Caint - agus maslaí - na ndaoine

CROBHINGNE: AS LÁR na doircheachta deireadh bliana lasann solas

CROBHINGNE:AS LÁR na doircheachta deireadh bliana lasann solas. Solas beag fánach nár mhair ach ar feadh seal beag róghairid. I measc na mbréag agus an bhladair scaoil duine amháin amach an rud a bhí ina chroí istigh.

Bheadh Paul Gogarty ina theachta dála na bliana murach gur ghabh sé leithscéal láithreach as an mbleaist bhreá a scaoil sé uaidh, agus gur chuaigh sé i bhfolach ina dhiaidh sin.

Den oidhreacht amaideach a rugamar linn ón dubhaois choilíneach tá an “chaint neamhphairliminteach” ar cheann chomh breallsúnta le do gháire maol. Is féidir do rogha rud, nach mór, a chur i leith teachta mála ar bith sa Dáil faoi bhun bréaga a chur ina leith, ach tá focail bhreátha áirithe nach féidir leat a chaitheamh chuige nó chuici.

Ba dhóigh leat go salódh siad aer na háite agus go dtuirlingeodh scamall cáidheach ar an gcruinniú dá scaoilfí siollaí áirithe ar fud an urláir. Bíonn caint na Dála chomh leamh le tréadlitir de ghnáth agus chomh seanchaite le heagarfhocal nuachtáin.

READ MORE

Ba bheag duine a mhaífeadh nár chomaoin ar an gcabaireacht é go bhféadfaí “corner boy,” “guttersnipe”, “scumbag,” nó “chancer” a thabhairt ar dhuine ar buachaill cúinne, nó gutarsnaidhp, nó scudalmhála nó seansaire é le fírinne.

Teorannaíonn an chinsireacht seo an fhírinne maidir le formhór na gcúlbhinseoirí nach bhfuil de chúilfhéith iontu ach a bhfuair siad ón gcúinne céanna.

Ceist níos cigiltí ar fad is ea cad ina thaobh nach féidir “west middleton towel dropper,” ná “uptown nightie boy,” ná “old farmer’s hand warmer,” a thabhairt ar dhuine ar bith. Is ea, tá cosc orthu siúd de réir rialacha na Dála!

Ní léir dom gur gnáthmhaslaí iad sin ar bhéala daoine oíche Shathairn nuair a dhúnann an pub. Ina dhiaidh sin, is léir go bhfuil stair mhodartha éigin á leanúint, agus ba thrua iad agus a macasamhail a ligean i ndíchuimhne.

Tá an chuma air gur nós breá lofa Victeoiriánach Angla-Shacsanach é seo, i leataoibh ón Astráil. Ansiúd thuas, seachas nach ceadaithe duit “bréagadóir” a thabhairt ar dhuine ar bith, tá saoirse na bhfiacla agat agus gaoth na bhfocal.

Nuair a bhí Paul Keating ina phríomhaire ansin ghealaigh sé lá agus oíche le caint na ndaoine. Bhí de bhuntáiste ag muintir na hAstráile gur de shliocht coirpeach agus síol gadaithe iad agus nár go rómhaith a thuig siad caint phairliminteach. Thug Keating “cane toad” ar dhuine den fhreasúra, agus “desiccated coconut,” ar dhuine eile, “stupid foul-mouthed grub” ar dhuine eile fós, agus “all tip and no iceberg” ar dhuine eile fós arís. Samhlaigh leat an Dáil!

Ach baineann seo ar fad leis an mBéarla. Ní léir go bhfuil cosc ná teir ná bac ar bith ar chaint neamhphairliminteach sa Ghaeilge.

Agus is í an Ghaeilge atá saibhir maidir le paidreacha agus le maslaí araon, ach gurb ag na maslaí atá an lá.

Abair go bhféadfá “a ghlugaire,” a lua le polaiteoir nuair a osclaíonn sé a bhéal, agus “straoiseachán” a thabhairt air nuair a bheadh deireadh ráite aige.

Táid ann a thabharfadh céirseoigín, badbhóir, strabhsachán, sclamhachán, blobaire, sleamaire, rúscaire, gliceadóir nó brumaire ar pholaiteoirí.

Dúirt Joe Duffy le déanaí go raibh ag smaoineamh ar dhul le polaitíocht. Is ionadh sin, mar is canránaithe agus cantalóirí agus clamhsánaithe agus gluaireánaithe agus seamsánaithe is mó a bhíonn ag glaoch isteach ar an raidió chuige.

Agus dá dtoghfaí don Dáil é is ciarsánaithe agus cnádánaithe agus cnáimhseálaithe agus gliocsálaithe agus glíomálaithe agus gligreachánaithe a bheadh os a chomhair amach. Ba dheacair d’aon ghiobstaire glic cur suas leis sin.

Ní hé gur fudar fadar ar fad é Paul Gogarty, ach go raibh ceal foclóra air.

An teachta mála ar mian leis nó léi an fhírinne a insint gan fíoch an Cheann Chomhairle a tharraingt, slogadh sé Cén Sórt Éle Tomás Ó Fiacháin, agus ní bheifear in ann corc a chur ann de réir rialacha na Dála.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar