Cathair cois Réine

BEOCHEIST: TÁ Köln éagsúil. Tuigeadh é sin dom agus gan ach lá caite agam sa chathair

BEOCHEIST:TÁ Köln éagsúil. Tuigeadh é sin dom agus gan ach lá caite agam sa chathair. Éagsúil i mbealach Gearmánach. Cathair í Köln ina dtagann go leor turasóirí chun an Kölner Dom a fheiceáil, ardeaglais sa stíl ghotach a tógadh le linn ré na Meánaoise agus a léiríonn an chumhacht a bhíodh tráth ag easpaig na cathrach ar a bpobal. Ní hamhlaidh atá in Köln na laethanta seo.

Is ar bhruach na Réine a tógadh an chathair breis agus 2,000 bliain ó shin. Na Rómhánaigh a bhí i gceannas an uair sin. Is féidir leis an turasóir dul ar turas báid agus radharc breá a fháil ar an tseanchathair, die Altstadt, ón abhainn. Nó rothar a fháil ar cíos.

Pé scéal é, tá Köln difriúil. Ní miste breathnú ar na staitisticí ar dtús. Is í Köln an ceathrú cathair is mó sa Ghearmáin ó thaobh daonra de agus beagán le cois milliún duine ina gcónaí ann. Agus is cathair mhór mac léinn í leis. Le linn na bliana acadúla, dealraítear gur mac léinn duine as gach deichniúr sa chathair. Samhlaigh, céad míle mac léinn!

Is i lár mhí Iúil a chaith mé féin agus beirt chomhghleacaithe liom seachtain sa chathair agus muid ag freastal ar scoil samhraidh téarmeolaíochta a bhí ar siúl i gceann d’institiúidí tríú leibhéil na cathrach, an Fachhochschule.

READ MORE

Tá an Fachhochschule suite thart ar scór nóiméad siúil ó lár na seanchathrach. Ní nach ionadh, ní raibh san ollscoil ach rannpháirtithe an chúrsa, leathchéad againn, agus corr-iarchéimí i mbun tráchtais.

Is ea, bhí an chathair tréigthe ag an gcuid is mó de na mic léinn. Ach ag bun an Severinstrasse, sráid mhór siopaí atá gar don Fachhochschule, thug mé faoi deara go raibh grúpa daoine óga agus agóid ar siúl acu, agóid ar cuireadh tús léi i lár mhí an Mheithimh. Dúradh liom gur ag léiriú tacaíochta a bhíodar don aos óg san Aithin agus i Maidrid atá faoi chois ag an ngéarchéim airgeadais agus ag an gcóras caipitleachais.

Ocht nó naoi bpuball a bhí curtha in airde acu ar Severinstrasse, áit a bhféadfaidís codladh na hoíche a fháil. Agus bhí seastán breá acu ina raibh bileoga á ndáileadh ar an bpobal, idir lucht siopadóireachta agus spaisteoirí lae ar nós mé féin, ag míniú a gcúise agus ag cur fáilte roimh dhaoine tamall comhluadair a chaitheamh leo chun an cheist a phlé.

Daoine dúthrachtacha iad go cinnte, ach réchúiseach leis. Dea-aoibh orthu ar fad. Ach ar chloisteáil dóibh nach raibh daoine óga in Éirinn amuigh ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh chun an míshásamh céanna a léiriú, bhí idir dhíomá agus ionadh orthu.

Casadh orm póilín an tráthnóna céanna – fáinne cluaise á chaitheamh aige, sin an sórt áite í Köln – agus chuir mé ceist air ar chuma le lucht gnó na sráide go raibh an agóid mar a bheadh ar tairseach an dorais acu. Go bhfios dó féin, ní raibh focal gearáin cloiste ag na póilíní faoin bhfeachtas, ón lucht gnó nó ó aon duine eile.

“Bhí na feachtasóirí ar Rudolfplatz roimhe seo,” a dúirt an póilín liom. “Ach bhí orainn iad a bhogadh go dtí an láthair seo ar Severinstrasse de bharr cúrsaí tráchta. Ar aon nós, is fearr a oireann an áit seo don agóid atá ar bun acu.”

Chaith grúpa againn ón scoil samhraidh an bricfeasta le chéile an mhaidin dár gcionn. Tharla go raibh beirt Ghearmánach ina suí taobh liom agus níorbh fhada gur thosaíomar ag caint faoi chúrsaí gheilleagair san Eoraip agus sa Ghearmáin go háirithe.

“Táimid go léir buailte ag an ngéarchéim, fiú sa tír seo,” a dúirt bean amháin liom. “Agus tá sciar maith den phobal sa Ghearmáin den tuairim nach fiú bheith ag íoc feasta as fiachas na Gréige nó tíortha eile.”

Mhínigh sí dom gur ardaigh rialtas Angela Merkel na rátaí cánach sa Ghearmáin le deireanas, go bhfuil fad curtha leis an tseachtain oibre agus go bhfuiltear ag brath ar an aois scoir a ardú.

“Níl aon slaitín draíochta ag an nGearmáin, nó ag an Eoraip, a réiteoidh an staid ina bhfuil cúrsaí faoi láthair,” a dúirt sí. “Níor cheart go gceapfaí go bhfuil cóir fhioscach á brú ag an nGearmáin ar thíortha eile. Tá bearta gátair i bhfeidhm anseo freisin.”

Chuimhnigh mé ar bhean óg, oibrí sláinte, ar bhuail mé léi ag an bhfeachtas ar Severinstrasse an tráthnóna roimhe agus ar an méid a bhí le rá aici liom: “Is gá dúinn seasamh le chéile agus tacaíocht a thabhairt dá chéile chun teacht slán as an ngéarchéim reatha. Ní ceist airgid amháin í seo.”

Lean sí uirthi: “Tá an Eoraip mar a shamhlaigh Konrad Adenaur agus Jean Monnet í faoi bhrú. Cuimhnigh nach raibh cogadh san Eoraip ó bhí 1945 ann. Nach é sin an fáth ar cuireadh an tAontas Eorpach ar bun sa chéad áit?”


Fillfidh Alan Titley ar an tseachtain seo chugainn