Cathanna luatha 50 bliain ó shin le teilifís Ghaeilge a bhaint amach

BLIAIN SPEISIALTA í seo do RTÉ agus ceiliúradh á dhéanamh ar bhunú na seirbhíse teilifíse leathchéad bliain ó shin.

BLIAIN SPEISIALTA í seo do RTÉ agus ceiliúradh á dhéanamh ar bhunú na seirbhíse teilifíse leathchéad bliain ó shin.

Díol spéise é an díospóireacht a bhain le ról na Gaeilge i saol na seirbhíse nuabhunaithe. Léiríonn cáipéisí ón tréimhse sin go raibh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar thús cadhnaíochta sa díospóireacht chun cás na teanga a chur chun tosaigh sa chraoltóireacht.

Thosaigh stocaireacht na comhdhála sna míonna beaga sular bunaíodh Telefís Éireann.

I mí Iúil, 1961, d’éiligh an chomhdháil cruinniú le hÚdarás Radio Éireann ar bhonn práinne chun áit na Gaeilge ar chláracha teilifíse a phlé mar aon leis na céimeanna a bhí le glacadh ag an tseirbhís nua le craoltóirí le Gaeilge a earcú.

READ MORE

Chuir an chomhdháil aighneacht thoirtiúil faoi bhráid an údaráis teilifíse i mí Mheán Fómhair, 1961.

Rinne sí cur síos ann ar dhualgais reachtúla an stáisiúin i leith na teanga de réir an achta a bhunaigh é agus áitíodh gur cheart polasaí a chur i bhfeidhm a chinnteodh go mbeadh formhór a chuid feidhmeannach in inmhe Gaeilge a labhairt tar éis cúpla bliain.

Dúradh gurb í an t-aon chúis gur tugadh cead do bhord stáit monaplacht a bheith aici i gcúrsaí raidió agus teilifíse ná nach bhféadfaí brath ar chuideachta neamhspleácha seirbhís a chur ar fáil a bheadh ag teacht le spriocanna cultúrtha an rialtais agus le hathréimniú na teanga ach go háirithe.

Cháin an chomhdháil a laghad feidhmeannach le Gaeilge a ceapadh agus an easpa stoc cláracha Gaeilge a bhí déanta ag an stáisiún.

Cáineadh fosta ráitis phoiblí a rinne cathaoirleach an údaráis chraolta, Éamonn Andrews, faoin teanga: “Use of such clichés as “not wanting to ram the language down the throats, eyes or ears of the viewers” tend to mislead the uninformed rather than enlighten public opinion.”

Mhol an chomhdháil go mbeadh an feasachán nuachta dátheangach nó dá mbeadh nuacht faoi leith i nGaeilge nach gcraolfaí é i bhfoisceacht uair an chloig don fheasachán Béarla.

Moladh fosta gur i nGaeilge a bheadh formhór na tráchtaireachta ar imeachtaí spóirt, go mbainfí úsáid as cúpla focal Gaeilge le linn seirbhísí leanúnachais agus gur trí mheán na Gaeilge a bheadh formhór na gcláracha do pháistí.

Ba cheart mealladh airgid a thabhairt as fógraíocht trí Ghaeilge, go gcraolfaí cláracha sainspéise go rialta a dhéanfadh freastal ar chultúr na Gaeltachta agus nach nglacfaí ach le hiarratasóirí le Gaeilge ar chúrsaí traenála an stáisiúin.

Go luath ina dhiaidh sin d’éirigh idir an dá eagraíocht nuair nach raibh cumas Gaeilge luaite mar choinníoll d’folúntais le haghaidh láithreoirí leanúnachais a fógraíodh san RTV Guide.

D’áitigh an chomhdháil nach mbeadh an tseirbhís ábalta cloí lena ndualgais reachtúla “unless announcers and other persons who will appear regularly on television are competent to broadcast in Irish”.

Thug Ard-Stiúrthóir Telefís Éireann, Edward J Roth, freagra ar aighneacht na comhdhála.

Dúirt sé gur tuigeadh na dualgais a bhí ar an tseirbhís i leith na Gaeilge ach gur treise i bhfad a gcuid dualgais i leith na craoltóireachta agus cobhsaíocht airgeadais ach go háirithe: “The authority’s obligations....have to be read in conjunction with its other obligations, including those of providing and maintaining a national broadcasting service and of being financially self-sufficient in the process.”

‘Ardchaighdeán’

DÚIRT ROTH fosta go raibh géarghá le seirbhís d’ardchaighdeán teicniúil agus ealaíonta a chur ar fáil: “This has obliged us to recruit, in all key areas, persons with high class television experience.

“Such experience has not been available in this country and it would be unrealistic to expect that these persons who necessarily have gained their experience outside the country should be proficient in Irish.”

Díomá agus alltacht a bhí mar thoradh air seo: “An chomhdháil finds it difficult to draw any other conclusion from the reply except that the authority has decided to give absolute priority to attracting advertising revenue, and considers that any use of Irish in the service would interfere with that aim,” a scríobh rúnaí na comhdhála chuig an Uasal Roth.

