Athrú róil

 

LE COIS bheith ag léamh cáipéisí agus tuarascálacha, bhí Nollaig ghnóthach ag Éamon Ó Cuív. Bhí cruinniú aige le Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG) agus Údarás na Gaeltachta.

Dúirt urlabhraí thar a cheann gur "luaigh sé go raibh sé ag lorg comhtháthú i bhfad níos mó idir an dá eagraíocht chun dúbailt a sheachaint. Dúirt sé go gcaithfear a scrúdú an bhfuil gá le dhá eagraíocht státmhaoinithe go fadtéarmach sa Ghaeltacht." D'iarr sé ar an dá eagras bualadh le chéile agus lena Roinn le "plé a dhéanamh conas is féidir dúbailt a sheachaint chun an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an Stáit".

Bhí cruinniú ag Ó Cuív fosta le Foras na Gaeilge agus é ag iarraidh fáil amach "cén bealach is fearr le polasaí an Stáit a chur chun cinn, go háirithe i gcomhthéacs an straitéis 20 bliain. Is eagraíocht uile-Éireann í Foras na Gaeilge. Má tá rudaí le déanamh sa Stát amháin, b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr iad a dhéanamh trí eagraíochtaí atá ag feidhmhiú sa Stát amháin. Mar shampla, luaigh an tAire an obair dhifriúil a dhéanann Tourism Ireland agus Fáilte Ireland."

Dúirt Ó Cuív roimhe seo gur cheap sé go raibh barraíocht eagras teanga ann. Bíodh is go bhfuil sé ag caint "go fadtéarmach" ar rólanna MFG agus an Údaráis, tá impleachtaí don dá eagras ina ráiteas san am atá le teacht.

Tá impleachtaí fosta d'Fhoras na Gaeilge ina chuid cainte. Is fada lucht na Gaeilge agus roinnt de na eagrais dheonacha ag gearán faoin Fhoras agus iad den tuairim go raibh an Foras ag cur cúil ar fhorbairt na teanga sa Stát. Gan amhras, ní bheadh an Foras ag teacht leo sa cháineadh sin.

Is cosúil go bhfuil Ó Cuív anois den bharúil nach é an t-eagras is fóirsteanaí é leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa Phoblacht. Sa chás go n-éiríonn leis athrú a dhéanamh - agus níl againn ach an leid is lú cad é atá i gceist aige - ísliú céime a bheadh ann don Fhoras. Bíodh sé ina eagras 'uile-Éireann' nó ná bíodh, bheadh béim as an nua ar ról na n-eagras teanga sa Stát.