Bliain an fhoclora

 

Beocheist: In íoslach tí mhóir a chuireas fúm nuair a d'fhágas tí mo mhuintire den chéad uair. Bhí seilfeanna ann ar dhá thaobh an mhatail sa seomra suite, iad folamh beagnach ach go raibh cúpla leabhar fágtha ina seasamh in aon choirnéal amháin.

Arsa fear an tí ina dtaobh, nuair a chonaic sé na leabhair Ghaeilge a bhí agam féin, go raibh sé chomh maith agam an péire sin a bhreith liom mar nár dhóigh leis go gcuirfeadh a chlann féin aon spéis iontu.

Ba mhór an gliondar a chuireadar ormsa mar ba sheanleabhair iad a raibh línéadach uaithne le maisiúchán órga mar chlúdaigh orthu. Bhí picadors bhána agus penguins oráiste agus na clasaicí dubha féin agam ceart go leor ach ba rud eile iad seo - ciorcal órga chun tosaigh ar an bpéire acu, cloigtheach i reilg ar cheann acu agus gréas Ceilteach ar an gceann eile, marc inaitheanta leabhair Chumann na Scríbheann nGaeilge.

Imleabhar I de Irish Names of Places le P.W. Joyce LLD agus mar b'fhacthas dom ag an am, leagan giorraithe den bhFoclóir Gaeidhilge agus Béarla leis an Rev P.S. Dinneen M.A.

Maidir leis an bhfoclóir, nuair a dúirt m'athair liom blianta ina dhiaidh sin go raibh sé tar éis eagrán 1904 d'Fhoclóir Uí Dhuinnín a cheannach, dúras leis go raibh ceann acu sin agam ó d'fhágas an baile ach nár thaispeánas dó é ar fhaitíos nach raibh ann ach leagan giorraithe a cuireadh amach len úsáid sna scoileanna.

Céad bliain ó shin, sa bhliain 1904 a foilsíodh Foclóir Uí Dhuinnín i dtosach agus cuireadh an leagan méadaithe amach sa bhliain 1927. Ar feadh leathchéad bliain ina dhiaidh sin, in ainneoin na n-athraithe i litriú agus i gcló a thug An Caighdeán Oifigiúil (1958) agus Foclóir Béarla/Gaeilge(1959) de Bháldraithe leo, ní raibh d'fhoclóir Gaeilge/Béarla ann ach é.

Cúis amháin gur thug an Duinníneach faoin leagan méadaithe ná gur loiteadh clóphlátaí an chéad leagain in Éirí Amach 1916. Déanann Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céilleachair cur síos ina sárleabhar An Duinníneach (1958) ar eachtra a tharla i rith Chogadh na Saoirse nuair a tháinig saighdiúirí isteach sa teach a raibh sé ar lóistín ann agus gur chuireadar slipeanna an Fhoclóra Mhóir in aimhréidh.

Tá a lán eolais eile sa leabhar sin, ní hé amháin ar shaol agus ar shaothar an Duinnínigh (1860-1934), ach ar chonspóidí a linne. I gconspóid leis an Dr. John Pentland Mahaffy, Ollamh le Sean-Stair i gColáiste na Tríonóide a bhí go mór in aghaidh aitheantas a thabhairt don Ghaeilge i gcúrsaí meánoideachais, a labhair an Duinníneach amach ar son na Gaeilge den chéad uair.

Deich mbliana ina dhiaidh sin, de bharr conspóide eile, an uair seo faoin nGaeilge bheith ina hábhar éigeantach san Ollscoil Náisiúnta, scar sé le Conradh na Gaeilge.

Níorbh é an chéad uair aige scaradh le dream a raibh dlúthbhaint aige leo.

Deich mbliana roimhe sin, scar sé le Cumann Íosa, 20 bliain tar éis dó dul isteach sa nóibhíseacht nuair a bhí sé féin 20 bliain d'aois. D'fhan sé ina shagart ach is mar scríbhneoir agus trí infheistíocht i scaireanna a thuill sé a bheatha as sin amach. Duine aonaránach ab ea é a d'oibrigh go dian.

Deich mbliana d'aois a bhí se nuair a chuaigh sé ar scoil go Scoil Náisiúnta na Mínteoga, (Sliabh Luachra, Co Chiarraí) ar leagadh an teach inar rugadh Eoghan Rua Ó Súilleabháin len í a thógáil agus ar osclaíodh í an bhliain chéanna a ndeachaigh an Duinníneach ann.

Bhí cúpla scoil níos cóngaraí don Charn, áit chónaí mhuintir Uí Dhuinnín, ach is ann a shiúladh sé féin agus a dheartháireacha lena scolaíocht a fháil óna n-uncail.

Bhí sé ar an gcéad rang arís nuair a osclaíodh Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath faoi chúram na nÍosánach i Samhain na bliana 1883.

Cé gur labhair an chuid ba shine de na páistí Gaeilge (b'eisean an tríú mac de sheachtar) is sa Matamaitic agus sa Bhéarla a bhain sé a chéim B.A. (1885) agus is sa Matamaitic a bhain sé amach an chéim M.A.(1889).

Tá dhá phortráid ola den Athair Ó Duinnín le feiceáil i mBaile Átha Cliath: ceann an-tarraingteach le John B. Yeats sa Ghailearaí Náisiúnta a déanadh sa bhliain 1904, bliain an fhoclóra; agus ceann taibhsiúil eile i nGailearaí na Cathrach a rinne Estella Solomons sna 1920í.

Níl spás agamsa níos mó a rá anseo ach a lua go mbeidh an séú seimineár bliantúil ag Cumann na Scríbheann nGaeilge agus na Ranna Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, ar siúl Dé Sathairn, 6ú Samhain 2004. Saothar agus saol an Duinnínigh, maraon le ceisteanna a bhaineann le foclóireacht na Gaeilge ó shin i leith, atá ar chlár an lae. Eolas: p.riggs@ucc.ie