Buaiteoir sa Rang

Tháinig comórtas bliantúil an nuachtáin Foinse, Aiste sa Rang, chun críche i mBaile Átha Cliath arú inné nuair a bronnadh duais…

Tháinig comórtas bliantúil an nuachtáin Foinse, Aiste sa Rang, chun críche i mBaile Átha Cliath arú inné nuair a bronnadh duais na bliana 2006 ar Jodie Nic Con Rí, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.

Fuair sí ríomhaire glúine agus trófaí criostail as feabhas a haiste, "Ar cheart don Ghaeilge bheith roghnach sna scoileanna?"

Dúirt riarthóir an chomórtais, Seán Ó Mainnín, gur "chúis bhróid agus mhisnigh" do Foinse caighdeán ard na n-iarratas ar fad a fuarthas ó thús na scoilbhliana seo caite. Thréaslaigh sé a gcuid oibre leis na múinteoirí, na daltaí agus le hurraithe an chomórtais O2. Dúirt eagarthóir Foinse, Seán Tadhg Ó Gairbhí:

"Níos minicí ná a mhalairt is drochscéalta a chloistear faoi theagasc agus chaighdeán na Gaeilge inár gcuid scoileanna, ach tugann an comórtas seo éachtaint dúinn ar an an dea-obair atá ar bun ag múinteoirí agus ag daltaí."