Beannaithe an té atá i measc na mBishnoi

NÍ DHÉANFADH bean as Baile Átha Cliath 4 é

NÍ DHÉANFADH bean as Baile Átha Cliath 4 é. Ní dhéanfadh, ná in aon áit eile in Éirinn – cíoch a thabhairt d’ainmhí, oisín, abair, a bhí fágtha ina dhílleachta. Ach sin iad na Bishnoi duit, mionlach beag i Rajasthan na hIndia. Tá 600,000 díobh ann ach fós is mionlach beag iad i bhfo-ilchríoch dhaoineach na hIndia.

An ait leat an focal ‘dílleachta’ in úsáid agam? Nach daoine amháin – páistí – a fhágtar ina ndílleachtaí? Ní hea, a deir na Bishnoi. D’fhéadfadh camall a bheith ina dhílleachta. Agus an ceart acu. Tá an t-ainmhí chomh luachmhar leis an duine i súile na mBishnoi.

Cé hiad féin agus cad is bunús lena gcreideamh neamhghnách? Ní ghlacann siad leis an nós atá coitianta i measc a gcomhthíreach, an marbhán a chréamadh.

Adhlactar na Bishnoi. Níor mhaith leo go bhfágfaí na péisteanna bochta gan suipéar. Agus cén fáth a marófá crann chun duine marbh a dhó? Fastaoim, a deir na Bishnoi.

READ MORE

Ní leagfaidís crann ar ór ná ar airgead. Fanann siad go bhfaighidh an crann bás nádúrtha sula mbaineann siad leas as an adhmad. Is snoíodóirí den scoth iad.

Is diail an dream iad i ngach slí, im thuairimse. Éiclaochra leis na cianta, blianta fada sularbh ann don choincheap ná don téarma sin. Cá bhfaighfeá a macasamhail ar chlár na cruinne?

Cén fáth a bhfuil meas an domhain acu ar an dúlra, ar ainmhithe agus ar phlandaí? Ní hé go bhfuil an ceantar ag brúchtaíl le torthúlacht. Ní hé Machaire Méith na Mumhan é. Gaineamhlach atá ann. Cuireann na Bishnoi umair uisce ar fáil do na fianna i gcaitheamh an tsamhraidh. Tuigeann siad go maith cad is triomach ann.

Abraimis go raibh nead seangán sa chomharsanacht agus na seangáin ag máirseáil isteach sna tithe acu.

Cad a dhéanfadh na Bishnoi sa chás sin? An nead a scriosadh ab ea? Ní hea ach cloch a leagan ar bharr na neide; sa tslí sin, bogfaidh na seangáin i dtreo éigin eile agus ní chuirfidh siad isteach ar na Bishnoi níos mó.

Fear a rugadh sa bhliain 1451, Jambaji nó Jambeshwar Bhagavan, a chuir tús leis na Bishnoi. Chuir sé 29 prionsabal os comhair an phobail agus ghlacadar leo – ‘bish’ is ea fiche agus ‘noi’ is ea naoi: Bishnoi.

I measc na bprionsbal sin bhí comhbhá leis an uile ní beo, veigeatóireachas agus ionracas. Agus tá na Bishnoi ag seasamh go stóinsithe leis na prionsabail sin ó shin, bail ó Dhia orthu.

Má chloiseann siad go bhfuil dream éigin amuigh ansin i mbun seilge, cloisfear an liú “Shikar!” (Seilg!) agus brostóidh na Bishnoi chun na hainmhithe a chosaint.

Sular cailleadh a ngúrú, Jambaji, dúirt sé go mbeadh an boc dubh ann i gcónaí mar shiombail nó mar léiriú ar a ghrásta. Is ionann boc dubh a mharú mar sin agus an gúrú a mharú.

Bí cúramach. Má tá fút cuairt a thabhairt ar Rajasthan lá breá éigin, seachain nach dtabharfá cic do bhoc dubh nó bheadh boc de Bhishnoi sa mhullach ort sula mbeadh am agat “Dia le m’anam” a rá. Dáiríre. Ní haon jóc iad.

NÍ HAMHÁIN go seachnaíonn siad alcól, drugaí agus tobac, ní ólfaidís braon tae fiú amháin ar eagla go n-éireoidís róthugtha dó. Dream tufáilte is ea iad gan aon agó. Neamhspleách. Diúltaíonn siad glacadh le cúnamh ón rialtas in am an ghátair.

