Ar mhaith leat saol eile ar fad a bheith agat?

AR MHAITH leat saol eile ar fad a bheith agat? Ar mhaith leat rud éigin a dhéanamh nár dhein tú riamh cheana, rud eigin fíoreachtrúil…

AR MHAITH leat saol eile ar fad a bheith agat? Ar mhaith leat rud éigin a dhéanamh nár dhein tú riamh cheana, rud eigin fíoreachtrúil nó rud éigin dána, tamall a chaitheamh le striapach nó le gigolo abair? Agus ní gá go mbeadh a fhios ag éinne! Nó ar mhaith leat tú féin agus d’íomhá a athchruthú ón mbonn agus d’aislingí go léir a fhíorú?

Is féidir aon rud is mian leat a dhéanamh má chláraíonn tú leis an suíomh 3-D Second Life. An bhfuilimse tar éis clárú le Second Life? An bhfuil saol eile agamsa? Níl mar a tharlaíonn. Níl saol eile agam, seachas saol na samhlaíochta ar ndóigh agus sin é mo shaol féin.

Nílim ag brath ar éinne eile chun nithe a shamhlú ná a chruthú dom. Níor chláraíos le Second Life mar sin. Agus ní chláróidh. Is nílim in éad leis na milliúin is na milliúin atá cláraithe leo. Ina dhiaidh sin is uile, níl aon amhras ná gur suíomh dochreidte ar fad atá ann. Scanrúil, ar go leor bealaí.

I measc na roghanna atá agat ar Second Life tá, mar shampla, Imagine Nest. Tionscadal ealaíne idirghníomhach is ea Imagine Nest a chruthaigh AuraKyo Insoo, suíomh a dhéanann ceiliúradh ar an tsamhlaíocht, ar thaibhrimh agus ar an ngrá trí mheán na dealbhóireachta ar scála mór. Cad eile a bheadh uait!

READ MORE

Caithfidh mé a admháil nach raibh cloiste agam faoin AuraKyo Insoo seo (is breá liom an t-ainm is an sloinne) agus ar eagla go bhfuil an saol mór ag caint mar gheall uirthi i ngan fhios dom agus toisc nár mhaith liom go mbeifí á rá gur ainbhiosán mé, dheineas beagán taighde ina taobh agus fuaireas amach gur ealaíontóir le Second Life is ea í.

B’fhéidir gur cheart gur in Second Life is cóir do scríbhneoirí na Gaeilge a bheith – tá an dara suí sa bhuaile tuillte acu. Ar aon nós, is cosúil gur Airgintíneach í an AuraKyo Insoo seo, bail ó Dhia is ó Mhuire uirthi, ealaíontóir, dearthóir faisin agus gníomhaí sóisialta.

Cén dearcadh atá aici ar an ealaín? Ligimis di féin an chaint a dhéanamh: “Rún is ea an ealaín, eastát beannaithe, míorúilt, seachmall, cogar agus liú.” Ambaiste, tá a lán lán ansin, nach bhfuil?

Seachmall, a dhuine. Ciméara. Nach seachmall 3-D nó brionglóid atá in Second Life? Bhuel, dar le AuraKyo, ní domhan in aon chor é Second Life ach cruinne iomlán. Cruinne! Agus tá na milliúin is na milliúin á slogadh isteach sa chruinne sin. Bíodh. Ní shlogfar mise. Ní mheallfar mé. Doshlogtha atáim. Domheallta go huile is go hiomlán. (Go fóill ar aon chuma).

Ní chláróidh mé leo. Ní inniu ná amárach ar aon nós. Níor mhaith liom a rá nach meallfar ann go brách mé mar cá bhfios, má mhairim, b’fhéidir nach mbeidh aon rogha agam. B’fhéidir nach mbeidh ann amach anseo ach an Dara Saol agus an saol mar is eol dúinn inniu é ag bailiú dusta istigh i músaem éigin.

Munar spéis leat domhan nó nead (nó cruinne) AuraKyo b’fhéidir gur mhaith leat cuairt a thabhairt ar an mbithsféar atá cruthaithe ag Second Life duit. Buailfidh tú le muca ansin agus toirtís ghleoite atá ag snámh thart go suairc di féin i lochán tanaí. Rud beag a rith liom: an dtiocfaidh aois ar an toirtís sin go deo nó an mbeidh sí fós ag lapadaíl léi go sona sásta i gceann míle bliain? Is dócha go mbeadh orm clárú le Second Life chun an t-eolas sin a fháil amach agus nílim chun clárú leo, go raibh maith agat.

Cad eile a d’fhéadfadh Second Life a dhéanamh duit? Dhera, a dhuine, níl léamh, scríobh ná insint béil ar líon na seirbhísí atá acu. An raibh tú riamh in Svarga? Bhuel, ní Aer Lingus ná Ryanair a thabharfaidh ann tú ach foiche ollmhór.

Oileán trópaiceach is ea Svarga, is cosúil, agus i measc na n-áiseanna iontacha atá ann tá gléasanna ceoil neamhchoitianta, aon cheann déag díobh, agus d’fhéadfá seisiún breá a chur ar bun duit féin dá mba mhian leat.

Nílim cinnte an bhfuil cead agat do bhodhrán féin a thabhairt leat go Svarga. Is dócha go mbeadh orm clárú le Second Life chun é sin a fháil amach agus nílim chun clárú leo.

Is dócha go mbeidh Gaeltachtaí fíorúla againn go luath, mura bhfuil siad ann cheana féin, agus go bhféadfá cuairt a thabhairt orthu agus snas a chur ar do chuid Gaeilge gan an seomra suí a fhágáil in aon chor. Ní dhéanfadh sé sin aon mhaitheas don gheilleagar áitiúil, áfach, an ndéanfadh?

Dá mbeadh táille cláraithe i gceist, ar ndóigh, níor ghá go mbeadh na fíor-Ghaeltachtaí thíos leis. Murab ionann agus an scéal mar atá faoi láthair, dá raghfá go dtí an Ghaeltacht le dream éigin ar nós Second Life, seachas Gaelsaoire, d’fhéadfá luí le bean an tí dá mbeadh an fonn sin ort.

I measc na bpobal ról-imeartha atá cruthaithe ag Second Life agus a chuirfidh fáilte is fiche romhat tá New Wonderland. Bí i dteannta Alice i dTír na nIontas! Nó mura dtaitníonn Alice leat, cad déarfá le Tol Narwa Vire, oileán niamhrach.

Ag feitheamh leat ansin tá sióga, maighdeana mara agus vaimpírí. Ní i dtuillemaí an Bhéarla a bheidh tú an t-am ar fad má chláraíonn tú. Ceantar Gearmáinise is ea Fenragon, sráidbhaile ón 14ú haois. B’fhéidir go mbraithfeá sa bhaile san áit sin, cá bhfios.

Má tá na milliúin ag clárú – agus tá – is dócha go gciallaíonn sé sin nach róshásta atá siad leis an saol atá acu, na créatúir. Feictear domsa, mura bhfuil tú sásta leis an saol atá agat ní shasóidh saol ar bith eile thú. Mura bhfuil tú sásta leis an saol seo, ní ar an saol an locht ach ort féin. Nach ea?

Ar aon nós, seachas cúrsaí gnéis, taistil, fantaisíochta agus ealaíne, an bhfuil aon rud eile ag Second Life? Cúrsaí spóirt? Cinnte. Cúrsaí spioradálta?

Gan amhras! Is cás le Second Life do chuid sainriachtanas go léir. Caith tamall mar sin i Mainistir Felix Meritis. Tá sé tuillte go maith agat. Déanfaidh an tséimhe an-mhaitheas do d’anam cráite.

Agus mura dtaitníonn gnáthmhainistreacha leat, ná bí buartha; d’fhéadfá cuairt a thabhairt ar Theampall Shaoilin agus Tai Chi a fhoghlaim, an druma a bhualadh, do scíth a ligean sa ghairdín dín agus machnamh a dhéanamh nó coinneal a lasadh ar son do chairde.

Las coinneal domsa más é do thoil é. Lasfainnse ceann duitse, tá a fhios agat é sin. Ní bheidh mé in ann, áfach; mar nílim chun clárú.

Ina dhiaidh sin is uile, caithfidh mé a rá go bhfuil cuma spéisiúil ar an Acadamh Misteach acu, áit ina bhfoghlaimeoidh tú conas a bheith i do dhraoi.

I do dhraoi, a dhuine! Ná habair liom nár mhaith leat a bheith i do dhraoi. Mheasas gur theastaigh ó gach éinne a bheith ina dhraoi. Bhuel, ní dócha é.

Cad dúirt an naomh fadó: “Is é mo Dhraoi Críost Mac Dé . . .”

I measc na leabhar is déanaí ó Ghabriel Rosenstock tá a chéad chnuasach filíochta i mBéarla Uttering Her Name (Salmon Poetry) agus an dara himleabhar den díolaim Guthanna Beannaithe an Domhain (Coiscéim)