Cás S4C ina ábhar imní ag lucht na Breatnaise

TAR ÉIS beagnach 30 bliain neamhspleáchais, is cosúil go mbeidh S4C, an stáisiún iomlán Breatnaise, faoi stiúir an BBC roimh …

TAR ÉIS beagnach 30 bliain neamhspleáchais, is cosúil go mbeidh S4C, an stáisiún iomlán Breatnaise, faoi stiúir an BBC roimh 2014, a scríobhann Kevin Burns.

Deir lucht an stáisiúin go bhfuil todhchaí an stáisiúin agus, ar ndóigh, todhchaí na teanga ina chíor thuathail de bharr an chinnidh seo. Le tamall anuas ba léir nach raibh mórán seans ann go leanfadh rialtas na Breataine Móire ar aghaidh ag íoc níos mó ná £100 milliún in aghaidh na bliana as stáisiún teilifíse nach dtuigeann ach ceathrú cuid den daonra, go háirithe i lár chúlú eacnamaíochta.

Nuair a tháinig an comhrialtas Coimeádach/Liobrálach Daonlathach i gcumhacht ní ba luaithe i mbliana, ba léir go raibh laghdú ar lucht tacaíochta an stáisiúin i Westminster. Cuimhnigh nach bhfuair ceachtar den dá pháirtí mórán vótaí sa phrionsacht san olltoghchán céanna – 11 suíochán le chéile as 40.

Go traidisiúnta, caitheann lucht na teanga a vótaí le Páirtí an Lucht Oibre agus Plaid Cymru. Lena chois sin, tá go leor fianaise ann a léiríonn míshástacht ina measc siúd nach bhfuil Breatnais ar a thoil acu ar an méid acmhainní a thugtar do S4C.

READ MORE

D’aithin feidhmeannaigh S4C go luath go mbeadh an rialtas nua ag éileamh ciorruithe agus d’fhoilsigh siad tuairisc.

Ach níor shásaigh an tuairisc sin an Rúnaí nua Cultúir, Jeremy Hunt. Thionóil sé cruinniú le feidhmeannaigh an stáisiúin ag tús mhí Mheán Fómhair. Deirtear gur thaispeáin sé dhá chairt dóibh ag an gcruinniú sin; cairt amháin ann le saighead ag dul suas a léirigh an borradh faoin airgead a caitheadh ar S4C le blianta beaga anuas agus cairt eile ann le saighead ag dul síos a léirigh an meath a tháinig ar líon na ndaoine a d’fhéach ar an stáisiún.

Thug sé fianaise dóibh a léirigh gur thit méid na gcainteoirí Breatnaise a bhí ag féachaint ar S4C go leathmhilliún; leath an mhéid a bhíodh ag féachaint air blianta beaga ó shin.

Lena chois sin, ní shroicheann sé ach 5 faoin gcéad den lucht féachana ag buaicamanna teilifíse. Thug Hunt ceithre seachtaine dóibh le plean airgeadais a chur le chéile.

Ach b’shin deireadh leis an gcaidreamh eatarthu agus nuair a d’fhógair Hunt a phlean do S4C cúpla seachtain ó shin, bhain sé an anáil díobh. Dar leo, léirigh sé “drochmheas” don stáisiún agus don teanga agus tá siad ag lorg athbhreithnithe dhlíthiúil faoin “chumasc nua” leis an BBC.

Gearrfar an cheathrú cuid de bhuiséad bliantúil S4C taobh istigh de cheithre bliana de réir an phlean.

Anuas air sin, nuair a thosóidh an BBC ag riar cúrsaí i 2014, beidh deireadh leis an £7 milliún bliantúil a sholáthraíonn an roinn chultúir agus, ar ndóigh, an £25 milliún breise de chláracha agus áiseanna a fhaightear anois ón BBC.

Agus muintir S4C ag cáineadh an tsocraithe nua luann siad neamhspleáchas agus sláinte na teanga ach is léir go bhfuil an poll mór airgid ag goilliúint orthu chomh maith.

Táthar ann a cheapann nach ndéanfadh sé aon dochar dá mbeadh an BBC ag coimhéad súil ar chaiteachas an stáisiúin. Mar shampla, ní dócha go mbeidh foireann riaracháin 126 duine ag teastáil faoin réimeas nua.

Craoltar réimse leathan cláracha ar S4C agus gradaim idirnáisiúnta bainte amach ag cuid acu. Déanann siad jab maith ar chraoladh mórimeachtaí spóirt agus cultúir náisiúnta na Breataine Bige agus cuireann S4C béim ar leith ar dhéantús cláracha do pháistí.

Is ábhar conspóide é go bhfuil réaltaí an stáisiúin féin ag glacadh páirt lárnach sa bhfeachtas i gcoinne na moltaí. Ar shuíomh Cydeimthas yr Iaith (eagraíocht teanga), tá teachtaireacht chroíúil físe le feiceáil ó Miriam O’Callaghan S4C, Angharad Mair, ag insint do dhaoine cé chomh tábhachtach is atá an feachtas seo.

“Tar liom ar an agóid ar an tséú lá Samhain,” a deir sí, agus bagraíonn sí, má ligtear leis an phlean seo, gur ar ghnéithe eile de shaol na teanga agus ar scoileanna lán-Bhreatnaise a dhíreofar aird san am atá le teacht. Moltar go leor slite síochánta eile ar an suíomh chun míshástacht leis an gcinneadh a léiriú, ina measc diúltú íoc as an gceadúnas teilifíse.

Leis sin, tá an cúrsa ar fad tugtha againn – 30 bliain ó shin bhagair teachta parlaiminte Plaid Cymru, Gwynfor Evans, dul ar stailc ocrais, agus foilsíodh an tAlt Craolacháin a réitigh an bealach do Sianel Pedwar Cymru. Tá troid mhór rompu chun an tseirbhís a choinneáil mar atá sí.

  • I s léiritheoir teilifíse le RTÉ é Kevin Burns