Cáineadh déanta ar chinneadh ollscoile ag Scoil Merriman

DEINEADH CÁINEADH géar ag Scoil Gheimhridh Merriman i nGaillimh an deireadh seachtaine seo caite ar chinneadh an Rialtais deireadh…

DEINEADH CÁINEADH géar ag Scoil Gheimhridh Merriman i nGaillimh an deireadh seachtaine seo caite ar chinneadh an Rialtais deireadh a chur le hOllscoil na hÉireann.

Ag labhairt dó ag seoladh an leabhair Máirtín Ó Direáin: Na Dánta dúirt an tOllamh Seán Ó Coileáin go raibh impleachtaí tromchúiseacha don Ghaeilge i gceist leis an gcinneadh.

Dúirt an Ó Coileáin, iar-Ollamh na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, gurbh é an toradh a bheadh ar an gcinneadh ná ísliú stádais don teanga sa chóras oideachais trí chéile.

Dúirt sé go dtabharfadh na hollscoileanna cúl leis an nGaeilge mar riachtanas iontrála ach an cead sin a bheith acu. Dúirt sé gur Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ba thúisce a theithfeadh ón dteanga agus go leanfadh na hollscoileanna eile í.

READ MORE

D’fhágfadh an cinneadh “ualach” na teanga ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a dúirt sé, agus b’ualach róthrom le hiompar a bheadh ann d’aon ollscoil amháin.

Mhol sé d’aos an léinn gan fanacht ina dtost faoi chinneadh an Rialtais. Dúirt an Coileánach gur minic aitheantas agus tacaíocht faighte ag scríbhneoirí na Gaeilge ó Ollscoil na hÉireann. Bhronn Ollscoil na hÉireann céim Dochtúireachta le Litríocht ar Ó Direáin féin i 1977.

Bhí Ó Coileáin ag seoladh cnuasach nua de dhánta Uí Dhireáin ag Scoil Gheimhridh Merriman a rinne ceiliúradh trí lá agus oíche ar shaol agus ar shaothar an fhile cháiliúil as Árainn 100 bliain ó saolaíodh é.

Tá gach dán dár chum an Direánach cnuasaithe i Máirtín Ó Direáin: Dánta (Cló Iar-Chonnachta, eag Eoghan Ó hAnluain) atá maisithe le léaráidí leis an ealaíontóir as Árainn Seán Ó Flaithhearta a raibh a shaothar don leabhar ar taispeántas in Ionad Ealaíne na Gaillimhe le linn na scoile.

DEINEADH plé bríomhar ar ghnéithe éagsúla d’oidhreacht Uí Dhireáin le linn an deireadh seachtaine. “Oileánach san Ardchathair” an téama a bhí ag an Dr Tomás Mac Síomóin i gcaint dhúshlánach na hAoine agus thug siompóisiam siamsúil spreagúil an tSathairn léargas ó thriúr as oiléain Árann ar an áit as ar fáisceadh an file.

An bailiúchán béaloidis as Árainn a bhailigh an Bláithín a bhí faoi chaibidil ag Marion Ní Mhaoláin ó Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, agus thug an Dr Mairéad Conneely, Ollscoil Luimnigh, aghaidh ar “Chlocha óige an fhile” agus mar a mhúnlaigh a chaidreamh leis na clocha sin samhlaíocht agus saothar an “dealbhóir fileata”.

Tharraing an t-amhránaí óg MacDara Ó Conaola pictiúr dúinn dá óige féin ar Inis Oírr agus an lucht éisteachta ag gáire go minic ag a chur síos spraoiúil ar conas mar a tháinig sé chun aibíochta i sochaí ina raibh brioscaí Kimberley agus imeachtaí JR Ewing ar Dallas chomh tábhachtach céanna leis an dtraidisún ársa a fágadh le huacht aige mar amhránaí.

San oíche Shathairn thug an tOllamh Micheál Mac Craith, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, léacht den teideal “Coigil aithinne d’aislinge: Máirtín Ó Direáin rí-éigeas Éireann” inar labhair sé ar “fhírinne” fhís fhileata Uí Dhireáin.

Cuireadh clabhsúr ar imeachtaí na scoile ar an Domhnach nuair a léigh Fionnghuala Ní Chon Ceannain agus an craoltóir Máirtín Jamesie Ó Flatharta sleachta as saothar Uí Dhireáin.