Céard a dhéanfadh iníon an chait?

BEOCHEIST: MICHEL DRUCKER. Fear raidió agus teilifíse

BEOCHEIST:MICHEL DRUCKER. Fear raidió agus teilifíse. Clú agus cáil air sa Fhrainc de bharr Vivement Dimanche, clár teilifíse dá chuid a chraoltar gach tráthnóna Dé Domhnaigh le breis agus deich mbliana anuas.

Sórt Gay Byrne na Fraince atá ann ach san áit a raibh spéis ag Gay sna gluaisrothair, is píolóta héileacaptair agus fear rothair é Drucker!

Fear spéisiúil leis. Agus é faoi agallamh le deireanas, dúirt sé nach dtabharfadh sé cuireadh riamh do Marine Le Pen teacht ar an seó seo aige.

Is éard atá i gceist ná go n-iarrtar ar dhuine atá sa nuacht, bíodh sé ina cheoltóir, ina fhealsamh nó ina pholaiteoir, suí ar tholg dearg Drucker gach Domhnach agus móragallamh a dhéanamh leis.

READ MORE

I measc na ndaoine a bhí ar an seó le tamall anuas bhí Raymond Domenech, Yannick Noah agus Rama Yade, polaiteoir mná agus iar-aire stáit.

Bhí Le Pen, atá ag súil le teacht i gcomharbas ar a hathair, Jean-Marie, mar cheannaire ar an Front National (FN), le ceangal! “Is scannal amach is amach é,” a dúirt sí. “Cuimhnigh go bhfuil an tUasal Drucker ag obair ar an tseirbhís chraolta náisiúnta (France Télévisions) agus tá dualgas air dá bharr caitheamh mar an gcéanna le gach duine.”

Is de shliocht Giúdach é Drucker. B’as oirthear na hEorpa dá thuismitheoirí, Abraham, ar dhochtúir é, agus Lola.

Tháinig siad go dtí an Fhrainc i 1925 agus chuir siad fúthu in Saint-Sever-Calvados gar do Caen ar chósta thiar thuaidh na tíre. Tugadh saoránacht na Fraince dóibh i 1937.

Ach gabhadh athair Drucker i 1942, an bhliain ar rugadh Michel, agus chaith sé an chuid eile den chogadh i gcampaí géibhinn in Compiègne agus in Drancy.

Seans nár cuireadh Abraham Drucker chuig na campaí báis toisc go raibh sé ina phríomhdhochtúir oifigiúil sa champa géibhinn in Drancy.

Ach is cinnte go raibh aithne aige ar chuid de na daoine a díbríodh as an tír, breis agus 76,000 Francach ar fad, chuig na campaí báis sa Ghearmáin agus sa Pholainn idir 1942 agus 1945. Níorbh aon “mhionsonra staire” iad na seomraí gáis, dar le mac Abraham Drucker, faoi mar a thug Jean-Marie Le Pen orthu tráth agus é ag caint faoi Auschwitz.

Fiú mura dtugtar cuireadh do Marine Le Pen teacht ar an seó Vivement Dimanche, tá cumas aisteach aici aird na meán cumarsáide a tharraingt uirthi féin, scil a bhí ag a hathair roimpi ar ndóigh.

Chothaigh sí conspóid agus thóg sí raic toisc an ráiteas a rinne sí ag cruinniú do lucht tacaíochta an FN i gcathair Lyon ar 10ú Nollaig seo chuaigh thart: “má dhúntar sráideanna de chuid na tíre mar go bhfuil siad in úsáid mar ionad urnaí ag an bpobal Moslamach, is gabháil seilbhe atá ann. Cinnte, níl tancanna nó saighdiúirí i gceist (mar a tharla le linn an Dara Cogadh Domhanda), ach is gabháil seilbhe atá ann mar sin féin!”

Is é Bruno Gollnisch, feisire FN de Pharlaimint na hEorpa agus leasuachtarán an pháirtí, atá le seasamh in aghaidh Marine Le Pen chun teacht i gceannas ar an bpáirtí. Toghfar uachtarán nua an FN ag ollchruinniú an pháirtí i lár mhí Eanáir.

Ach má ghlactar leis an suirbhé a rinne an grúpa taighde margaidh BVA le déanaí, is í Marine Le Pen rogha na coitiantachta agus í i bhfad chun cinn ar Gollnisch. 69 faoin gcéad de bhaill an pháirtí a cheapann gur ise is fearr a léiríonn bunluachanna an pháirtí. Tá Gollnisch ar 5 faoin gcéad.

Tá buntáiste eile aici toisc go mbaineann sí le glúin óg an pháirtí. Dhá bhliain agus dhá scór an aois atá uirthi; tá Gollnisch 60 bliain d’aois.

“Is fearr i bhfad an caidreamh a bhíonn ag Marine le daoine seachas Bruno,” a dúirt gníomhaí de chuid an FN. “Lena chois sin, ní dóigh liom go bhfuil an baol ann go gcloisfimid an tseafóid chéanna uaithi is a bhíodh ag a hathair.”

Sórt Le Pen “éadrom” atá inti. Creideann sí gur cheart pionós an bháis a thabhairt ar ais agus deireadh a chur le híocaíochtaí leasa shóisialta do dhaoine ó thíortha iasachta.

Ach, murab ionann agus a hathair, ní labhraíonn sí faoi neamhionannas ciníocha ach cuireann sí béim ar na difríochtaí cultúrtha. De réir an tsuirbhé chéanna ó BVA, chaithfeadh thart ar 17 faoin gcéad den phobal i gcoitinne vóta di sa chéad toghchán uachtaránachta eile a thionólfar sa tréimhse Aibreáin/Bealtaine 2012.

Féach, i ndeireadh na dála, nárbh fhearr do Drucker cuireadh a thabhairt do Le Pen suí ar an tolg dearg ar Vivement Dimanche? Fiú Gay Byrne, labhair sé le Gerry Adams sa deireadh.