Caint na ndaoine

Beocheist: Samhlaítear dom go bhfuil cuid mhaith den saibhreas cainte - idir Ghaeilge agus Bhéarla - a bhíodh againne Éireannaigh…

Beocheist: Samhlaítear dom go bhfuil cuid mhaith den saibhreas cainte - idir Ghaeilge agus Bhéarla - a bhíodh againne Éireannaigh caillte againn, nó mura bhfuil féin go bhfuil sé ag trá go tapa uainn.

Ní ag gearán atá mé ach is trua liom é, mar sin féin. Go deimhin, is dócha nach bhféadfaí bheith ag coinne lena mhalairt i bhfianaise na n-athruithe go léir atá tagtha - agus atá ag tarlú in aghaidh an lae - ar shaol ár linne.

Is toradh nádúrtha é, is dócha, ar an méadú ar an gcathrú agus ar an luaineacht nua atá ar ár gcumas, anois go bhfuil an t-airgead againn chuici, gan trácht ar thionchar na meán cumarsáide, idir na meáin chlóite agus eile, ná ar an ardú i líon na dturasóirí a thagann chugainn.

Annamh go leor anois a airíonn tú an chaint lán de na samhlaoidí agus den íomháineachas faoi mar a bhíodh le cloisteáil uair amháin, go mór mór as a mbéal san go raibh cúlra na tuaithe acu agus a tháinig faoi anáil na scéalaíochta i mblianta a n-óige.

READ MORE

Ach, ar ndóigh, ní ag muintir na tuaithe amháin a bhíodh an toirt sin sa chaint; bhí sí go flúirseach freisin ag lucht na cathrach, go háirithe ag na seandaoine.

Tagann fear amháin chun na cuimhne chugam, fear gur bhreá liom i gcónaí bheith ag éisteacht lena mbíodh le rá aige.

Dá mbeadh sé ag cur síos, mar shampla, ar dhuine éigin a bhí an-ghlic agus tugtha don chleasaíocht, níor dhóichí cur síos a dhéanfadh sé ná: "He'd go to Lambay in a bucket!"

Agus dá mba dhuine aineolach a bheadh faoi chaibidil aige déarfadh sé rud mar: "He's as thick as the butt of Nelson" nó "He's as thick as a cartload of manure."

Ní hé an saibhreas cainte amháin atá caillte againn, is cosúil, ach an chairdiúlacht agus an chroíúlacht chomh maith, más fíor a ndúirt saineolaí éigin fúinn le déanaí. Agus ní hionadh san, mar tá ceangal idir an dá rud, is dóigh liom.

Ach is mó ná trá an tsaibhris atá le sonrú ar ár gcuid cainte na laethanta seo, i mo thuairim féin, mar ní hannamh an tsaorgacht ina ghuth ag cainteoir anois, an blas agus an tuin ardnósach.

Go deimhin, feictear dom gur ceann de chomharthaí ár linne é (aois an ratha agus an dul-ar-aghaidh sa saol) go gceileann duine chomh fada agus is féidir leis an rud a thug sé ón gcliabhán leis is go ndéanann sé é féin a chlúdach le fallaing an chur-i-gcéill.

N'fheadar ó thalamh an domhain cad a thugann ar dhaoine an saghas san nósmhaireachta a tharraingt chucu.

D'fhéadfadh, go deimhin, go bhfuil cúis stairiúil leis - an chuimhne fhochomhfhiosach ar an ré nuair a fhéachtaí ar gach a bhain le pobal na tíre seo (go háirithe le pobal na tuaithe agus, ar ndóigh, b'iadsan an móramh ag an am) mar chomhartha den bhodúlacht, den aineolas agus den easpa béasa.

Ach is fada imithe an tráth sin anois agus níl tada fágtha le cruthú againne Éireannaigh do chine ar bith eile ar dhroim na cruinne.

Ar aon nós, bíodh an gheáitsíocht préamhaithe sa stair nó ná bíodh, níl ann i ndáiríre ach sodar i ndiaidh na n-uasal agus ní dóigh liom féin gurb ionmholta an ní é bheith ag sodar i ndiaidh roinnt díobhsan a fhéachann orthu féin mar uaisle an lá atá inniu ann.

Maidir leis an nGaeilge, bhí an tráth ann nuair a bhíodh na Gaeilgeoirí móra á chaitheamh le cosmhuintir na teanga nach raibh saoithiúlacht na teanga céanna á léiriú i gceart acu.

Níor shíleas féin riamh gur thuig na boic mhóra i gcónaí cad díreach a bhí i gceist acu leis an bhfocal san.

Is í mo thuairim gurbh é a bhíodh ag cur as dóibh ná go mbíodh na daoine eile ag smaoineamh as Béarla agus ag labhairt as Gaeilge, sa chaoi is go mbíodh an chaint ciotrúnta dá réir.

Uair dá raibh, bhínn ag feidhmiú mar mholtóir ag na comórtais chainte a bhíodh ar siúl ag an iliomad feis a reachtáiltí an tráth san.

Bhíodh na scórtha leanaí chugat agus na créatúir ar a ndícheall ag iarraidh iad féin a chruthú i dteanga nach mbíodh gar do bheith ar a ndeis acu.

Bhí feis amháin a bhí sách tábhachtach le go mbeadh beirt mholtóir ar an gcomórtas agus ar an ócáid seo bhí cailín beag áirithe go maith chun tosaigh ar gach iomaitheoir eile, ach ní aontódh mo chomhghleacaí mar mholtóir duais a thabhairt di toisc go raibh blas na cathrach ar a cuid Gaeilge agus gan "saoithiúlacht na teanga" aici dá bharr san.

Ba shine agus b'údarásaí eisean ná mise agus mar sin ní bhfuair sí an bonn.

Ní dhéarfaidh mé a thuilleadh faoin scéal.