Ca raibh tu?

Crobhingne: Cá raibh tú, mar sin? An cheist a chuirtí go coitianta ar dhaoine de ghlúin áirithe amhail is go raibh athrú iomlán…

Crobhingne: Cá raibh tú, mar sin? An cheist a chuirtí go coitianta ar dhaoine de ghlúin áirithe amhail is go raibh athrú iomlán saoil cuimsithe laistigh den fhreagra is gur chrith an talamh.

Ba dhóigh leat gur mhó de léaspairt é ná nuair a nocht 'fíricí na beatha' chugat amach as faoi bhun an stumpa chabáiste, nó nuair a tuigeadh duit nárbh ann do Shantaí Clás níos mó.

Cá raibh tú nuair a fuair tú scéala fheallmharú JFK, an tUachtarán Seán físGhearaltach Ó Cinnéide, duine dínn féin, de shliocht Ír is Éibhir is gas sárfhuilteach de Bhánchnoic Éireann Óighe?

Ceist gan dealramh do dhuine ar bith faoi bhun dhá scór bliain agus aois na cuimhne le cois, ach ceist ar gheall le marc í, ar chuma nó rite de passage é ar feadh i bhfad.

READ MORE

Níor tada é adhmholadh greanníoróineach é Edmund Burke ar Mharie Antoinette ("surely never lighted on this orb, which she hardly seemed to touch, a more delightful vision" agus a thuilleadh candaí flas thairis) suas is anuas leis na hósannannaí agus na húrla múrla gártha lenar fáiltíodh abhus roimh an gCinnéideach groí.

Bhí cúis leis, ar ndóigh. Den chéad uair riamh d'éirigh le sliocht sleachta na ndíbeartach bocht as Éirinn an teach mór bán in Washington a bhaint amach ón teach beag bán in ascaill an ghleanna faoi bhun chnoc an tuí. Fairis sin, ba Chaitliceach é a scaoil an greim a bhí ag pucha waspúla glégheala de shíol Bhreataine ar chóras polaiticiúil na Stát Aontaithe.

Bhí sé dea-chumtha péacach dathúil dea-ghnúiseach óigeanta murab ionann agus na feosaithe craptha críona a chuaigh roimhe go fiú má tháinig an snua deas donn ar a leicne ón stiúidio seachas ón ngrian lasnairde. B'é tuairim na nuachtán a shocraíonn na nithe seo go raibh bean chéile álainn aige, fág gur shíl daoine eile go raibh a dhá súil rófhada óna chéile in uiseanna a cinn.

B'é ár rí thar sáile é a tháinig anall ar ais agus a dheonaigh siúl inár measc. Léirigh sé go rabhamar tagtha in inmhe, réidhullamh dár gcéad bhríste, in aois náisiúin, go bhféadfaí feartlaoi Emmet a scríobh, go rabhamar 'aibí' faoi dheoidh is faoi dheireadh.

Labhair sé le briathra milse bladartha mar a bheadh oracal ann; d'éisteamar lena chuid focal agus chlasaíomar chugainn iad ar shlí go raibh siad de mheabhair ghlan ag glúin ógánach, mar a bhíodh an caiticeasma roimhe sin agus natháin ghlicfhoclacha Mhao ina dhiaidh. Bhí an tséimhe bhlárnach sin aige nach mbíonn ach ag daoine a fhéachann ar scannáin GhaelMheiriceánacha nó a dheineann staidéar ar dhrámaí John Millington Synge. Bhí smacht aige ar an sos drámatúil idir na focail a bhreac a chuid scríobhaithe dó, agus ba ghile na gile a chuid fiacla ag glioscarnach le draíocht druaga.

Aois ar bith eile agus dhéanfaí dia de. Bhí a phictiúr in airde ar bhallaí cistine i dteannta ceann den chroí rónaofa. Tar éis a bháis lastaí coinnle os comhair na bpictiúr sin amach, agus leagtaí bláthanna go rialta. Greanadh a shamhail i mionchloich mosáice in ArdEaglais na Gaillimhe i dteannta na naomh seanbhunaithe. Bualadh boinn speisialta airgid ina chuimhne.

Bhí mangaire ag déanamh a chóta bháin as i lár na tíre ag díol ribí gruaige den fhíoruachtarán mar bhí cumas acu galair éagsúla a leigheas - an ghaofaireacht gháifeach, an dronn camallach, an cam seilide, an t-éagruas éagrothach, bailbhe héilí ré, agus go háirithe tríú galar an tsléibhe - le cumhacht a gcuimilte amháin.

Bhí tóir thar chuimse ar stiall den chraiceann a theangmhaigh le craiceann Marilyn Munro, á cheapadh ag daoine go raibh bua faoi leith afraidizziach aige. B'é an cíoná ar fad, ar ndóigh, an fánaí slim slíobach a mhaígh go raibh an piléar fírinneach aige ar leor é a fháscadh id dhorn ar feadh leathnóiméid d'fhonn guí ar bith a dhéanamh a bhain le poll, agus go bhfíorófaí é.

Níl aon amhras ná go raibh sé ar an mbóthar ard chun na naofachta - agus níos airde, dá mb'fhéidir - go dtí gur chrom smut-hucstairí ar smutanna smuite a hucstaráil ina thaobh. Níor mhair sé chun go bhféadfadh sé a chuid faoistine beathaisnéise a dhéanamh ar nós Agaistín, nó aithreachas a dhéanamh ar nós Chathail Bhuí, nó a scéal a reic le Giobal an Lae. Chuir an t-urchar ón tortán féarmhar deireadh leis sin, agus fágadh sinn gan rí, gan choróin, gan íol, gan uachtarán, gan naomh.

Cá raibh mise? Ag iarraidh mo chuid céille a choimeád.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar