Bimis curamach faoin bhfeachtas faiseanta

Cé gur chroitheas lámh le Hector uair amháin, agus cé gur chaitheas oíche ag páirtí a raibh Síle Seoige ann, is beag baint atá…

Cé gur chroitheas lámh le Hector uair amháin, agus cé gur chaitheas oíche ag páirtí a raibh Síle Seoige ann, is beag baint atá agam le glúin cháiliúil na nGaeilgeoirí áille. Is mar sin is fearr liom é agus is mar sin, táim cinnte, is fearr leosan é, writes Seán Tadhg Ó Gairbhí

Is fíor go mbeannódh Páidí Ó Lionáird dom dá dtarlódh sé orm agus go mbíonn deoch agam ó am go chéile le hiriseoirí ó Nuacht TG4, ach níl mo shuíomh Idirlín féin agam, mar atá ag Síle, agus níl aon chuimhneamh agam ceann a chlárú sa ghearrthréimhse. Tá sé le maíomh agam, fiú, go macánta agus go mórtasach, nár ghlacas páirt riamh sa chlár teilifíse Cleamhnas.

Ar na cúiseanna sin agus ar chúiseanna eile, ní raibh mo leithéidse san áireamh ag an Aire Ó Cuív nuair a bhí sé ag cur liosta Gaeilgeoirí le chéile dá fheachtas nua fógraíochta atá chun daoine a ghríosú chun Gaeilge a labhairt.

Tá an feachtas seo ag teacht sna sála ar an bhfeachtas feasachta teanga do thuismitheoirí a reachtáladh anuraidh, más cuimhin libh an fógra ait teilifíse sin nach raibh aon oidhre air ach mír eolais phoiblí faoi reifreann ginmhillte.

READ MORE

I mbliana, agus é sa tóir ar 'bhang' níos mó dá 'bhuck', tá an tAire dulta i muinín na cáile. Is é réalt caide Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, agus baill den sobaldráma Ros na Rún atá luaite ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta mar shamplaí den saghas duine a bheidh páirteach san fheachtas nua, Ár dteanga féin, feachtas a bheidh dírithe ar dhaoine óga na Gaeltachta idir 13 agus 25 bliana d'aois.

D'fhéadfadh go n-úsáidfí cur chuige den saghas sin a bhíonn ag aisteoir cáiliúil The Simpsons, Troy McClure: "Haigh, is mise Eoinín, seans gur cuimhin libh mé ó shraitheanna ar nós Ros na Rún. Tar éis lá fada oibre ar an seit níl aon ní níos fearr liom ná mo scíth a ligint agus Gaeilge a labhairt!"

Nó fiú: "Haigh, is mise Dara Ó Cinnéide, b'fhéidir gur cuimhin libh mé ó chluichí ceannais na hÉireann ar nós cinn na mblianta 1997, 2000, 2002, agus 2005. Nuair ná bím ag aimsiú scóranna diamhara laistíos d'Ardán Uí Ógain, bím, creid nó ná creid, ag labhairt Gaeilge!"

Is dea-scéal é go bhfuil áit aimsithe ag an nGaeilge di féin sa 'sobalsaol' más ceadmhach dom teideal leabhar nua Phádraig Standúin a úsáid. Agus is deas chomh maith go bhfuil daoine a bhfuil cáil bainte amach acu - cuid acu nár shantaigh an cháil sin in aon chor - sásta a gcuid a dhéanamh don teanga. Ach tá sé crua orainne atá fágtha anseo sa seansaol - ag gabháil do photaí, ag ceartú aistí ardteiste nó ag scríobh faoi thuarscálacha bliantúla Údarás na Gaeltachta.

Roimhe seo, ní chuireadh mo chairde nach bhfuil Gaeilge acu an oiread sin spéise i mo shlí bheatha. Bhí a fhios acu go rabhas ag obair do nuachtán a raibh ainm air a bhí deacair le foghrú, agus uaireanta dfhiafraidís díom cén saghas deontais a bhí le fáil ar an gcáipear sin, nó cén saghas duine é colúnaí polaitiúil an nuachtáin, Cathal Mac Coille ó Morning Ireland.

Anois, bíonn siad lán de cheisteanna. Ceapann siad go mbím ag caitheamh an lae ag caint agus ag comhrá le iar-Miss Irelands agus Rósanna Thrá Lí agus go dtugaim mo chuid oícheanta i dteannta Hector i gclubanna faiseanta na Gaillimhe mar a mbíonn an bheirt againn i mbun gach aon saghas diabhalaíochta agus bligeardaíochta.

"Caithfidh go bhfuil aithne agatsa ar an Síle Seoige sin ó You're a Star. Cén saghas í?" a bhíonn acu.

