Bua mor an airgid

Beocheist: An praghas atá ar shaoirse bheith go síoraí san airdeall, a dúirt Thomas Jefferson agus tá eachtraí tagtha chun cinn…

Beocheist: An praghas atá ar shaoirse bheith go síoraí san airdeall, a dúirt Thomas Jefferson agus tá eachtraí tagtha chun cinn le tamall a léireodh críonnacht na comhairle sin - go háirithe ó thaobh na hiriseoireachta de.

I measc na seodanna nuachta atá ag teacht amach as binse fiosraithe Uí Mhuircheartaigh, ba shuimiúil an fhianaise a thug iar-Thaoiseach John Bruton agus iarchomhairleoir dá chuid, Sean Donlon, faoin mbrú a bhí Sior Anthony O'Reilly agus a chomhlacht Independent News and Media (IN&M) ag cur ar an gcomhrialtas a bhí i gcumhacht idir 1994 agus 1997. Dúirt Bruton go raibh cruinniú aige le Tony O'Reilly ina theach ar an gCuan Dor, Co Chorcaí, i mí Iúil 1996.

Léirigh an Raghallach a mhíshástacht leis an gcomhrialtas faoi rudaí áirithe a bhí ag cur as do bheartais ghnó in Éirinn a raibh baint aigesean leo.

Ar bharr liosta na ngearán bhí ceann faoi ghrúpaí áirithe a bhí ag goid gnó, dar leis, ó chomhlacht, a raibh baint ag an Independent leis. Bhí ceadúnas ag Princes Holdings córais scaipiúcháin seirbhísí teilifíse a chur ar fáil agus bhí grúpaí neamhspleácha á dhéanamh gan cheadúnas.

READ MORE

Bhí an Raghallach feargach nach raibh an Rialtas ag gníomhú ina n-aghaidh mar go raibh siad ag briseadh an dlí.

Ábhair ghearáin eile a bhí aige nach bhfuair comhlacht eile leis an ceadúnas chun córas fón póca a chur ar fáil, leibhéal an deontais a cuireadh ar fáil do mhonarcha Heinz i gCo Lú agus deacrachtaí faoin mbealach isteach is amach as mianach i lár na tíre.

Má cheap sé go raibh rud éigin cam faoin mbealach inar bronnadh an ceadúnas teileafóin d'Esat Digifone, go raibh éagóir de shórt éigin déanta, bhí gach ceart aige é sin a chur in iúl.

Caithfear a rá go raibh meascán ar liosta an Raghallaigh de rudaí a bhí curtha i gcrích cheana féin agus nach bhféadfaí aon rud a dhéanamh fúthu agus de rudaí ina bhféadfadh cruinniú mar seo dul i bhfeidhm éigin a dhéanamh.

Is fear é Seán Donlon a chaith na blianta ag cleachtadh gairm na taidhleoireachta agus is go taidhleoireach a chuir seisean síos ar a chomhrá le Sir Anthony. Dúirt sé go raibh an focal "gearán" róláidir mar chur síos ar an méid a bhí le rá ag an Raghallach agus go mbeadh an focal "díomá" níos cruinne.

De réir an chuntais a thug Donlon, mhothaigh an Raghallach nach raibh an Rialtas ag déileáil leis ar an mbealach a ba mhaith leis.

Fágfaidh muid as an áireamh ar feadh tamaillín an fhírinne dhoshéanta nach bhféadfadh Seán Saoránach amuigh ar shráideanna bhailte na hÉireann cruinniú a fháil leis an Taoiseach chun a chur in iúl dó nach raibh an Rialtas ag déileáil leis mar a ba mhaith leis.

Ba shaonta an duine a cheapfadh nach mbaineann lucht gnó úsáid as an bhua mór a thugann airgead dóibh chun dul i bhfeidhm ar rialtais. Príomhdhualgas Rialtais gan géilleadh dá leithéid.

Ní dócha go dtógfadh duine ar bith ar an Raghallach a chás a chur faoi bhráid an Taoisigh agus a mhíshástacht tiarnúil a chur in iúl. Ach is é an rud a tharla ina dhiaidh sin atá ina chúis imní.

D'fhoilsigh a phríomhnuachtán laethúil, Irish Independent, eagarfhocal mór feiceálach ar a chéad leathanach, rud fíor-annamh, roimh olltoghchán 1997 agus an ceannteideal "Payback Time" air.

Shéan Sir Anthony go raibh a chuid páipéirí naimhdeach don Rialtas agus shéan sé go láidir go raibh aon eolas aige roimhré faoin eagarfhocal agus nach raibh sé de pholasaí ag bord IN&M cur isteach ar a chuid eagarthóirí.

Thug sé cuireadh don mbinse fiosraithe labhairt le duine ar bith de na heagarthóirí céanna. Sea, faighimis an fear cróga a d'easaontódh.

B'fhéidir nár thug bord IN&M aon ordú faoin eagarfhocal úd. Ach tuigeann Tadhg Taidhgín nó, sa gcás seo, tuigeann Taidhgín Tadhg. Tá a fhios ag éinne a oibríonn i nuachtáin nach dtarlaíonn rudaí mar seo de thaisme.

Má táthar ag iarraidh orainn a chreidiúint go socraíonn eagarthóir ar leagan amach an chéad leathanaigh a athrú go bunúsach chun eagarfhocal ar an Rialtas a fhoilsiú go feiceálach níl ach an t-aon fhreagra amháin air - seafóid.

Agus má iarrtar orainn a chreidiúint go bhfoilseofaí ionsaí binbeach ar an Rialtas a bhí dírithe ar dhul i bhfeidhm ar thoradh ollthoghcháin agus go ndéanfaí é seo i ngan fhios don mbord, níl ann ach deargsheafóid.

Léiriú maith don bpobal a bhí ann ar fhírinne an ráitis sin ó Jefferson - go háirithe i gcás eagrais chumarsáide atá ábalta tuairimíocht an phobail a mhúnlú ar mhaithe leo féin.