Buillí Foinse

TÁ 14,000 buille faighte ag Foinse , buillí ar líne atá mé á mhaíomh

TÁ 14,000 buille faighte ag Foinse, buillí ar líne atá mé á mhaíomh. Tá nuachtáin ar fud an domhain i muinín na podchraoltóireachta agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla atá roimh na meáin chlóite i ré seo an Idirlín. Tá nuachtán náisiúnta na Gaeilge Foinsei measc na nuachtán sin agus tá ag éirí leis daoine a mhealladh lena sheirbhís nua.

Ó chuir Foinsetús leis an tseirbhís podchraoltóireachta tá 14,000 buille faighte ag na físeáin a rinne an nuachtán. Is ionann na podchraolacháin seo agus gearrscannáin fháisnéise ar líne: tá 13 scannán déanta ag Foinseó cuireadh tús leis an tseirbhís mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Tá beagnach 3,000 duine i ndiaidh amharc ar phodchraoladh Foinse ó Oireachtas na Samhna seo caite ar YouTube agus tá na mílte eile i ndiaidh súil a chaitheamh ar na gearrscannáin eile a rinne an nuachtán, ina measc ceann ó sheit an tsobalchláir Ros na Rún, ceann faoi Ghradaim Ghaeil na Bliana agus ceann eile faoi chluiche shinty a imríodh i nGaeltacht Chonamara. An tseachtain seo caite bhí cainéal Foinse ag uimhir 26 i gcairteacha na bhfíseán Éireannach ar YouTube.

An tseachtain seo chuir foireann PodFoinsegearrscannán nua faoi shaol agus faoi shaothar Chiaráin Uí Chon Cheanainn ar líne; scoláire agus amhránaí óg 27 bliain d'aois a fuair bás go tobann le déanaí. Ba é an duine ab óige riamh le Corn Uí Riada a bhaint as amhránaíocht ar an sean-nós agus tugann an podchraoladh léargas ar an ghaisce sin.

READ MORE

Beirt atá ar fhoireann podchraoltóireachta an nuachtáin, Risteárd Ó Coisdealbha agus Mairéad Ní Dhubháin. Tá siad ar thaithí oibre ar feadh tréimhse bliana ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an Cheathrú Rua mar a bhfuil siad ag gabháil do BA sa chumarsáid. Tá siad ag obair faoi stiúir Sheáin Uí Mhainnín, bainisteoir táirgíochta an nuachtáin a chreideann gur “pósadh” suimiúil atá sa phodchraoltóireacht idir na meáin traidisiúnta agus an nuatheicneolaíocht.

"Is iontach le seanfhondúirí san iriseoireacht mar mé féin teicneolaíocht a fheiceáil faoi dheireadh a threisíonn lámh an nuachtáin seachas é a lagú mar a tharla le teacht an raidió agus na teilifíse. Bhuaigh nuachtán an Washington Postgradam Emmy le podchraoladh agus iad san iomaíocht leis na craoltóirí móra," a dúirt Ó Mainnín.