Camchuairt an cheoil

Tabharfaidh an pianadóir claisiceach Míceál O'Rourke deich gceolchoirm i gceantair Ghaeltachta i mí Feabhra agus Márta - an chéad…

Tabharfaidh an pianadóir claisiceach Míceál O'Rourke deich gceolchoirm i gceantair Ghaeltachta i mí Feabhra agus Márta - an chéad uair do phianadóir dá chlú a leithéid a dhéanamh.

Tá cáil idirnáisiúnta ar O'Rourke. Seinneann sé ina aonar agus le ceolfhoirne náisiúnta. Beidh ceol le Chopin, Schubert agus Prokofiev mar chuid dá chlár ceoil.

Beidh sé in: Inis Oírr Dé Sathairn 23ú Feabhra; Acaill Dé Luain 25ú Feabhra; Béal a Mhuirthead Dé Máirt 26ú Feabhra; Na Forbacha Dé Céadaoin 27ú Feabhra; Daingean Uí Chúis Dé hAoine 1ú Márta; Oileán Chléire Dé Luain 4ú Márta; An Rinn Dé Céadaoin 6ú Márta; Baile Uí Bhúirne Dé hAoine 8ú Márta; Ráth Cairn Dé Sathairn 9ú Márta; Gaoth Dobhair Dé Domhnaigh 10ú Márta.

Eolas: 091-553567/592174