Bunmhianach an chamain

An Peann Coitianta: Fuasclaíonn foclóir na heolaíochta cuid de bhunmhianach an chamáin agus seolann ar ais isteach é sa bhithsféar…

An Peann Coitianta: Fuasclaíonn foclóir na heolaíochta cuid de bhunmhianach an chamáin agus seolann ar ais isteach é sa bhithsféar arb as é. "Mar a chéile an bithsféar agus na réigiúin go léir ar domhan a mbíonn beatha fhéinchothaitheach iontu." (Nod don Eolach)

Bláth, leis, agus planda agus crann le cabhair na fótaisintéise, a bhaineann dé-ocsaíd charbóin as an aer, agus a ligeann ocsaigin amach. Dúil neamhbheo gan anáil é an camán, áfach, é támh ach lán dá fhéidearthachtaí diúractha féin, beag beann ar a mháistir. Fós, níl cás ar bith dá fhoirfeacht ach i lámha an mháistir.

LE focail lán de bheith istigh iontu féin a chaitear tosnú: fíochán, dlúth, inneach, snáithe, tointe, stoc, fréamh. "I look for a wide grain running down the shaft and round the bas. (Hooked, A Hurling Life, Justin McCarthy). Agus, tagairt don snáithe atá chomh fíneáilte, lán de mhiangas le stoca síoda: "If it runs along the back of the heel, that's better still." Agus ansin na focail amuigh, ar a chruth: bos, soc, sáil, cluas, cuar, seafta, tosach, cúl, caoldroim. Agus ansin na focail a bhraithimid tríd an gcamán inár ngéaga féin: tabhairt, lúb, spreang, greim, troime, éadroime, cothromaíocht, faobhar. Braistint is ea camán, go hiomlán. Bíonn a chuid tonnta snáitheacha, ó bhaitheas go bonn, ag craoladh roimh ré ar na minicíochtaí cuartha a aimseoidh sé. Uaireanta, bíonn sé seo chomh grod le buille. Uaireanta eile, teagmhaíonn nadúr an chamáin lenár nádur féin. "Bíonn fíocháin na colainne de shíor ag giniúint a srutha leictrigh féin chomh maith. Bíonn voltas i ngach uile chill sa cholainn" (Nod don Eolach). Murab é, is baol, ár bhfuinneamh féin é á tharchur ar ais. Ní hamháin gur maide adhmaid é an camán, ach néara-tharchuradóir, "iompróir comharthaí, trasna na sionapsaí san inchinn, nó idir néaróin sa néarchóras, nó sa cholainn i gcoitinne idir néaróin agus matáin."

Fós, is é is solas ann "an chuid den radaíocht sa speictream leictreamhaighnéadach a bhíonn le feiceáil ag súile an duine" agus "Tonn is ea an solas" agus "San inchinn a airítear an solas" agus "Raon tonnfhad nó raon minicíochtaí is ea an speictream" agus is é is candam ann "aonad bunúsach an fhuinnimh, nach féidir a fhoroinntIs é an tslí a n-áirítear candam amháin d'fhuinneamh ar leith radaíochta: minicíocht na radaíochta sin a mhéadú faoi Thairiseach Planck." Nó, díreach, pleanc a thabhairt don sliotar, lenár gcantam féin fuinseoige den chandam.

READ MORE

NÍ mór an dul thar fóir a sheachaint, mar a dheineann na fógraí áibhéileacha. Is mar gheall air sin a chloím le treoracha an mháistir. Ní mór dóthain de chúl na boise a choimeád ar an talamh. "Good ash, the right amount of 'give' and no knots, that means I can do something with it," a deir Justin McCarthy. É bheith 36 orlach ar fhaid - "37" is more difficult to manoeuvre in a tight space."

Deineann sé deimhin i gcónaí de go mbíonn aghaidh na boise cothrom: "I'll put a straight edge across it and hold both towards the light. If I see any light below the ruler, that tells me that there's a slight curve on the bas. Even the smallest of deviations can cause the ball to veer away"

'WHEN I'm reshaping a hurley for myself, I'll measure its centre of gravity and mark it." Ar nós an domhain féin, tá aomhadh imtharraingteach ar gach uile chuid den chamán i dtreo an láir. Más ding de féin a scoilteann an leamhán, is snáithe de féin a scoilteann an camán. Is é sin an taobh dorcha de, Neimisis, nó an damhna dorcha úd a chreidtear a bheith ann ach nach bhfuil aimsithe fós. Is cinnte go bhfuil an damhna dorcha san iománaí, agus sa tslí chéanna a gcuireann camán a bhraistint in iúl don iománaí, cuireann an t-iománaí a dhrochmhianach féin in iúl don chamán. "It's a feel relationship" a deir Justin McCarthy. Fós, bíonn ar chamáin craiceann tiubh a fhás ar chuma an duine, agus chuige sin "I sometimes leave mine on a clothes line for a few days to put a skin on the timber. The wind, sun and rain toughen them up, make them more durable."

SCIOMARANN, triomaíonn, athchruthaíonn, múnlaíonn, scamhann, séimhíonn Justin na camáin mar a dhéanfadh máinlia. Níos mó ná sin, tugann grá dóibh. "I make sure to put it in a place that's cool enough, so it won't crack. That's why I never keep my best hurley in the car."

CLÁR Fionnachtana Spáis í an iomáint. Cruthaíonn sí Teoirc na Coibhneastachta Ginearálta: "Aon damhna a bhíonn sa spás, cuarann sé an spás mórthimpeall air agus gluaiseann réada feadh na gcuar sin sa spás." Is é sin, go gcruthaítear dúinn in aisce nach folús é an saol. Sa phoc. Ar aon chuma.