Bua an phinn

Fógraíodh torthaí Chomórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath aréir agus duaischiste €37,000 ann i mbliana…

Fógraíodh torthaí Chomórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath aréir agus duaischiste €37,000 ann i mbliana.

Ba í Siobhán Ní Shúilleabháin a thug an chraobh léi d'Úrscéal don Phobal le Aistriú agus bhain Seán Ó Dúrois an chéad áit amach i bhficsean do dhaoine óga (9-12 bliain) as a shaothar Scéalta Dhaideo. Bhí an lá le Mícheál Ó Ruairc sa chatagóir chéanna (13-15 bliain) as An bhfaca éinne agaibh Roy Keane?

Rinneadh roinnt ar an chéad áit sa chatagóir Ábhar Léitheoireachta don Fhoghlaimeoir Fásta idir Liam Mac Uistín as An Geall agus iriseoir de chuid an nuachtáin seo, Catherine Foley as An Cailín Rua.

Bhuaigh an scríbhneoir seanbhunaithe, Pádraic Breathnach, an chéad áit i gcomórtas chnuasach gearrscéalta le Ingne Dearga Dheaideo agus ba é an t-aisteoir agus údar, Joe Steve Ó Neachtain, a thug an duais leis as gearrscéal aonair le Céasta.

READ MORE

Louis de Paor a bhuaigh an comórtas filíochta lena shaothar, agus rud eile de. Fuair filí eile duaiseanna - as saothar próis. Cathal Ó Searcaigh, a bhain duais as Seal i Neipeal; tugadh an chéad áit do script teilfíse do Mhichael Davitt, As Fócas, agus bronnadh duais dráma ilghnímh ar Celia de Fréine as Anraith Neantóige.