Ar scaradh Gall

CROBHINGNE: NUAIR A chuala mé le déanaí go raibh an SNP ag iarraidh rátaí creidmheasa thíortha na hEorpa a ísliú, caithfidh …

CROBHINGNE:NUAIR A chuala mé le déanaí go raibh an SNP ag iarraidh rátaí creidmheasa thíortha na hEorpa a ísliú, caithfidh mé a rá gur baineadh geit asam.

Tá Alex Salmond minic go leor san nuacht gan trioblóidí na margaí a tharraingt anuas air féin. Is ina dhiaidh sin, nuair a labhair an tráchtaire beagán níos soiléire, thuig mé gurbh iad Standard ’n Poors a bhí i gceist aici i bhfoirm giorraithe. Más bocht caighdeán na hurlabhra ag lucht airgeadais b’fhéidir go bhfuil rud éigin ar eolas acu nach feas don chuid eile againn, cé nach dócha é.

Bhainfeadh neamhspleáchas na hAlban craitheadh as cathair Londan, mura mbainfeadh sé oiread sin de phleancadh as an gcuid eile den Bhanríocht Neamhaontaithe. Nach éasca nádúrtha atáthar ag caint ar “rialtas na hAlba”! Nuair a bhím ag éisteacht leis an nuacht aniar aduaidh as na garbhchríocha is simplí agus is saoráideach a sheolann na focail “rialtas na hAlba” ón teanga. Ba dhóigh leat orthu go raibh siad ar shiúl agus bailithe leo leis na blianta. Tá misneach agus féinmhuinín in Albain ar léir do dhuine ar bith a ghabhann go rialta chun na tíre sin é, ach nach n-aistríonn go furasta dá gcuid foirne peile ná rugbaí mar is léir.

Comhartha láidir é go bhfuil fíorbhaol ann go leáfaidh an bhanríocht ná na scéalta sceimhliúla atá á scaipeadh. Argóintí le figiúir is mó atá sa treis, mar is argóintí le figiúir is mó a bhreab an paca rógairí a vótáil ar son na haontachta an chéad mheánoíche riamh. Má pósadh le breab tú, ní baol nach gcoimeádfar le bagairt tú. Is é nach dtuigtear ná nach argóintí atá ar crochadh ar airgead an t-aon chineál amháin a mheánn. Dá mb’ea, bheimisne sa Cheathrú Reich fadó, agus formhór na hÁise i gComhlathas na Síne. Ní raibh náisiúntóirí Dhoire ag iarraidh céimeanna Stormont a phógadh an uair ba bhoichte sinn, agus is deimhnitheach nach raibh aontachtóirí Phort an Dúnáin ar scrobaig clasú linne nuair ba rathúnaí an Tíogar Ceilteach agus seacht dteach maille le traenálaí pearsanta ag na daoine b’ainnise amuigh.

READ MORE

Ní hé nach meánn na háitimh eacnamaíochta brobh, agus uaireanta meánn siad dhá bhrobh, agus ó am go chéile ráineodh go sroichfeadh siad an sifín smaointeach féin, ach ní chnuasaíonnn siad le chéile chun argóna scarúna a dhéanamh iontu féin. Is é an rud eile sin sa bhreis, i leataoibh ón eacnamaíocht, pé é féin féinig féineach, a phollann an lamhnán.

Formhór de thíortha móra an domhain, táid i bhfiacha. Ní chloisim aon fheachtas sna Stáit Aontaithe filleadh ar an rí Seoirse; agus ós rud é go bhfuil an rí Seoirse bancbhriste chomh maith céanna, ní chloisim go bhfuil siad ag cnagadh ar dhoras na bhFrancNormannach; agus ó tharla an Fhrainc i dtrioblóid b’fhéidir gur cheart dóibh triall ar impireacht na Róimhe; agus maidir leis an Róimh féin...

D’fhéadfadh Alba a bheith chomh saor leis an ngabhlán gaoithe, nó ar a laghad ar bith leis an Lucsamburg nó an Danmhairg nó an Iora Rua, agus níl aon chúis nach nglacfaí leo ar bháire nó ar mhachaire fíoriomána idirnáisiúnta ach an oiread le Brunei, Laitvia, Moldova, Samoa, Guetemala, Djibouti, Timor Lorosa’e, An Chipir, Éire agus eile.

Ní cúrsaí airgid a bheidh á gciapadh ar ball, ach na gnáthchrá a leanann tír neamhspleách. Na haontachtóirí nár ghéill riamh, an cúigiú colún laistigh, maoithneachóirí na himpireachta, lucht na bhfillíocha mbeaga, píobairí móra i seomraí cúnga, staraithe nach scríobhann stair, caipitlithe dúchais, bladairí baotha, learairí lúitéiseacha, an díospóireacht shíoraí náisiúnta, eaglais róbhunaithe, an mòd nàiseanta rìoghail, suipéir uí bhroin, cailleacha ar chaonach...

Ar mhí-ámháraí an tsaoil, tá Alba níos buggaráilte suas ná mar atáimidne. D’éirigh linne tuiscint éigin a chur le chéile maidir le cé sinn agus cér dínn agus cad chuige a bhfuil stát againn. Má tá sin á roiseadh agus á leonadh in aghaidh na huaire, tá fós ann i bhfoirm theimhneach mhodartha éigin mar a bheadh spot de sholas in uachtar sléibhe ar an taobh eile den raon in íochtar na cruinne, ach is ann di.

Is tíreolaí go mór í náisiúntacht na hAlba, cé go bhfuil na créachtaí dúchais níos doimhne fós. Ní timpist ar fad é gur Camshrónach atá i gceannas na banríochta faoi láthair, agus gur Cambhéalach a bhí i gceannas go fírinneach le deich mbliana roimhe sin. Is cam sleamhain iad leacracha Theach an Dúnaigh, is cuma Blár nó Brúnach ann ach an oiread.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar