Béarla buí

Ghlacfadh sé cuid mhór le go gcuirfeadh Manchán Magan olc ar dhuine - ach d'éirigh lena chlár nua, No Béarla, olc a chur ar dhaoine…

Ghlacfadh sé cuid mhór le go gcuirfeadh Manchán Magan olc ar dhuine - ach d'éirigh lena chlár nua, No Béarla, olc a chur ar dhaoine gasta go maith.

Chinn Magan taisteal thart ar Éirnn gan Béarla a labhairt agus chuir sé forrán ar dhaoine le léiriú nach raibh Gaeilge acu. Bhí sé ag iarraidh a chruthú go raibh an Ghaeilge marbh, rud a dúirt sé ar ócáid nó dhó le linn an chláir.

Is mór idir inniu agus inné chomh fada agus a bhaineann sé le ceist na teanga, gan amhras. Caoga éigin bliain ó shin, chuaigh an scoláire Heinrich Wagner ar camchuairt thart ar Éirinn agus rinne taighde acadúil ar na canúintí uilig. Atlas teangeolaíochta ceithre imleabhar a bhí mar thoradh ar a chuid oibre. Ní gá anois ach ceamara le dul i mbun an chineál sin oibre agus do chuid conclúidí a chraoladh ar chlár leathuaire.

Mar sin féin, scríobh Wagner líne a mbeadh Magan ag teacht leis: "My main problem was to find out where native Irish was still available. Irish is rapidly dying out practically everywhere despite having been fostered strongly by Irish governments."

READ MORE

Is i mBaile Átha Cliath a chuir Magan ceann ar a chamchuairt agus ní cainteoirí dúchais ach cainteoirí de chineál ar bith a bhí uaidh. Níorbh fhada go bhfuair sé fianaise nach raibh Gaeilge ag Dubanna faoina ngeansaithe Man U. Thug sé cuairt bus thart ar an chathair agus focal Gaeilge ní raibh ag an tiománaí. Chreid sé go raibh an lá leis. Níorbh amhlaidh é; níorbh fhada gur tugadh bréag do théis Magan.

Agus é i mBewleys, lorg sé bricfeasta. Gaeilge a labhair sé leis an bhean freastail agus cé nach raibh labhairt na Gaeilge aici, thuig sí é agus chaith go cúirtéiseach leis.

Thug sé cuairt stairiúil ar phríosún agus, iontas na n-iontas, bhí Gaeilge bhreá ag an treoraí.

Thriail Magan litreacha a sheoladh in Ard-Oifig an Phoist. I nGaeilge a labhair sé agus cé nach raibh Gaeilge mhaith ag an fhear taobh thiar den chuntar, rinne sé a dhícheall agus thug cuidiú dó.

Ghlac Magan páirt i gclár raidió ach labhair sé Béarla! (Nach ag briseadh a chuid rialacha féin a bhí sé?) Thairis sin, thug bean amháin de na héisteoirí íde béil dó as a rá go raibh an Ghaeilge marbh. Bhí an bhean óg seo sna 20í agus í ag iarraidh snas a chur ar a cuid Gaeilge.

Agus sin agat an chuid ba chiallmhaire den chlár. Is cinnte nach bhfuil Gaeilge líofa ag mórán daoine ach tabhair seans dóibh í a chleachtadh agus ní fada go mbeidh sí acu.