Bord úr Údarás na Gaeltachta - mórchuid polaitíochta, gannchuid pleanála

TUARASCáIL: Ar eagla go ndéanfaí dearmad air, tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag an Rialtas arb ionann é agus polasaí…

TUARASCáIL:Ar eagla go ndéanfaí dearmad air, tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag an Rialtas arb ionann é agus polasaí oifigiúil an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Aithnítear sa straitéis 20 bliain sin go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus moltar inti cur chuige tarrthála úr bunaithe ar an bpleanáil teanga. Mar sin, tá polasaí oifigiúil an Rialtais bunaithe go príomha anois ar an bpleanáil teanga.

Shamhlófá dá bharr sin go mbeadh scileanna sa phleanáil teanga go mór sa treis ar bhord nua Údarás na Gaeltachta, eagraíocht a bhfuil cúraim nua sa phleanáil teanga uirthi faoin straitéis. Ní mar a shíltear a ainmnítear.

Mar pé scileanna eile atá ag an dream a ceapadh ar an mbord nua, ní dóigh liom go mbeadh sé de dhánaíocht in éinne acu a mhaíomh gur saineolaithe iad sa phleanáil teanga.

READ MORE

Ní haon locht ar na comhaltaí nua é seo agus is mó duine breá amuigh go bhfuil an iomarca eile ar siúl aige le bheith ag déanamh imní faoin bpleanáil teanga.

Ach bheadh sé deas dá mbeadh, abair, beirt nó triúr le saineolas sa réimse seo ar an mbord nua, muna mbeadh ann ach le léiriú go bhfuil an Rialtas, ar a laghad, feasach ar a bhfuil ina bpolasaí teanga féin.

Nuair a ceistíodh Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley an tseachtain seo caite faoin easpa seo ar an mbord nua, thagair sé don phríomhoide Gaelscoile a bhí ceaptha aige, Dairíona Nic an Iomaire – bean a bhfuil meas go forleathan uirthi féin agus ar a scoil.

Anois, cé nach aon saineolaí sa phleanáil teanga mise ach an oiread, tuigim an difríocht idir teagasc na Gaeilge agus an phleanáil teanga. Más rud é go dtuigeann an tAire Stáit an difríocht sin, ní raibh sé ag ligint faic air féin.

Cé atá ceaptha mar sin? Bhuel, tá gach duine ó pháirtithe an Rialtais a bhí ar an mbord deireanach arís ann. Cuimhnigh gurb é an tAire Stáit féin a dúirt go raibh “political tag” ar gach duine a bhí ar an mbord deireanach agus go raibh faoi dípholaitiú a dhéanamh ar an mbord nua. Ach b’shin fadó fadó i mí Iúil na bliana seo.

Féach anois gur polaiteoirí ó Fhine Gael iad formhór acu siúd a d’ainmnigh na comhairlí contae ar an mbord nua. Duirt McGinley nach raibh sé freagrach as cinneadh na gcomhairlí. Ba é an córas a cheap sé ba chúis leis agus ní é féin, an dtuigeann tú?

Tháinig beirt pholaiteoirí eile a bhí ar an mbord deireanach – Fiachra Ó Céilleachair agus Micheál Ó Scanaill – tríd an bpróiseas ceapacháin poiblí ar chuir 67 duine ar fad isteach air.

Bhí comhalta eile de shliocht Pháirtí an Lucht Oibre, Pádraig Ó hAinifín, ar dhuine den triúr sin a ainmníodh go díreach ar an mbord neamhspleách, beag beann ar na comhairlí contae agus ar an bpróiseas poiblí. Nach ar pháirtithe an chomhrialtais a bhí an t-ádh?

Díol spéise ab ea ceapachán Uí Scanaill agus Uí Chéilleachair chomh maith mar gur ó Ghaeltachtaí beaga Mhúscraí agus na Rinne a thagann siad. Ó tharla go mbeidh suíochán eile á bhabhtáil ag na Gaeltachtaí sin le contae na Mí, beidh dhá shuíochán – Port Láirge agus Corcaigh faoi seach – nuair a thiocfaidh deireadh le tréimhse Chathail Seoighe ó Ráth Chairn ar an mbord. Beidh an líon céanna ionadaithe ansin ag ceann de na Gaeltachtaí beaga agus a bheidh ag Gaeltacht na Gaillimhe, an ceantar is láidre sa tír.

Táim cinnte gur daoine ábalta iad na comhaltaí nua ar fad agus cuireadh fáilte ar leith an tseachtain seo caite roimh cheapachán Anna Ní Ghallachóir mar chathaoirleach.

Saineolaí cumasach ar theagasc teangacha í Ní Ghallachóir agus údar dóchais é an chaint mhacánta a rinne sí le Barrscéalta RnaG an tseachtain seo caite. Dúirt sí go raibh “iontas agus díomá” uirthi faoina laghad ban eile a bhí ar an mbord agus labhair sí faoin ghá le “deireadh a chur le béalghrá don Ghaeilge gan gníomh”.

Baineann cuid mhaith den bhéalghrá sin leis an mbéim atá á leagan ag polaiteoirí ar an bpleanáil teanga le roinnt blianta anuas.

An bhfuil an Rialtas dáiríre faoin bpleanáil teanga nó an leithscéal atá ann a bheith ag caint go teibí fad is atá buiséid á gciorrú agus na putóga á mbaint as eagraíochtaí – ar nós Údarás na Gaeltachta?

Is furasta an cheist sin a fhreagairt i bhfianaise an mhórchuid polaitíochta agus an ghannchuid pleanála teanga atá le sonrú ar bhord nua an údaráis.