Briathra móra

BÍODH IS go bhfuil áiseanna luachmhara ar líne ar fáil do lucht foghlama na Gaeilge, is doiligh téacsleabhar breá a bhualadh …

BÍODH IS go bhfuil áiseanna luachmhara ar líne ar fáil do lucht foghlama na Gaeilge, is doiligh téacsleabhar breá a bhualadh chomh fada agus a bhaineann sé liom féin de.

Agus téacsleabhar breá atá an Dochtúir A.J. Hughes i ndiaidh a chur ar fáil le Leabhar Mór Bhriathra na Gaeilge/The Great Irish Verb Book(Clólann Bheann Mhadagáin, £35).

“Móruirlis thagartha” a thugann sé ar an saothar ina réimnítear 112 briathar go hiomlán agus ina bhfuil 3,300 briathar crosthagartha san innéacs. Lena chois sin, tugann sé cur síos ar fhoirmeacha sa Chaighdeán Oifigiúil agus sna canúintí, rud a chiallaíonn go bhfuil foirmeacha ar leith den bhriathar sna canúintí le fáil go furasta do bhriathra rialta agus neamhrialta.

Tá Hughes ag teagasc Gaeilge le 25 bliain agus tá sé ina léachtóir ar Ollscoil Uladh, Béal Feirste, faoi láthair. Tá Leabhar Mór Bhriathra na Gaeilge/The Great Irish Verb Bookle fáil faoi chlúdach crua agus tá sé lándaite, rud a éascaíonn a léamh.