As cló

THÁINIG NÓTA chugam ó Chló Iar-Chonnachta an tseachtain seo caite

THÁINIG NÓTA chugam ó Chló Iar-Chonnachta an tseachtain seo caite. Tá mé le leabhar a scríobh dóibh do dhéagóirí agus bhí iarratas againn i gcomhar le chéile ar choimisiún dom faoi Chlár na Leabhar Gaeilge, scéim de chuid Fhoras na Gaeilge a thugann tacaíocht airgid do scríbhneoirí saothar a chur ar fáil.

Mhínigh an foilsitheoir nach raibh aon choimisiún faighte agam, nach raibh míniú ar bith tugtha cén fáth nach raibh coimisiún faighte agus go raibh díomá ar Chló Iar-Chonnachta nár éirigh leis an iarratas. Bíodh sin mar atá, bhí súil acu go leanfainn den leabhar. Leanfaidh, a dúirt mé.

Ba é Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív a chuir deireadh le Bord na Leabhar Gaeilge agus a d’aistrigh cúram na leabhar faoin Fhoras. Níor mhínigh sé go sásúil riamh cén fáth go ndearna sé é sin agus níor chosúil go raibh gach foilsitheoir ag iarraidh athrú den sórt. B’fhéidir go ndearna sé an t-athrú i ndúil is go dtiocfadh tuilleadh feabhais ar chúrsaí scríbhneoireachta. I gcás an scríbhneora seo de, ní hamhlaidh an scéal.

Roimhe seo, bhí an seanbhord leabhar neamhspleách ar an Fhoras – agus seo ceann de na rudaí díomácha faoi chinneadh seo an chláir – thug an seanbhord tacaíocht dom leabhair eile d’fhoghlaimeoirí agus do dhéagóirí a scríobh mé. Tá sraith bheag leabhar agam san earnáil seo nach mbeadh scríofa murach an tacaíocht sin agus bhain cuid acu gradaim – aitheantas dom féin agus, gan amhras, don bhord as iad a choimisiniú an chéad lá riamh.

READ MORE

Ar ndóigh, níl ceart ar bith ó Dhia agamsa ar thacaíocht – ar an dóigh chéanna is nach bhfuil ceart ar bith ó Dhia ag an Fhoras ar airgead cáiníocóirí.

Ar íoróin an tsaoil, níor luaithe an drochscéala ón Fhoras gur tháinig preasráiteas uathu faoi scéim leabhar eile dá gcuid: “Fuair breis agus 9,000 páiste ó scoileanna ar fud an oileáin blaiseadh de shaol an údair mar chuid de thionscadal Fhoras na Gaeilge, ‘Scríobh Leabhar’. Faoin scéim seo chum, dhear agus d’fhoilsigh daltaí ó bhreis agus 100 scoil ar fud an oileáin leabhair i nGaeilge. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo ... údair óga a spreagadh chun pinn.”

Údair óga a spreagadh? Molaim iad ach ná habair go bhfuil an seanleaid seo ar an charn bruscair cheana féin.