'Beidh ionadaíocht thofa ar an údarás nua' - Carey

DÚIRT AIRE na Gaeltachta, Pat Carey, le Nuacht TG4 Dé Luain go mbeadh ionadaíocht thofa ar an eagras nua, Údarás na Gaeilge agus…

DÚIRT AIRE na Gaeltachta, Pat Carey, le Nuacht TG4 Dé Luain go mbeadh ionadaíocht thofa ar an eagras nua, Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, eagras atá le bunú ar ball in áit Údarás na Gaeltachta.

Faoi reachtaíocht nua, atá á dréachtú faoi láthair, athbhunófar Údarás na Gaeltachta mar Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta agus beidh ról náisiúnta ag an eagraíocht úr chomh maith lena ról traidisiúnta Gaeltachta.

I ndréachtstraitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge, bhí tagairt do dhaoine ainmnithe agus tofa bheith ar an bhord nua ach ní raibh an tagairt sonrach sin sa leagan den straitéis a foilsíodh, rud a chuir imní ar dhaoine.

Dheimhnigh Carey i ráiteas leis an cholún seo inné go mbeadh ionadaíocht thofa ar bhord an Údaráis i ndiaidh athstruchtúrú na heagraíochta. Dúirt sé go raibh “an ghné dhaonlathach sin” de bhord tofa “fíorthábhachtach. Tá ceisteanna ann faoi struchtúr an Údaráis i bhfianaise na moltaí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ach tá sé tábhachtach go mbeidh ionadaíocht thofa ann”.

READ MORE

Thabharfadh an reachtaíocht nua aghaidh ar na ceisteanna sin agus shocrófaí an córas ab éifeachtaí leis sin a dhéanamh, a dúirt sé. Is é an príomhsprioc a bheidh ann ná Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhunú agus limistéir Ghaeltachta a shocrú san am atá le teacht.

Dúirt Carey go raibh an reachtaíocht i measc na gcéimeanna ba thábhachtaí sa straitéis 20 bliain a d’fhoilsigh an Rialtas ag deireadh 2010. Bhí sé “ríthábhachtach go mbeadh struchtúr nua an Údaráis ag teacht le príomhspriocanna na straitéise maidir le cur le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Sin an fáth go bhfuil dréachtú na reachtaíochta sonraithe mar thosaíocht agam,” a dúirt sé.

Bhí obair ar an reachtaíocht ar siúl agus bhí sé dóchasach go mbeadh ar a chumas an réamhobair a thabhairt os comhair an Rialtais go luath.

Tuigtear don cholún seo gur bord níos lú, le meascán de dhaoine tofa agus ainmnithe, atá faoi chaibidil ach nach bhfuil na sonraí socraithe go fóill.

Tá cruinniú le bheith ag Carey agus cathaoirleach bhord an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin, inniu agus beidh athstruchtúrú agus reachtaíocht nua ina bpríomhábhair chainte acu.