Bertie na Nollag

Más ar lorg faoisimh ó ullmhúchán na Nollag atá tú, tabhair cuairt ar an gheamaireacht Bertie Bush agus Mamó an Diabhail…

Más ar lorg faoisimh ó ullmhúchán na Nollag atá tú, tabhair cuairt ar an gheamaireacht Bertie Bush agus Mamó an Diabhail.

Tá gach rud ann chun oíche spleodrach a sholáthar: greann; abhlóireacht; ceol; clisteacht cainte, aisteoireacht den scoth agus aoir ghéar faoi dhearcadh mhuintir na tíre i leith inimirceach agus faoi shodar ár dTaoisigh i ndiaidh George W. Bush, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tá Bertie Bush (Gearóid Ó Mórdha), a láimhsitheoir balbh (Ciarán Ó Feinneadha), agus aide-de-camp an Taoisigh (Seán Ó Dubhda) ag tabhairt cuairt ar Chontae an Chláir chun fáil amach cén fáth go bhfuil titim i dtacaíocht an Taoisigh sna bólaí sin.

Déanann Ó Mórdha aithris chomh maith sin ar cheannaire Fhianna Fáil gur furasta a shamhlú gurb é atá ina steilleabheatha, fiú agus é ag amhránaíocht agus hata buachaill bó air.

READ MORE

Buaileann an triúr leis an Rí (Con Ó Tuama) a bhfuil a bhean caillte aige agus le Mamó an Diabhail (Lelia Ní Chinnéide). Léiríonn Mamó go bhfuil sí níos ládire, níos glice agus níos deisbhéalaí ná aon duine eile, go fiú Mary Horney atá sa chontae le bualadh leis na "peasants".

Radharc dodhearmadta is ea an comórtas mallachtaí idir Mamó agus "bean" an Rí (Brian Ó Gaibhín). Tá Mamó in ainm is a bheith á tionlacan go príosún agus beirt amadán de ghardaí, Tadhg (Tadhg Ó Conchubhair) agus Taidhgín (Micheál Ó Gruagáin) léi. Bhainfeadh geáitsí na beirte gáire as cloch.

Dála a lán áiteanna eile sa tír, tá an Clár lán eachtrannach, rud a chruthaíonn deacracht don Taoiseach agus é ag iarraidh cupán caife nó fiú pionta Guinness a cheannach.

Is ann fosta atá caisleán ag Magda McDowell mar a bhfuil seilbh glactha aige ar TG4, ar an spéirbhean a thugann faisnéis na haimsire agus é ag beartú coup a dhéanamh.

Cé gur do dhaoine fásta an gheamaireacht, bhainfeadh páiste le cumas réasúnta Gaeilge sult as.

Níl an trealamh stáitse sofaisticiúil ann a mbítear ag súil leis i ngeamaireachtaí Nollag agus tá amaitéarachas ag baint le cuid de na radhairc ach, ó thaobh clisteacht cainte agus ábhar gáire, ba dheacair é a shárú. Tá ardmholadh tuillte ag Aodh Ó Domhnaill a scríobh agus a léirigh.

Beidh Bertie Bush agus Mamó an Diabhail le hAisteoirí Bulfin ar siúl sa THEatre Space, Baile Átha Cliath, go dtí oíche Shathairn.

Eolas: 01-8729977