Baboga baotha

Beocheist: The Russians have banned Barbie and they were right to do so, argues Máiréad Ní Chinnéide

Beocheist: The Russians have banned Barbie and they were right to do so, argues Máiréad Ní Chinnéide

Cad é an bréagán is mó a bhfuil tóir air an Nollaig seo?" a d'fhiafraigh mé de bhainisteoir cheann de na siopaí móra bréagán san ardchathair. "Na bábóga Bratz," an freagra a fuair mé ach, ar seisean, "beidh deacracht agat ceann a fháil mar tá siad díolta amach sa chuid is mó de na siopaí."

"Cén fáth go bhfuil éileamh chomh mór sin ar na bábóga Bratz? Cén chosúlacht atá orthu?"

"Is gnáthbhábóga iad, cosúil le Barbie ach níos nua-aoisí. Tá sé cinn difriúla ann agus ainm ar leith ar gach ceann acu."

READ MORE

"An bhfuil éileamh fós ar na bábóga Barbie?"

"Tá cinnte. Bíonn tóir mhór orthu sin i gcónaí."

Nuair a léigh mé ar na mallaibh go raibh cosc curtha ag Roinn Oideachais na Rúise ar an bhábóg sin ar a dtugar Barbie chonacthas dom gurbh é sin an dea-scéal is fearr ón tír sin ó tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéideach.

I mo thuairimse, is bábóg ghránna í Barbie agus aontaím go hiomlán leis na húdaráis i Roinn Oideachais na Rúise a dúirt nach raibh an íomhá ghnéasúil a chruthaíonn sí, lena cosa fada caola, a com seang agus a brollach ard, agus an bhábóg fir a bhíonn á tionlacan, fóirsteanach ar chor ar bith do pháistí óga.

Cúis eile a thug na húdaráis sa Rúis chun cosc a chur ar Bharbie is ea an dóigh a spreagann sí páistí an-óg chun airgead a chaitheamh ar earraí nach bhfuil gá leo. Bean óg ghalánta í Barbie a mbíonn gach sórt uirlisí áilleachta agus trealamh faisin aici. Dar leo mealltar na páistí chun a cheapadh gur cuid riachtanach den saol na hearraí seo.

Mar a bheifeá ag súil leis bhí go leor oideachasóirí sa Rúis a bhí i gcoinne an choisc seo ar Barbie. Céim siar a bhí ann i stát ina raibh an pobal ag dul i dtaithí ar an chóras caipitileach, dar le cuid acu.

Dúirt síceolaí amháin nach raibh aon chruthúnas cinnte ann go spreagfadh an bhábóg páistí chun suim a chur i gcúrsaí gnéis ag aois ró-óg. Ba chúis bhuartha di, ámh, go spreagfadh colainn chaol sheang na mbábóg Barbie girseacha óga na Rúise chun dul ar aiste bia ag aois an-óg agus iad ag iarraidh colainn mar an gcéanna bheith acu. Ba cheart dar léi bábóga de chruthanna éagsúla bheith ar fáil.

Aontaím léi. Tá sé olc go leor do lucht fógraíochta agus díolacháin bheith ag cur brú ar mhná fásta dul ar throscadh chun cuma mhínádúrtha a chur ar a gcolainn. Is díol náire é an brú céanna a chur ar ghirseacha óga. Is beag Éireannach mná atá sé throigh ar airde, nó a bhfuil tóin agus brollach uirthi mar atá ar Barbie. Is dócha gurb amhlaidh an scéal sa Rúis.

Ós rud é nach bhfuil siad ar fáil sna siopaí, scrúdaigh mé an chatalóg chun fáil amach cén difríocht atá idir Barbie agus na bábóga Bratz, atá tar éis an ceann is fearr a fháil uirthi i margadh na tíre seo.

TÁ cuma níos óige ar na Bratz ná mar atá ar Barbie, iad gléasta mar a bheadh popcheoltóirí sna déaga, ach ba chúis shásaimh dom a fheiceáil folt dubh bheith ar thriúr acu agus cneas dorcha ar bhábóg amháin acu.

Ach dála Barbie tá cosa fada caola agus com seang ag gach ceann acu, cé nach bhfuil an brollach chomh hard ná chomh mór agus atá ag Barbie.

Ach is léir go bhfuil na déantúsóirí ag glacadh leis go bhfuil suim ag na páistí a shúgraíonn leo i gcúrsaí gnéis.

Mhínigh bainisteoir an tsiopa bréagán go bródúil dom go raibh beirt bhábóg fir sa tsraith Bratz, Dillon agus Cameron.

"An amhlaidh nach bhfuil éileamh níos mó ar an bhábóg thraidisiúnta a bhfuil cuma linbh cúpla mí d'aois uirthi?" a d'fhiafraigh mé de.

Thaispeáin sé dom ar na seilfeanna iad, maraon le cliabháin, pramanna, bugaithe, agus go leor eile den trealamh a bhíonn ag leanbh óg. Ach ar seisean, "Tá na bábóga sin fós ar na seilfeanna. Tá na bábóga Bratz imithe agus níl ach fíorbheagán bábóga Barbie fágtha."

Is léir nach bhfuil girseacha na linne seo chun géilleadh don bhrú a cuireadh ar na glúnta a chuaigh rompu suim a chur i gcúrsaí máithreachais ag aois ró-óg.