Bhain John Steinbeck duais Nobel na Litríochta ach bhí baint aige le hÉirinn fosta

Tuarascáil: Bhuaigh John Steinbeck, duine de mhórscríbhneoirí an 20ú haois, Duais Nobel na Litríochta 50 bliain ó shin…

Tuarascáil:Bhuaigh John Steinbeck, duine de mhórscríbhneoirí an 20ú haois, Duais Nobel na Litríochta 50 bliain ó shin. Deich mbliana roimhe sin tháinig sé go hÉirinn chun a fhréamhacha a aimsiú. B'as Co. Dhoire clann a mháthar. Scríobh sé cuntas ar a aistear go hÉirinn san iris Colliers ag deireadh mhí Eanáir 1953.

Dúirt sé sa chuntas sin gur thug gach Éireannach, fiú amháin an té nach raibh ann ach braon amháin d’fhuil Éireannach, gur thug sé faoi oilithreacht go tír a shinsear, luath nó mall. Bhí sé féin díreach tar éis an oilithreacht a thabhairt. Bhí sé ina leath-Éireannach, a dúirt sé, agus bhí daoine muinteartha aige as an Ghearmáin agus as Sasana.

Scríobh sé nár tháinig as an “Oileán Naofa” seo ach rithe agus laochra agus b’as na sluaite sin a chlann féin – Ó hUrmholtaigh (Hamilton) ab ainm dóibh. Ba léir ón méid a scríobh sé go raibh an-mheas go deo aige ar a sheanathair, Samuel, a d’fhág Doire i rith an Ghorta Mhóir.

Mórfhear a bhí ann le blas milis ar a chuid cainte agus le cúirtéis chaoin, a scríobh Steinbeck.

READ MORE

Cé go bhfuair sé bás nuair a bhí Steinbeck an-óg, chuir sé ionadh air an méid go raibh sé in ann cuimhneamh faoin seanfhear. Go deimhin, bhí feirm Uí Urmholtaigh an-tábhachtach i saol agus saothar Steinbeck. Chaith sé a lán ama ar an bhfeirm nuair a bhí sé óg.

Is féidir í a shonrú go minic ina chuid úrscéalta, mar shampla an rainse Tiflin sa scéal The Red Pony. Tá an carachtar Samuel Hamilton san úrscéal East of Eden bunaithe ar sheanathair Steinbeck agus tá cuid den scéal suite ar a fheirm. Foilsíodh an t-úrscéal i Meán Fómhair 1952, an bhliain chéanna is a thug Steinbeck cuairt ar Éirinn.

Ní dheachaigh seanathair Steinbeck ar ais go hÉirinn riamh ach thug uncail an údair cuairt ar Dhoire agus thug sé tuairisc go raibh clann Uí Urmholtaigh beagnach imithe in éag; ní raibh fágtha ach beirt dheirfiúracha agus deartháir amháin, iad aosta agus díomhaoin.

Níor thosaigh cuairt Steinbeck féin go rómhaith. Cheap sé go raibh cathair Dhoire dúr agus neamhchairdiúil. Bhí an teach ósta, ina raibh sé ag stopadh lena bhean, gruama; bhí sé deacair deoch a fháil agus fiú amháin bia taobh amuigh de na huaireanta ceadaithe.

Rinne doirseoir cairdiúil a dhícheall cabhrú leis ach bhí gach rud faoi ghlas; ní raibh éinne toilteanach na rialacha a bhriseadh. In aigne Steinbeck, bhí sé dochreidte go raibh Éireannaigh ag cloí le agus ag géilleadh do rialacha sa tslí seo. Chreid sé gur reibiliúnaí a bhí i ngach Éireannach.

D’éirigh leis tiománaí a fháil agus chuaigh sé ar lorg bhaile a shinsear. Bhí áthas air éalú ón gcathair agus dul amach faoin tuath. Bhí sé ar lorg baile fearainn a raibh Mullach Caoirigh air.

Bhí a fhios aige go raibh sé in aice le Baile Uí Cheallaigh agus go raibh an áit sin gar do Léim an Mhadaidh.

I ndeireadh na dála, d’éirigh leo Mullach Caoirigh a aimsiú. Níorbh áit a bhí ann ar chor ar bith, a scríobh Steinbeck, ach cnoc le trí nó ceithre fheirm thart timpeall. Ródhéanach a bhí sé mar fuair an duine deireanach dá mhuintir bás dhá bhliain roimhe sin. Ní raibh cuimhne ag duine ar bith sa cheantar ar sheanathair an údair ach bhí aithne acu go léir ar an triúr leanaí le deartháir a sheanathar.

Bhí feirm mhaith acu – timpeall 200 acra. Bhí siad compordach, bhí oideachas maith acu agus níos mó de mhaoin an tsaoil acu ná an chuid ba mhó de na daoine sa cheantar.

Ní raibh a fhios ag éinne cén fáth nár phós duine ar bith den triúr. Bhí aithne mhaith ag daoine orthu sa cheantar agus meas acu orthu.

Ba í an deirfiúr ba shine an duine ab inniúla agus ise a bhí i mbun na feirme. Thug sí aire don aon deartháir amháin ar nós gurbh é a leanbh féin é agus rinne seisean gach rud a dúirt sí leis a dhéanamh. Nuair a fuair sí bás, rinne sé faillí in obair na feirme.

Dúirt na comharsana go mbíodh an deirfiúr ab óige i gcónaí ag léamh. Bhí an-suim aici ina rósghairdín agus tháinig brón ar Steinbeck nuair a chonaic sé é dhá bhliain tar éis bhás an chuid dheireanach dá mhuintir Éireannach – na rósanna imithe le fiailí agus eidhneán.

Thug sé cuairt ar an reilig ina raibh a mhuintir curtha agus thug an reiligire rós dearg dó a bhi faoi bhláth. Choimeád sé i leabhar é. Ba é an t-aon fhianaise é ar 1,000 bliain de stair a chlainne.