Baincéirí sna cúlsheomraí a bhris an tír

CROBHINGNE: NÍORBH IAD na státseirbhísigh ar a gcupán caife, ná na glantóirí sráide nár phioc suas an bosca toitíní, ná an bacach…

CROBHINGNE:NÍORBH IAD na státseirbhísigh ar a gcupán caife, ná na glantóirí sráide nár phioc suas an bosca toitíní, ná an bacach sráide ar an droichead ag lorg déirce, na an mangaire sráide a chaith úll lofa isteach sa mhála, ná an freastalaí siopa a thug an briseadh mícheart duit, ná an tiománaí bus míbhéasach a bhris an tír.

Is iad na baincéirí ina gcúlsheomraí a bhris an tír.

Ná níorbh é an siúinéir ar a sháibhín só, ná an gréasaí ar a cheap is ar a leathar, ná an feirmeoir ag tomhas na gaoithe, ná an cúipéir ina bharúlacha, na an súdaire ar a chúl, ná an bríbhéir ag breabaireacht, ná an cócaire go fiú ag cócaireacht na leabhar a bhris an tír.

Is iad na baincéirí ina gcúlsheomraí, agus na sealbhóirí bannaí a chuir síos geall a bhris an tír.

READ MORE

Ná níorbh é an fáidh gan fáth, ná an t-amhránaí ar a sheachtú véarsa is trí fichid, ná an péintéir gan dath, ná an dealbhóir gan chruth, ná an peileadóir gan bhróg, ná an marcach gan each, ná an chearc ar gor, ná an goraire ar chúinne sráide, ná an reiligeoir cam.

Is iad na baincéirí ina gcúlsheomraí, agus na sealbhóirí a chuir síos geall, agus an rialtóir airgeadais nár rialaigh a bhris an tír.

Ná níorbh é an t-aisteoir ar a stáitse ag asstóireacht, ná an ceoltóir ar a scriob-scrab ag scrábaireacht, na an píopaire ina phálás ag pápaireacht, ná an gealt ina ghealtlann ag gileacht, ná an mairnéalach ina phóca ag méirínteacht, ná an dochtúir ina sheanaois ag dodaireacht, ná an garda ar a ragobair ag gairdeachas, ná an sagart ina bhosca go foisteanach, ná an cailín aimsir ar aimsir go haimhleasach a bhris an tír.

Is iad na baincéirí ina gcúlsheomraí, agus na sealbhóirí bannaí a chuir síos geall, agus an rialtóir airgeadais nár rialaigh, agus na polaiteoirí nár bhac a bhris an tír.

Ná níorbh é an t-inimirceach isteach lena bhean is lena leathmhilliún clainne, ná ár gcuid tincéirí rua féin lá aonaigh is margaidh, ná na fir taxi a bhfuil fios gach feasa acu, ná lucht dhá phionta a ól ar a seal oíche Shathairn, ná bean na dtrí mó, ná an té nár íoc athair an eathair, ná an rud a thug an madra isteach, ná cailleacha an chrua cháis, na Cáit ag breith clainne is a tinneas ar Dhónall a bhris an tír.

Is iad na baincéirí ina gcúlsheomraí, agus na sealbhóirí bannaí a chuir síos geall, agus an rialtóir airgeadais nár rialaigh, agus na polaiteoirí nár bhac, agus na tógálaithe tógálacha a bhris an tír.

Ná níorbh é Tadhg an Dá Thaobh, ná Max Headrúm, ná an maidrín lathaí, na an slíbhín féin, ná an spailpín fánach, ná sin é é, ná an scoláire tartmhar, ná an buachaill sa chúinne, ná an mucarlach mascalach, ná an fimíneach feimineach, ná an smugarlach srónach, ná an duine nár smaoinigh riamh ar theach saoire a cheannach sa Bhulgáir, ná brídíní béasacha uile an iarthair, ná an duine nach raibh riamh aige ach an t-aon smaoineamh amháin, ná Ray na Raithní, ná Neansaí na Neantóige, ná Néall an Ime, ná Murcha Mánas, ná Muin Marc agus a chéile a bhris an tír.

Is iad an baincéirí ina gcúlsheomraí, agus na sealbhóirí bannaí a chuir síos geall, agus an rialtóir airgeadais nár rialaigh, agus na polaiteoirí nár bhac, agus na tógálaithe tógálacha, agus lucht sainte an dara agus an tríú tí a bhris an tír.

Ná níorbh iad mise ná tusa, ná do mhuintir féin, ná do lucht aitheantais, ná do chuid col ceathracha dá olcas iad, ná an duine úd ar imir tú ficheall leis an oíche cheana, ná an duine ónar cheannaigh tú nuachtán sa tsráid, ná an cailín gramhasach sa bhialainn a bhfuil bearradh gruaige ar a pá cheana féin, ná Pádraig an Post, ná Tomás an Taincinnill, ná Greg an Ghrúdaire, ná Mol Dubh an Leanna, ná Marilyn Mhóin Rua, ná Sailí na Páirce, ná Mearbhall an Striapach, ná Bob Mac Duail.

Is iad na baincéirí ina gcúlsheomraí, agus na sealbhóirí bannaí a chuir síos geall, agus an rialtóir airgeadais nár rialaigh, agus na polaiteoirí nár bhac, agus na tógálaithe tógálacha, agus lucht sainte an dara agus an tríú tí, agus na daoine a vótáil na lofairí lofa isteach a bhris an tír.

Ná déantar dearmad a choíche ná go deo air. Ná ligtear an ceacht i ndíchuimhne. Nuair a bheidh na hargóintí suaracha beagmhaitheasacha á dtarraingt amach cuimhnítear air go brách: is iad na baincéirí ina gcúlsheomraí, agus na sealbhóirí bannaí a chuir síos geall, agus ...

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar