‘Cúis bhuartha’

AGUS próiseas nua comhairliúcháin fógartha ag Foras na Gaeilge faoin tSamhail Nua Mhaoinithe, d’fhógair na 19 eagras bunmhaoinithe…

AGUS próiseas nua comhairliúcháin fógartha ag Foras na Gaeilge faoin tSamhail Nua Mhaoinithe, d’fhógair na 19 eagras bunmhaoinithe inné gurbh ábhar imní acu go raibh an foras le deireadh a chur lena maoiniú.

Athrú ó bhonn ar chúrsaí maoinithe teanga a bheadh i gceist leis an chóras nua maoinithe. In áit eagras a mhaoiniú le hobair a dhéanamh in earnáil ar leith, is mian leis an fhoras conradh a bhronnadh ar iomaitheoirí le scéimeanna a reáchtáil ar feadh tréimhsí socraithe.

Thug na heagrais dheonacha le fios go gcuirfeadh cur chuige nua seo “ar bhonn córas scéimeanna iomaíocha dochar tromchúiseach, do-leasaithe don Ghaeilge ... Murab ionann agus an saol tráchtála mar a gcuirtear seirbhísí ar conradh, ní oirfeadh cur chuige ar bhonn tairiscintí chun freastal ar riachtanais an phobail ó thaobh na Gaeilge de”.

Dúirt siad go ndeachaigh moltaí an fhorais “i gcoinne choincheap na pleanála teanga agus an riachtanas go mbeadh leanúnachas i soláthar seirbhísí. An acmhainn is mó atá ag na heagraíochtaí ná an fhoireann atá ag obair dóibh. Faoi réir mholadh an fhorais, áfach, bheadh ar gach eagraíocht scaoileadh leis na fostaithe acu a bhfuil a bpostanna á maoiniú ag an fhoras”.

READ MORE

D’aithin na heagrais an gá leis an luach airgid ab fhearr a fháil ach ní fhacthas dóibh go ndéanfaí sin faoin tsamhail nua.