Cathair an chultuir

 

Crobhingne: Tá tréimhse Chorcaí mar phríomhchathair chultúir na hEorpa ag teacht chun críche an tseachtain seo.

B'fhearr liom nach ndéanfadh an chuid agaibh nach bhfuil an bhaint is lú agus is caoile agaibh leis an lárionad cultúir seo an smiolcadh gáire is seanbhlastúla agus is táire dá laghad ina taobh.

Mo thuairim féin nár cheart gradam chathair chultúir na hEorpa a bhronnadh riamh ar Chorcaigh don bhliain 2005, mar is cathair chultúir Eorpach riamh anall í. Cad ina thaobh go ndéarfá go bhfuil uisce fliuch nó go bhfuil gaineamh ar an trá?

Ina choinne sin, tá searbhphusanna eile ann atá ag maíomh go bhfuil an chathair cois Laoi ag filleadh ar an ainaithnidiúlacht is dual di tar éis bladhmainn bhig agus mionmhórtais na bliana.

Ach fóill orthu siúd agus ar gach laingear eile lasmuigh den cheartchreideamh.

B'fhéidir go raibh féile chultúir ann agus nár tháinig aon duine, agus b'fhéidir go raibh comórtas gearrscéalaíochta ann a léirigh nárbh aon oidhre ar an gConchúrach ná ar an bhFaolánach scríbhneoir Éireannach comhaimseartha ar bith, agus b'fhéidir nár chuir prionsaí airgid na cathrach a gcuid airgid san áit a raibh a gcuid luamhanna, ach ina dhiaidh sin, níorbh aon chúis mhagaidh an bhliain mar le cultúr de.

Bhí na tubaistí ann, gan amhras, arbh é bás Mhichael Davitt an ceann ba mhó díobh. Crann taca na filíochta agus na héigse é a spreag agus a stiúraigh réabhlóid i litríocht na Gaeilge a bhfuilimid ar fad faoina chomaoin.

Ach thairis sin, agus níos tábhachtaí ná sin, b'é file cathrach na Gaeilge par excellence é, file a raibh idir chruas, agus ghreantacht agus ghreann thar na bearta ann. Bhain a bhás de chultúr na hÉireann, ní áirím de chultúr Chorcaí.

An chéad uair dar chuaigh mé féin go Baile Átha Cliath ó chathair an chultúir is mar chuid de chomplacht aisteoirí meánscoile a thaistil mé. Scaoileadh saor ar fud an bhaile mhóir sinn. Sheas mé agus cara liom i lár Shráid Uí Chonaill agus sinn idir seacht gcomhairle.

"Cad ina thaobh nach siúlfaimis go foirceann na cathrach?" arsa mise leis, an dóchas sin gurb í d'áit féin ceartlár na cruinne ag boinneadh aníos ionam. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, is ó dheas, seachas ó thuaidh a ghabhamar. Trí uaire an chloig ina dhiaidh sin bhíomar amuigh ag droichead. Agus sinn in am don bhus deiridh ar éigean. Is ansin a tuigeadh dom nárbh ionann an dá chathair ó thaobh méide de.

Níorbh é Donncha Ó Muimhneacháin, an rinceoir gasta bríomhar gealchosach, mo pháirtí san eachtra; ach bhí sé ina shlánchuid den dráma a bhí le léiriú againn. D'imigh seisean uainn, leis, ón gcathair agus ón gcultúr i rith na bliana.

Ina choinne sin, chuir John Spillane a albam nua Hey Dreamer ar sheol, agus dheimhnigh a ionad i measc na gceoltóirí sin a shiúlann an teora go héiritheach idir bhlús agus roc agus fhóc. Seod i lár seoda is ea an t-amhrán teidil, agus tugtar an paisean buile a thiomáineann The Madwoman of Cork Phatrick Galvin amach go fiata.

Is den cheart, mar sin, a cuireadh amach ollchnuasach d'fhilíocht Louis de Paor. Duine é Louis a bhfuil guth na cathrach ina chuid dánta, guth Corcaíoch nach ionann é agus guth bog plámásach iarthar an chontae, ná guth na cathrach nár fhág agus a d'fhan.

Is deacair don Chorcaíoch cathrach a bheith umhal, áfach, mar ní dual dó an bhréag. Má tá duine ar bith leath chomh maith leis, tagann coimpléasc ísleachta air. Lorgaíonn sé fianaise ar a laigí, agus teipeann air teacht orthu dá fheabhas a mheabhair agus a chúilfhéith.

Má chuirtear ceist air cad í an uimhir is ansa leis i mbliana, freagróidh sé gurb í an uimhir a tríocha í, gan bhréig. Déarfaidh sé gurb uimhir dheas chruinn chomair shlán í, uimhir d'uimhreacha na cinniúna.

Agus nuair a scríobfaidh tú beagán níos doimhne ná sin, gheobhair amach gurb í sin uimhir na gcraobhacha Éireann atá bainte ag Corcaigh san iomáint, agus is í an iomáint an cultúr is cultúrtha sa tír.

Ní déarfar leis an bhfuinneamh céanna leat gur bhuaigh siad an chamógaíocht, agus peil na mban, agus léig Eircom sa tsacar, mar ní mian leo an rómhaíomh. Ach thiocfadh a leithéid amach as an gcranntabhail d'aon urchar dá mbeadh aon amhras ort maidir leis an iomáint.