó Nuanáin.

Uaireanta chuirfeadh siad i gcuimhne duit Páirtí Lucht Oibre na Breataine faoi réimeas fada Thatcher. B'fhéidir go bhfuil sé in am "Fine Gael Nua" a cheapadh.

MAR bharr ar an titim tacaíochta a d'fhulaing siad, chaill siad cuid de na daoine is fearr a bhí acu. I gcás Alan Dukes, is tubáisteach an chailliúint é. Tagann an sean-nath faoi "chaisleáin ag titim agus cairn aoiligh ag éirí" chun cuimhne. Is boichte go mór an Dáil gan é.

Ach an rud ba shuimiúla sa toghchán seo ná fás na bpáirtithe beaga - na Glasaigh agus Sinn Féin go háirithe. Má chuireann tú leo siúd líon mór na neamhspleách, is léir go bhfuil cineál vótála nua ar siúl agus go bhfuil an pobal níos toilteanaí triail a bhaint as páirtithe agus as iarrthóirí eile.

Tá sé seo tarlaithe cheana féin, i gcás na nGlasach go háirithe, i dtíortha eile de chuid na hEorpa. Ciallóidh sé go mbeidh éagsúlacht níos mó sa Dáil agus i ndiaidh an toghcháin seo tá cuid mhaith den éagsúlacht sin ar an eite chlé.

An bhféadfaí an neart sin a eagrú chun rogha rialtais den eite chlé a thabhairt dúinn? Gnáthpholaitíocht sa deireadh?

Tá na vótóirí nua ag iarraidh fiúntais, díograise agus obair chrua ar a gcuid iarrthóirí. Ní leor leo an lipéad, an chlú nó an stair.

Agus dá mbeadh sampla le leanúint ag na páirtithe móra, d'fhéadfadh siad i gcónaí breathnú ar mhodh oibre Shinn Féin. Tá guth tugtha acusan do dhaoine a d'airigh nár bhac na páirtithe eile leo.

Go símplí, muna mbíonn tú ar an tairseach lena ngearáin a chloisint, ní rachaidh siadsan thar an tairseach chun vótáil ar do shon.

Aige sin, a bhráithre, ceacht an lae inniu.