Caoga bliain ag fas

Is é an tAire Éamon Ó Cuív a osclóidh Daonscoil na Mumhan go hoifigiúil seachtain ón Satharn i gColáiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach…

Is é an tAire Éamon Ó Cuív a osclóidh Daonscoil na Mumhan go hoifigiúil seachtain ón Satharn i gColáiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach, Co Phort Láirge, ag 8.15 p.m. Is é "Caoga bliain ag fás" téama na bliana agus mairfidh an scoil go dtí Dé Sathairn 24ú Lúnasa.

Le linn na seachtaine, beidh léachtaí ar ábhair dhifriúla, ranganna Gaeilge agus ceol.
I measc na gcainteoirí, beidh an Dochtúir Máire Ó hEarchaidh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag caint ar "Éire mar a bhí ag tús na 1950í".

Labhróidh an t-iriseoir, Colm Ó Tórna, ar "Mar a d'athraigh Éire idir 1952 agus 2002" agus pléifidh an tOllamh Máirtín Ó Murchú ó Institiúid Ard-Léinn na hÉireann, cás na Gaeilge le 50 bliain anuas.

Ach ní ag amharc siar a bheidh an chomhdháil ar fad.

READ MORE

Beidh siompóisiam ar Thodhchaí na Gaeilge ar siúl. Ar na cainteoirí, beidh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha, Leas-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, ionadaí de chuid Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, Helen Ó Murchú agus stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ball de Choimisiún na Gaeltachta, Peadar Mac an Iomaire.
Eolas: 061-228791