Bi ag siul

Tá an grúpa, Stádas, ag reáchtáil mórshiúil i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn le cás stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas …

Tá an grúpa, Stádas, ag reáchtáil mórshiúil i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn le cás stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach a phoibliú.

I bpreasráiteas, thug an grúpa le fios nár theasaigh uathu "go gcuirfí stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach ar an mhéar fhada agus is gá é seo a mheabhrú don Rialtas. Beidh fáilte roimh gach aon duine ar an Satharn."

Fágfaidh an mórshiúl Gairdín an Chuimhneacháin, Cearnóg Pharnell, ag 2 p.m. agus rachaidh na coisithe as sin go hArdoifig an Phoist agus ar aghaidh go Dáil Éireann, áit a mbronnfar achainí ar an Rialtas.