Bheadh a leithéid de pholasaí ag teacht salach ar an acht faoinar bunaíodh an stáisiún agus ar leasa phobal na hÉireann: “An chomhdháil notices, too, that a recent press report, so far undenied, suggests that the Authority will provide most of its programmes from imported thriller and cowboy films.

“If, as all this seems to suggest, the authority concentrates on maximising advertising revenue and bases programmes on the requirements of advertising agents, the justification for a publicly owned Irish broadcasting service is not clear.”

Scríobh rúnaí na comhdhála litir fheargach eile chuig an ardstiúrthóir ag deireadh na bliana sin lena n-uafás a chur in iúl faoina laghad cláracha Gaeilge a bhí luaite sa chéad sceideal a foilsíodh agus a léirigh “complete disregard” do chúrsaí teanga.

Ar deireadh thiar thall thoiligh an t-ardstiúrthóir go gcasfadh baill den údarás craoltóireachta le baill den chomhdháil go luath i 1962 ar an choinníoll nach n-eiseofaí aon ráiteas faoi go dtí na meáin roimh ré.

Ghlac an chomhdáil leis an choinníoll seo ach chlis ar an mhargadh.

Ráiteas ó chathaoirleach Údarás Radio Éireann a bhí i gcló in eagrán an 29 Nollaig, 1961, den RTV Guide a ba chúis leis an aighneas an iarraidh seo.

In aitheasc iar-lóin dúirt Éamonn Andrews nach raibh na heagrais Ghaeilge ar aon fhocal faoina raibh ag teastáil uathu ón teilifís, ná baol air: “If Irish Television agrees with one and disagrees with the other it stays in the firing line. It is one of those situations where its heads I win, harps you lose.”

‘Misleading’

MEABHRAÍODH dó gur scátheagraíocht a bhí sa chomhdháil agus go raibh na heagrais Ghaeilge ar fad aontaithe faoin aighneacht a cuireadh chun cinn:

“Your statement can only have the effect of misleading the public in this respect.”

Dhiúltaigh Andrews d’éileamh na comhdhála go dtarraingeodh sé siar an ráiteas seo go poiblí: “Alas, I believe every word of what I said...I cannot correct what I believe to be true,” a scríobh sé mar fhreagra.

Níos deireanaí, scríobh an chomhdháil chuig Roth ag gearán nár cuireadh “fair linguistic representation” san áireamh nuair a bhí an córas scór féachana TAM á chur ar bun.

Gan tithe áirithe a roghnú go gníomhach a bheadh báúil don teanga, d’fhéadfadh go gcuirfeadh an córas TAM an t-éileamh ar chláracha Gaeilge agus dátheangacha as a riocht.

Shéan Éamonn Andrews, áfach, go mbeadh aon tionchar ag scór féachana ar sceideal na teilifíse agus gur dócha go mbeadh rogha teanga na dtithe a roghnaíodh ionadaíoch go maith ar neart na Gaeilge sa cheantar sin.

I Meán Fómhair 1962 d’eisigh an tseirbhís chraolta cáipéis ghinearálta ocht leathanach faoi stádas na Gaeilge ar an teilifís.

Tugadh sonc ann do bhaill áirithe don chomhdháil a bhí ag iarraidh drochphoiblíocht a tharraingt ar an stáisiún “by accentuating the divisions on the question that exist in the country, by inflaming extreme views on both sides, by causing unsettlement among the staff of the television service, and by creating apprehensions among viewers that the service is to be turned into an instrument of propaganda”.

Ag deireadh na bliana 1963 chas an chomhdháil le hardstiúrthóir nua na heagraíochta, Kevin McCourt, leis an easpa Ghaeilge sa tseirbhís a phlé.

Bhraith an chomhdháil nach raibh aon ní úr le rá sa chur i láthair a rinne sé agus nach raibh aon pholasaí i leith an dátheangachais leagtha síos ag an stáisiún.

Chuir sin deireadh leis an chomhfhreagras idir an dá eagraíocht agus scríobh an chomhdháil go díreach chuig Aire Airgeadais an ama, an Dr Séamus Ó Riain, agus chuig an Aire Poist agus Telegrafa, Michael Hilliard, ag cur a míshástachta in iúl faoi dhearcadh an na seirbhíse teilifíse i leith na Gaeilge.

Chuir an chomhdháil an comhad ar fad faoi bhráid na n-airí agus d’éiligh go leasófaí an t-acht le dualgas beacht i leith na Gaeilge a leagan ar lucht na teilifíse.

I ndeireadh thiar thall ba léir gurb ag an chomhdháil a bhí na hargóintí ba láidre ach gurb ag an údarás craolta a bhí an chumhacht.


Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap

achtact – aighneasrow – báúilsympathetic – clárprogramme – coinníollcondition – comhfhreagrascorrespondence – córassystem – cruinniúmeeting – cúiscause – dearcadhview – dualgasduty – éileamhdemand – fógraíochtadvertising – folúntasvacancy – need – gníomhachactive – láithreoirpresenter – meánmedium – neamhspleáchindependent – polasaípolicy – soncnudge – stádasstatus – tioncharinfluence