Borradh buan

Is é "Borradh Buan" teideal fhéile ghairmiúil drámaíochta trí mheán na Gaeilge a bheidh ar siúl in Ionad Ealaíon Axis, Baile …

Is é "Borradh Buan" teideal fhéile ghairmiúil drámaíochta trí mheán na Gaeilge a bheidh ar siúl in Ionad Ealaíon Axis, Baile Munna, le linn Fhéile Amharclainne Bhaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair. Is é an t-aisteoir Ray Yeates a d'eagraigh:

Agus iad ag fanacht le mórionsaí Gearmánach, ceistíonn na saighdiúirí a ndílseacht dá dtír, dá móid, dá muintir agus dóibh féin. Ray Yeates a léiríonn. Bhain an dráma seo duais Oireachtais. Dé hAoine 1ú agus Dé Sathairn, 2ú Deireadh Fómhair ag 8 p.m.

Ach beidh an dráma céanna ar siúl roimhe sin i Theatre Space, Plás Anraí, seachtain ón oíche anocht go dtí an Satharn 25ú, Meán Fómhair, ag 8 p.m. Eolas: 01-8729977.