Tá a gcuid mairtíreach féin acu agus ní dhéanfaidh siad dearmad orthu. Beag an baol. Duine acu, Amrita Devi. Í féin agus breis is 360 Bishnoi a fuair bás agus iad ag iarraidh a gcuid crann a chosaint.

Tuairim is 200 bliain ó shin bhí crainn ag teastáil ó Mhaharaja Jodhpur dá phálás agus chuir sé a chuid saighdiúirí amach á leagan. Bhuel, chuala sibh trácht ar hipithe (agus filí, nó cuid acu ach go háirithe) a bhéarfadh barróg ar chrann?

Nár rug Amrita Devi agus a cairde barróga ar na crainn ach má dhein leagadh iad go léir i dteannta na gcrann. (Dícheannaíodh Amrita Devi bhocht). Cuimhneofar go brách orthu.

Ná ceapaimis gur scéal an-ait é scéal na mBishnoi mar nach ea. Bhí tráth ann agus bhí caidreamh beannaithe againne, leis, le ríocht na n-ainmhithe agus leis an timpeallacht go léir.

Mar a deir Miranda Green sa leabhar Animals in Celtic Life and Myth(Routledge, 1992): "Every tree, mountain, rock and spring possessed its own spirit or noumen."

Agus níl an creideamh sin marbh ar fad, mar is eol dúinn. Nuair a bhí an tótamachas i réim in Éirinn bhí ceangal speisialta againn leis an bhfia, cuir i gcás, an broc, an béar, an fiach dubh, an dobharchú, an eala, an fiolar, an luch, an lon, an torc, an capall, an cat, an faolchú, an cú, an eascann, an bradán. D’imigh an bradán feasa agus tháinig an bradán deataithe ina áit.

N’fheadar an sean-Cheilteach go bunúsach mé, ach táim thar a bheith tógtha leis na héin.

Sa leabhar Celtic Spiritualityle Oliver Davies agus Thomas O'Loughlin (Paulist Press, 1999) léitear: "Birds may have been in some sense auguries in pre-Christian Ireland, and the religious iconography of the continental Celtic tradition is full of the representation of deities as animals and birds. It is possible that practices that could be classed as quasi-shamanistic formed part of religion in some parts of the early Celtic world and that ancient animal figures are actually men or women dressed up as animals. There is some evidence from Ireland that early bards wore a costume of bird-feathers, and transmogrification plays a significant part in the mythology of both Wales and Ireland."

N’fheadar an bhfuil macalla le fáil ar an méid sin i “muince dreoilín” Mhichíl Uí Airtnéide? Ní déarfaidh mé faic faoin eireaball spideoige ach go bhfuil móitífeanna go leor amuigh ansin don scoláire cíocrach, móitífeanna a cheanglaíonn sinn le gach dúil bheo agus le hadhradh na ndúl.

Más ait leat scéal na mBishnoi níl naomhsheanchas na hÉireann ar eolas agat mar tá na scéalta sin breac le tagairtí don ghaol speisialta a bhí ag na sean-naoimh le ríocht na n-ainmhithe.

Naomh nár chuala mé trácht uirthi go dtí le déanaí is ea Naomh Melangell. Banphrionsa Éireannach ab ea í a dtugtar ómós di go dtí an lá inniu i dtuaisceart na Breataine Bige. Sa bhliain 604 chuaigh an Prionsa Brychwel Ysgithrog ag fiach giorria. Tháinig an lucht seilge ar an maighdean, Naomh Melangell, agus í i mbun rinnfheithimh i lár an uaignis.

Bhí tearmann faighte ag an ngiorria faoi fháithim a gúna. Bhí an prionsa chomh tógtha sin léi gur chuir sé tearmann á thógáil di san áit sin agus is iomaí duine agus ainmhí a fuair sólás ann ón lá sin amach. Go dtí an la inniu, ní sheilgtear an giorria sa dúiche sin. Bheadh Naomh Melangell ag baile i measc na mBishnoi.

Ar na leabhair is déanaí ón údar tá Uttering Her Name (Salmon Poetry) agus dhá leabhar ar chúrsaí haiku ó Cambridge Scholars Publishing, Haiku Enlightenment agus Haiku, the Gentle Art of Disappearing