Bás tíogair

 

CROBHINGNE: DHÁ BHLIAIN ó shin cruinn díreach fuair an Tíogar Ceilteach bás. Bhí sé ag lagú le tamall roimhe sin, ach ní raibh an t-eolas sin ag aon duine seachas ag madraí na sráide agus ag lucht taxi.

Táimid ag maireachtaint le boladh an chorpáin ó shin, agus bíodh gur léir ón scrúdú iarbháis cé faoi dear an marú, ní baol nach bhfuil sé chomh soiléir céanna conas is fearr na putóga a scaradh ar fud an chláir.

Nuair a shiúil na bancéirí isteach chun casadh leis an Rialtas ar an oíche Luain sin an 29ú de Mheán Fómhair 2008 bhíomar fós inár gcónaí san 21ú haois.

Nuair a shiúil siad amach go daith an mhaidin dár gcionn nuair ba cheart do thaoiseach a bheith ag ceol, bhíomar tite siar isteach i ngeimhreadh 50í na haoise roimhe sin.

Bhí a fhios ag na bithiúnaigh agus ag na bancéirí cad a bhí uathu, agus fuair siad é, mar bíonn a fhios acu i gcónaí.

Bhí a fhios ag na húsairí agus na húscairí. Bhí a fhios ag na súmairí agus na suthairí. Ní raibh tuairim dá laghad ag na hairí agus ag na hairneánaithe ar an taobh eile den bhord. Tá an chuma air nach bhfuil tuairim ar bith acu fós.

Ceann de na deacraí a bhain le cúrsa an scéil ná easpa prionsabail. Ní prionsabail mar alt creidimh dobhogtha, mar staic reoite nach ligfidh duit cor a chur ded bhuarach nuair is gá athrú a dhéanamh.

Ach prionsabal mar mhéar ar eolas de shaghas éigin, buntuiscint sholasmhar a bheidh ina áis mhínithe duit, a chabhróidh leat ciall éigin a bhaint as an mearbhall, go fiú ar a trí a chlog ar maidin nuair nach bhfuil sé fós ina lá.

Bhí na prionsabail sin siar amach go dtí Monte Carlo agus na hOileáin Cayman agus gach poll folaigh airgid eile ag na bancéirí agus ag na bithiúnaigh a bhfuil ár gcuid den saol ar na cranna acu.

Is iad na prionsabail sin ná gurb é an t-airgead an t-aon bhuachaill amháin, gur cuma sa tsioc conas a leagann tú do lámha smeartha air, agus gurb amadáin gach duine eile nach dtuigeann an méid sin.

Bhí an ceart ar fad acu maidir leis an gcuid dheiridh den chorcán trí gcos sin, amadáin ba ea gach duine eile.

Níor thuig na hairí agus na hairneánaithe na prionsabail a bhain leis an gcluiche mórthábhachta seo.

Tugann úsairí agus cearrbhaigh idirnáisiúnta airgead ar iasacht do na húsairí agus na cearrbhaigh in Éirinn a thugann an t-airgead céanna ar aghaidh go dtí úsairí agus cearrbhaigh áitiúla chun ús agus biseach airgid a dhéanamh ar ghnáthallas ghnáthdhaoine.

Nuair nach féidir le gnáthallas ghnáthdhaoine an t-ús agus an gaimbín agus an t-airgead fola a aisíoc tosnaíonn an paca cártaí ag titim anuas uidh ar n-uidh go dtí nach bhfuil fágtha ach na húsairí agus na cearrbhaigh idirnáisiúnta.

Is é an t-ús an t-úsc a choimeádann beala le rotha gréisciúla an mhargaidh, is é an t-ús an t-úd a ghnóthaíonn tú nuair a dhéanann tú ceap magaidh de chách a chéile. Is í an iasacht an iarracht a dhéantar an t-úsc a choimeád san ús.

Níl aon duine sásta loighic an chearrbhachais a leanúint. Má ineistíonn banc, is é sin, an margadh, is é sin, úsaire, is é sin cearrbhach, má ineistíonn sé comhthaobhach, is é sin, leachtacht, is é sin, airgead, i mianach copair san Rúratáinia, agus má theipeann ar an bhfiontar, cailltear an geall. Cailltear an t-airgead.

Tá imithe húis! Síos an poll! Slogtha go héag! Suas an clós! Ach má ineistítear i mbanc in Éirinn, agus má theipeann ar an bhfiontar, ní chailltear an geall in aon chor. Íoctar fós. Ní hí sin loighic an chearrbhachais.

I lár an sceimhle seo lorgaítear slánaitheoir, buachaill bán, giolla mear, mac an cheannaí féin. Agus cé air a leagann an pobal a ghean ach duine díobh siúd a bhí i láthair an oíche mhí-ámharach úd dhá bhliain ó shin agus a dhíol an tír leis na gallgheallghlacadóirí!

An briainín luaineach a ghluais go mear le glao ar Chathal Goan in RTÉ ag gearán go raibh madraí na sráide agus lucht taxi ag bolú an choirp lofa agus nár mhiste beagán cúráin a scaipeadh, an méid seo go díreach roimh an ola dhéanach.

Duine a bhí mícheart gach uair dár oscail sé a bhéal maidir leis na figiúir fhialmhara airgid ba ghá a ghoid ón tír le tabhairt do na cearrbhaigh a chaill.

Duine a bheidh mícheart an chéad uair eile a osclóidh sé a bhéal mar níl ann ach puisín deas mánla suas is anuas le tíogair ghránna na n-úsairí, na n-úscairí agus na súmairí nach mbeidh sásta go dtí go mbeidh an tír blite go héag agus sniogtha go smúsach acu.