Athstruchtúrú

D’FHÓGAIR AIRE na Gaeltachta, Pat Carey, go leanfaí le maoiniú na n-eagras deonach Gaeilge a fhad agus a bhí ról agus athstruchtúrú…

D’FHÓGAIR AIRE na Gaeltachta, Pat Carey, go leanfaí le maoiniú na n-eagras deonach Gaeilge a fhad agus a bhí ról agus athstruchtúrú na n-eagras sin faoi scrúdú ag Foras na Gaeilge.

Bhí cruinniú ag na heagrais Dé hAoine le plépháipéar dá gcuid féin a shocrú agus moltaí a chur faoi bhráid an Fhorais ar an cheist.

Pléifidh bord an Fhorais féin cás na n-eagras Dé hAoine agus beidh cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ann seachtain ón lá inniu leis an ábhar céanna a phlé.

Dúirt Carey leis an cholún seo go mbeadh “na moltaí agam go luath agus beidh airgead eatramhach ar fáil do na heagraíochtaí fad is atá an chéad chuid eile den phróiseas á chur i bhfeidhm.

READ MORE

“Caithfear a bheith réalaíoch agus glacaim leis go dtógfaidh sé tamall athstruchtúrú mar seo a chur i gcrích ach ní hionann é sin is a rá go gcuirfear an obair seo ar an méar fhada.

“Táim sásta ón méid atá cloiste agam ó na heagraíochtaí go dtí seo go dtuigeann daoine go bhfuil gá le cur chuige nua agus nach athruithe ar mhaithe le hathruithe atá i gceist”.

Chreid sé go raibh an sprioc chéanna ag lucht na Gaeilge uilig, earnáil níos éifeachtaí a fhorbairt agus earnáil a bhí bunaithe ar fhís agus ar chomhoibriú, dhá thréith a bheadh ag teastáil dá mbíodh rath le bheith i ndán do Straitéis 20 Bliain na Gaeilge.

Bhí an straitéis féin le bheith bunaithe ar chomhtháthú agus phleanáil aontaithe, a dúirt Carey.

Mhol sé na heagrais as “obair luachmhar” a dhéanamh agus ba chóir dóibh amharc ar an phróiseas mar dheis le fís don Ghaeilge a aontú agus a fhíorú.

Ba mhaith leis go mbeadh “ionchur láidir” ag na heagrais sa phróiseas mar d’éireodh ní b’fhearr leis an fhiontar “muna mbíonn an leagan amach úr á bhrú ar dhaoine”.

Thug Foras na Gaeilge le fios do na 19 eagras a bhí faoina gcúram ag deireadh 2009 nach leanfadh siad le maoiniú bliantúil a thabhairt dóibh agus nach mbeadh deontais le híoc leo i ndiaidh 30ú Meitheamh i mbliana.

Rinne siad an socrú sin de bharr treorach ón Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas a d’iarr orthu athbhreithniú a dhéanamh ar obair na n-eagras.

Tá éiginnteacht faoi chúrsaí airgid ag cur as do na heagrais ó shin agus ag cothú deacrachtaí fostaíochta do chuid acu. Dúirt duine amháin san earnáil dheonach go raibh “faoiseamh” éigin ag na heagrais ó rinne Carey a chinneadh.