Cúrsa ilmheán

TÁ CÚRSA úr ilmheán d’fhoghlaimeoirí fásta, Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level (Gaelchultúr, €37

TÁ CÚRSA úr ilmheán d'fhoghlaimeoirí fásta, Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level(Gaelchultúr, €37.50), scríofa ag Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúr, Éamonn Ó Dónaill.

Dúirt sé gurbh é seo “an chéad chúrsa Gaeilge riamh atá le fáil ar líne agus mar leabhar ag an am chéanna. Níor chuir muid tús leis an fheachtas margaíochta go fóill ach tá chóir a bheith leathchéad cóip díolta againn”.

Bhí cúrsa le leabhar agus dhá dhlúthdhiosca le ceannach agus leagan idirghníomhach ar fáil ar líne ag www.ranganna.com, áit a dtiocfadh le daoine triail a bhaint as saor in aisce.

Bhí an tionscnamh dírithe ar dhaoine a raibh staidéar déanta acu ar an Ghaeilge am éigin roimhe sin agus cuimhne éigin acu uirthi fós, a dúirt sé.

READ MORE

Bhí sé mar aidhm ag an chlár oibre “na scileanna teanga a mhúineadh d’fhoghlaimeoirí a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacsanna laethúla agus cuidiú leo cainteoirí de chuid na gcanúintí éagsúla a thuiscint.”

Chuir an cúrsa béim ar scileanna labhartha agus éisteachta a fheabhsú agus tugadh seans don fhoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh.

Dúirt an Dálach go raibh an comhlacht ag tógáil ar an obair a bhí déanta acu cheana féin sa réimse seo: "D'éirigh go hiontach leis an ghraiméar, Gramadach gan Stró!, a d'fhoilsigh muid ag tús an tsamhraidh dhá bhliain ó shin. Tá breis is 4,600 cóip díolta againn go dtí seo agus beidh eagrán nua den leabhar á fhoilsiú againn i dtreo dheireadh na bliana.

“Léiríonn sé sin go bhfuil margadh ann do leabhair atá dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta agus tá muid dóchasach go mbeidh an-ráchairt ar an chúrsa nua seo ag meánleibhéal 1 chomh maith.”