Cén rogha?

CROBHINGNE: TÁ AN Dáil ar scor ar feadh cúpla mí agus braithfidh daoine uathu an greann rialta

CROBHINGNE: TÁ AN Dáil ar scor ar feadh cúpla mí agus braithfidh daoine uathu an greann rialta. Ceal cláracha áilteoireachta eile ar RTÉ, b’fhiú i gcónaí féachaint ar Inniu san Oireachtas idir babhtaí suansiúla d’fhonn do dheimhne a fháil go raibh an tír i lámha slán sleamhain. Tabhair dúinn inniu ár ngáire laethúil is go ndéantar go tur ar an talamh mar a dhéantar go leamh.

Cabaireacht pholaitiúil is mó a dhallann ár gcluastuiscint ar maidin ar an raidió, agus arís san oíche. Bíonn romhainn ar an nuachtán agus inár ndiaidh arís san iris. Bíonn an t-aer ramhar le polaitíocht, agus fós vótáilfimid na daoine a vótáilfimid. Tá plé leanúnach ar an nuachtán seo maidir le conas athbheochan a dhéanamh ar an bpoblacht bhocht againn féin. Gluaiseann na smaointe idir tuairimí Ed Walsh a mholann go saonta níos mó eolaithe a bheith san Rialtas, agus simidí neamhchéille lucht gnó a shíleann gur tionscal is ea atá sa tír. Dearmadtar an t-am ar fad an bhó atá i lár na buaile istigh, murab ionann agus an eilifint atá ar an macha lasmuigh.

Sinne a dhein an vótáil, agus is sinne a dhéanfaidh an vótáil arís. Más tú a chaith guth ar son FF le deich mbliana anuas, nó a chuir scríob ar an bpáipéar ballóide ar son duine de na glasraí an uair dheiridh, tá do chuidse lámha smeartha le ciontacht chomh maith leis an gcách eile a dhein an gníomh céanna. Agus más tú a chaithfidh guth ar son FG agus LO an chéad uair eile ar mhaithe le díoltas, cén deimhne atá agat go ndéanfaidh siad aon phioc de dhifríocht?

Ceaptar go vótáileann daoine ar son polasaithe seachas a chéile. Ná creidtear giob de. Ceaptar go vótáileann daoine ar son pearsana éagsúla seachas pearsana eile, agus bíodh ribe bheag de ruainseachán na fírinne ansin.

READ MORE

Vótáileann daoine ar son mothúchán agus braistintí agus seanaigne agus meath-thuairime agus ráflála agus scéalta tharstu agus dúirt mná liom go ndúirt fir leo agus comharthaí sóirt agus gothaí coirp agus gach rud eile faoin spéir bhréanach seachas polasaithe.

Dá vótáilfí ar son polasaithe go príomha ní chaithfeadh ach ponc a haon faoin gcéad den phobal guth sa chéad áit, mar sin é an céatadán den phobal a léann polasaí ar bith de réir suirbhé a dhein mé féin go heolaíochtúil.

Vótáilfeadh daoine áirithe ar son Fhianna Fáil go fiú is dá mbeadh Pilib a’ Chleite mar iarrthóir acu agus é chugainn go mear; vótáilfidís dóibh dá mbeadh gach bád bán luchtaithe go gunail síos agus solas deiridh na tíre le dul as. Vótáilfeadh daoine eile ar son Fhine Gael mar ba léinte gorma iad siar amach; daoine eile toisc gur mhaith leo slabhra a bheith ar chosa gach tincéara agus go dtabharfaí an fhuip go pléisiúrtha do dhaoine a bhrisfeadh an dlí.

Vótáilfeadh daoine ar son an Lucht Oibre mar go gceapfadh siad gur páirtí lucht oibre iad in ainneoin na fianaise agus a cheapann go bhfuil prionsabail fós acu in ainneoin iad a bheith ar son oisíníní a thóraíocht go míthrócaireach ag lucht airgid agus capall ar fud bhánta na Mí agus míle liú ag marcaigh. Vótáilfeadh daoine ar son na nglasraí go fiú is dá scriosfadh siad An Teamhair agus go ligfeadh siad do chomhlachtaí móra an domhain satailt ar phobail bheaga in Iorras.

Vótáileann daoine ar son Fhianna Fáil toisc nach Fine Gael iad; vótáileann daoine ar son Fhine Gael toisc nach Fianna Fáil iad; vótáileann daoine ar son an Lucht Oibre toisc nach Fianna Fáil ná Fine Gael iad; vótáileann daoine ar son na nglasraí toisc nach Fianna Fáil ná Fine Gael ná An Lucht Oibre iad; vótáileann daoine ar son Sinn Féin toisc nach Fianna Fáil ná Fine Gael ná An Lucht Oibre ná na glasraí ná na hAontachtóirí ná an DUP ná An Páirtí Daonlathach ná An Páirtí Cumannach ná Clann na Talmhan ná na Caomhaigh ná Plaid Cymru ná Agenda Nua ná An Dream Eile Sin iad.

Vótáileann daoine ar son Fhianna Fáil toisc go rachaidh siad i gcomhrialtas le dream ar bith; vótáileann daoine ar son Fhine Gael toisc go rachaidh siad i gcomhrialtas leis an Lucht Oibre agus le dream ar bith eile seachas le Sinn Féin; vótáileann daoine ar son An Lucht Oibre mar go rachaidh siad i gcomhrialtas le Fine Gael, agus le Fianna Fáil ar an drochsheans; vótáileann daoine ar son Shinn Féin toisc nach rachaidh siad i gcomhrialtas le dream ar bith eile seachas leis na haontachtóirí, an DUP, Plaid Cymru, Clann na Talmhan, An Páirtí Daonlathach, Macra na Rudaí...

An chéad uair eile, pé uair é, nuair a thiocfaidh do sheans, pé rud eile is a déarfaidh tú, ná habair nach raibh a fhios agat.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar