Bi-Linn

Tá post phríomhfheidhmeannach Ghael-Linn le hathfhógairt an tseachtain seo

Tá post phríomhfheidhmeannach Ghael-Linn le hathfhógairt an tseachtain seo. Fógraíodh an post roimh an Nollaig ach níor ceapadh duine ar bith de na hiarrthóirí a chuir isteach air. Éireoidh an príomhfheidhmeannach reatha, Herman Ó Briain, as a chúraim oibre i mí Lúnasa na bliana seo.
Idir dhá Standún

Dhiúltaigh an t-eagras a rá cé mhéad duine a bhí san iomaíocht an chéad uair. Tuigtear don cholún seo go raibh sé íseal go leor, níos lú ná deichniúr.

Dúirt urlabhraí thar ceann Ghael-Linn go raibh siad ag athfhógairt an phoist chun seans a thabhairt do dhaoine eile cur isteach air. Bhí an spriocdháta róghairid roimhe seo, a dúradh, rud a d'fhág nach bhfuair gach duine seans iarratas a chur faoi bhráid an eagrais. Bhí dóchas acu an iarraidh seo go dtabharfadh an síneadh ama deis do dhaoine eile machnamh a dhéanamh ar an phost. Is é 15ú Feabhra an dáta deiridh iontrála an iarraidh seo.

Dúirt an t-urlabhraí gur diúltaíodh do chuid de na hiarrthóirí a bhí sa chéad bhabhta ach go raibh iarratais mhaithe ina measc fosta.