Ionadh a bhíonn orthu nuair a fhreagraím nach bhfuil aon aithne agam uirthi agus luíonn siad go díomach isteach ar ábhar eile cainte sara mbíonn deis agam a rá go leithscéalach leo gur chaitheas oíche tráth ag páirtí a raibh Síle aige chomh maith.

Táim bailithe de na ceisteanna agus de na leithscéalta, agus le tús an fheachtais nua seo ag an Aire is baolach gur in ainnise a rachaidh cúrsaí don fhear-mar-chách.

Ba mhaith liom, mar sin, moladh a chur faoi bhráid an Aire Gaeltachta maidir le feachtas fógraíochta eile. Níl ann ach smaoineamh, ach d'fhéadfadh sé go leor fadhbanna a sheachaint ach éisteacht leis.

Rud éigin mar seo a bheadh ann: "Haigh, is mise...bhuel...mise, seans nach cuimhin libh mé ón anailís fhadálach a rinne mé ar chéad thuarascáil an Choimisinéara Teanga ach sé an rud is ansa liom sa saol seo tar éis colún a scríobh ná dul amach agus Gaeilge a labhairt."

Is liosta le haireamh é liosta na bhféidearthachtaí: "Haigh! Is mise Máire, bean mhéanaosta ó Bhaile an Fheirtéaraigh mé agus níl aon aithne agaibh orm. Is breá liom cúpla deoch a bheith agam istoíche Dé hAoine agus buaileadh lem'chairde i dTigh Chéin ar an mBuailtín. Gaoluinn ar fad a bhíonn againn."

Tuigim gur cur chuige radacach a bheadh ann, a Éamoin, ach fan inti dhá shoicind.

Tá sé in am seasamh a thógaint ar son an ghnáthdhuine. Sé do leas fhéin é - mar a mhíneoidh mé láithreach - agus b'fhearr dhuit do mhachnamh a dhéanamh air.

Tá sé in am an fhírinne a insint. Tá níos mó i gceist le saol na Gaeilge ná bheith ag ól vodka fanaile le spéirmhná na haimsire.

Agus ní stócach breá le lán-mhála de bhoinn Uile-Éireann é gach aon fhear Gaeltachta a chasfaidh ort, ná baol air.

Anuas air sin ar fad, ní mór don Aire bheith cúramach leis an bhfeachtas seo nó beidh cásanna cúirte le troid aige amach anseo in aghaidh daoine feargacha a shocraigh an Ghaeilge a fhoghlaim de bharr fógraí Ár dTeanga féin.

D'fhéadfadh Éamon bheith sa ghabhann cúirte fós, mar a bhí boic mhóra thionscail an tabaic roimhe.

"A Bhreithimh, thosaigh mo chliant ag labhairt na Gaeilge mar gur thug fógraí an iar-Aire le fios go dtabharfadh sí cead isteach go domhan álainn, míorúilteach dó. 'Fáilte go Cuívó Country', mas maith leat. Bhí an méid sin bun os cionn ar fad leis an bhfírinne. Sciorta den ádh ní raibh air ó ghlac sé leis an gcuireadh damanta sin.

"Tar éis dó an rogha a dhéanamh, níor chas sé riamh le Síle Seoige ná go deimhin éinne a raibh dealramh acu le Síle Seoige. Níor bhuaigh sé riamh bonn uile-Éireann ach an oiread.

"A mhalairt de shaol atá caite aige faraor, é pósta le bean chantalach as Conamara agus é ina sclábhaí thiar sa bhfactory ó mhaidin go hoíche. Agus is é an tUasal Ó Cuív is ciontach, é fhéin agus a chuid snake-oil. Ná bíodh aon amhras faoi sin."

Cá bhfios ach go gcosnódh an cúiteamh a chaithfí a íoc leis na gearánaithe i bhfad níos mó ná an €200,000 atá le caitheamh ar an bhfeachtas?

Go n-éirí go geal leat, faoi mar a dúirt an sweep lena mhac, a Aire, agus tá súil agam go mbeidh gach rath ar an bhfeachtas nua.

Nílim ach ag rá leat bheith aireach - a Aire. Déanaimis iarracht é 'a choiméad real', mar a deir Béarla na linne.

Fágfaidh mé mar scéal é mar go gcím go bhfuil glaoch caillte agam ar an bhfón póca ó Sharon Ní Bheoláin. Fonn Renards uirthi arís is dócha.

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Foinse, príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge. Is féidir le daoine síntiús a ghlacadh leis an nuachtán ach scairt ar 091-595520 nó dul ar an suíomh Idirlín, www.foinse.ie