Cathracha

Crobhingne: Is í an chathair tearmann an neach siúil, dídean agus dún cosanta an fhánaí.

Crobhingne: Is í an chathair tearmann an neach siúil, dídean agus dún cosanta an fhánaí.

Is inti is saoire an duine, mar is inti is iomláine a scaoiltear an gad leis an tuath, leis an bparóiste beag cúng, leis na súile ag gliúcaíocht ón bhfuinneog.

Nuair ba phobal fáin é an cine daonna ar fad, bhí an duine siúlach ina shaoirse féin. B'fhada uaidh an nasc mistéireach amaideach seo leis an talamh.

Nuair a déanadh feirmeoirí dínn, áfach, beannaíodh an giodán seo talúna, nó an stráice úd cré, agus d'fhás rútaí amach as rúitíní an duine amhail is nach raibh ann ach feochadán colgach nó fraoch naoscaí.

READ MORE

Thug an chathair a dhúchas ceart ar ais dó ina bhféadfadh sé a bhóithre féin a shiúl agus a chuid conairí féin a cheapadh. Is gean liom féin an chathair mar déanann sí ainriail den riail, agus cuireann ainaithne san áit a raibh bréagaithne.

Tá gaol áirithe againn go léir le cathracha mura mbeadh ann ach gaol cuarda nó turais nó teilifíse. Bhíomar ar fad in Nua-Eabhrac lenár súile cinn, agus ní haon gheit cultúir ná preab iontais feasta é tuirlingt ann.

Is beag duine againn a bhí in Pyongyang, ach dá gclárófá anois in Arm an Impire b'fhéidir go mbeifeá ann gan aon rómhoill.

Bean i gCorca Dhuibhne dúirt sí liom tráth go raibh sí i gcathair Chorcaí aon uair amháin agus gur shamhlaigh sí teanntaithe isteach i mbosca mór gránna; theich Sean O'Faolain amach as a laghad is a chúinge a bhí an bosca céanna dó. Tá Baile Átha Cliath Duibhlinne faoi chomaoin ag Joyce, ach féach nach raibh sé sásta a nead a dhéanamh ann.

"What is the city but the people?" arsa Corialanus Shakespeare, agus bíodh gur seintimint bhreá dhaonlathach atá ann is eagal liom nach fíor é.

Caith oíche ar bith ar lic dorais shiopa, nó codail ar an tsráid más féidir, agus múscail le múscailt na cathrach agus chífir romhat an bhéist mhór ag éirí aniar, ag síneadh a géaga, ag croitheadh a cuid locaí agus ag ullmhú lena cosa a luail. Tá gach cathair mar a chéile san oíche, ach is ar maidin nuair a bhíonn na sreamaí á mbaint de na súile a bhlaistear í ina huath is ina haonar.

Mar a chéile, leis, iad lucht airgid gach cathrach ina n-óstáin ghlanbhearrtha; éagsúil iad na bacaigh, freastalaithe siopaí, lucht sráideanna a thrasnú, an scuaine bus. Fantar go deas umhal línebhéasach go caoin díreach ar son bus nó traim, abair, in Frankfurt; is cuma nó brútam buile teacht an bhus in áiteanna san Iodáil.

Ní foláir suíochán traenach aonair uimhrithe réamhcheapaithe neamhinaistrithe a chur in áirithe sa tSeapáin; is féidir leat suí ar an díon más mian leat san India.

Agus sin agat í an ghéarchéim atá roimh an gcathair inniu. An bhfuiltear chun síneadh den tuath a dhéanamh aisti ina mbeidh gach rud cóirthe, néata, piocaithe, eagraithe, ailínithe, ina ndéanfar na daoine a chrú ar maidin, agus a chur sa chró tráthnóna, agus a lomadh in am is i dtráth; nó ligean do dhúchas na cathrach fás agus craobhú ina aimhréidh álainn ag dul sa mhuileann ort ina praiseach éagruthach go trangláilte mírialta?

Tá an dá shórt againn cheana féin. An Ghinéiv, abair, ina maítear gur féidir an bia a ithe slán glan ó phábháil na sráide; nó, abair, Bratislava, áit nach bhfuil focal ar bith acu ar haute cuisine. An Bhruiséil, áit a bhfuil bianna blasta an tsaoil ar fáil d'fhonn cigilt a dhéanamh ar charbaill éiseallacha na móruaisle, nó Plovdiv ina bhféadfadh ae gé nó brach bhardail nó inchinn uain nó anraith ionathair a bheith os do chomhair faoi ainm éigin eile.

San Fhionlainn is féidir ticéad a cheannach do charráiste traenach nach bhfuil cead ag aon duine labhairt ann! San Éigipt, buailfidh gach duine bleid orthu, mura mbuaileann siad rud is measa ná sin ort, agus bíodh nach dtuigfidh tú focal is tú a bheidh buíoch nach n-inseofar duit cad tá sa chiseán sin ar ghlúine an té led ais.

Ní hiad Boston ná Beirlín an bhreith as dhá rogha níos mó, dar liom, ach Copenhagen seachas Cairó, nó Kyoto seachas Cathair Mheicsiceo. Ar leith amháin tá an bheatha ghinmhaolaithe, an banana díreach, an bus in am, an miongháire sna fiacla, an gal faoi rún, an tuar tairngrithe, an praghas socraithe; agus ar an leith eile tá an bheatha gan stiúir, an cúcumbar cam, an clár ama ficseanúil, an gáire ón gcroí, an toit ag tláithínteacht, an fháistine éiginnte, an margadh laethúil.

Ghluais an duine chun na cathrach d'fhonn éalú ón leamhas rialta. Is gairid go mbeidh air é a dhéanamh arís ar ais ar an taobh seo den domhan.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar