Caint Mhacha

Tabharfaidh an Dochtúir Francis Costello, staraí agus cathaoirleach Boston-Irish Ventures, caint ar "The Irish Revolution and…

Tabharfaidh an Dochtúir Francis Costello, staraí agus cathaoirleach Boston-Irish Ventures, caint ar "The Irish Revolution and its Aftermath: 1916-1923" seachtain ón oíche anocht ag 8 p.m. i Leabharlann agus Cartlann an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich, Ard Mhacha.

Chaith Costello sealanna ag léachtóireacht ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste; Ollscoil Columbia, Nua-Eabhrac agus ar Choláiste Boston. Tá dírbheathaisnéis ar Terence McSwiney agus Michael Collins scríofa aige agus is é The Irish Revolution and its Aftermath: 1916-1923 a leabhar is deireanaí.

Is é Cumann Seanchais Ard Mhacha atá i mbun na hócáide agus is é an chéad chaint é i sraith ar stair na hÉireann idir 1912 agus 1923. Eolas: 048-37522981 nó eolas@ofiaich.ie