Bean le fis

Bronnadh Gradam an Phiarsaigh an tseachtain seo caite ar Adi Roche, bean a bhfuil cáil dhomhanda uirthi as a bhfuil déanta aici…

Bronnadh Gradam an Phiarsaigh an tseachtain seo caite ar Adi Roche, bean a bhfuil cáil dhomhanda uirthi as a bhfuil déanta aici chun fóirithint ar pháistí Chernobyl, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Agus an gradam á ghlacadh aici ón Aire Éamon Ó Cuív, sa Chultúrlann, Baile na Manach, Baile Átha Cliath, dúirt sí go mbeadh a tuismitheoirí, atá ar shlí na fírinne anois, thar a bheith bródúil aisti an gradam a fháil: "Tagaim ó chúlra a bhí sáite i náisiúnachas.

Mhúin mo thuismitheoirí go praicticiúil dom gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, is é sin go raibh sé tábhachtach earraí Gaelacha a cheannach agus cabhair a thabhairt do dhaoine faoi mhíbhuntáiste . . . Ba laoch é Pádraig Mac Piarais sa teaghlach sa bhaile.

Nuair a thug an chlann cuairt ar a theach i Ros Muc, ní raibh mé ach timpeall 14 bliain d'aois, ach chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm.

READ MORE

"Bhí obair an Phiarsaigh, sna réimsí cearta sibhialta, oideachais agus mar scríbhneoir, inspioráideach dom agus mé ag fás aníos.

"Ní raibh eagla riamh air roimh an bhóthar crua agus nuair a tharla timpiste Chernobyl lean mé a threoir agus thapaigh mé an deis an rud ceart a dhéanamh."

Comhtharlúint a bhí ann gur bronnadh Gradam an Phiarsaigh i mbliana ar an lá céanna agus a tharla an tubaiste i stáisiún núicléach Chernobyl 20 bliain ó shin, a dúirt Bláthnaid Uí Bhrádaigh, rúnaí Fhondúireacht an Phiarsaigh.

Bhí an dáta socraithe i bhfad sula raibh liosta na ndaoine a bhí ainmnithe curtha le chéile. Nuair a fógraíodh gurbh í Adi Roche a roghnaíodh don ghradam, is í an cheist a bhí ann an mbeadh sí sa tír ar an lá sin chun glacadh leis.

An oíche roimh an bhronnadh d'eitil Roche abhaile ón Bhealarúis mar a raibh sí ag freastal ar chomhdháil speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe chun toradh tubaiste Chernobyl a phlé.

Bhí sceideal lán aici an lá dár gcionn mar gheall ar an lá a bhí ann ach ainneoin a thuirsí agus a bhí sí ba léir an ríméad a chuir sé uirthi glacadh leis an dealbh den Phiarsach mar oide scoile.

Ba í Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas a d'ainmnigh don ghradam í agus coiste neamhspleách a roghnaigh í. Mheas siad go raibh fís ag Adi Roche a mhúscail pobal na hÉireann dá ndualgas chun buanna na saoirse a tugadh dúinn trí íobairt an Phiarsaigh a chleachtadh i gcúinsí an lae inniu.

  • Tá Rody Gorman, file agus eagarthóir na hirise, An Guth, ar lorg dánta i nGaeilge nó i nGàidhlig don cheathrú heagrán. Cuirfidh sé fáilte roimh dhánta ach iad a sheoladh chuige ag: anguth@btinternet.com