Aon vota amhain

Crobhingne: Is minic sinn bréan agus tuirseach, agus fiú amháin dúdóite den pholaitíocht

Crobhingne: Is minic sinn bréan agus tuirseach, agus fiú amháin dúdóite den pholaitíocht. Tá seasamh ar bith inchosanta ag polaiteoir ar bith - "Is ea, is fíor go bhfuilimid ar son na síochána, ach idir an dá linn ní foláir dúinn cúpla céad míle duine a mharú," nó "Is ea, is Eorpaigh sinn go léir ach ní fhágann sin nach gaire do Bhoston ná do Bheirlin sinn," - ionas gur féidir leat a rá gan bhréag ar domhan go bhfuil an bhuatais ar an mbróg eile agus go bhfuil an scadán dearg ina mhoncaí práis.

Dúirt an Príomh-Aire, nó an Taoiseach mar a thugtar air sa Bhunreacht, nó an T-shirt mar a thugann tráchtairí áirithe air á cheapadh dóibh go bhfuil siad ag dul laistíos den anorak, gur cheart dúinn cabhair a thabhairt dár gcairde san Impireacht Mheiriceánach agus don dara rí Seoirse ar leith amháin, ach as a leathbhéal eile go raibh sé riamh is choíche in aghaidh a gcuid gabháltais.

Ní dhéanfadh sé aon cheataí dúinn tosnú ar an bPríomh-Aire a thabhairt air, mar is é sin lipéad Mhichael O'Leary air, agus an rud a dheineann seisean inniu is é a dhéanfaidh an ghobhairnmint amárach.

Maidir leis an leasPhríomh-Aire tá tuairiscithe go bhfuil sí ag éirí buartha de chionn is go bhfuil muintir na hÉireann ag éirí santach! B'fhéidir breall a bheith orm arís, ach shíl mé gurbh é sin pointe láir, tosaigh agus deiridh Pháirtí an Airgid. An tsaint abú agus leaba chúinne sráide ag an té gan leathmhilliún ina phóca thiar.

READ MORE

Bliain mhór toghchánaíochta atá amach romhainn: beidh na toghcháin áitiúla againn dóibh siúd ag bun an dréimire, toghcháin do Phairlimint na hEorpa dóibh siúd i leataobh na slí, agus toghchán na hUachtaránachta bharr an tí lasnairde. Spórt mór don phobal agus d'iriseoirí iad, gan dabht: na toghcháin áitiúla mar a bheadh léigchluiche FAI, an Eoraphairlimint ina chomórtas rugbaí na "sé náisiún" agus an Uachtaránacht ina craobhchluiche iomána.

I meá mór na cinniúna daonna ní hiad is troime amuigh. An té a dhéanfadh a mharana air, b'fhéidir go ndéarfadh gur tábhachtaí fiaile a chur sa ghairdín nó cnámh a thabhairt don ghadhar.

I mo chora féin de b'shin a rith liom, go háirithe tar éis chéadreifreann Chonradh Nice. Smaoinigh ar an dáine a bhain lenar tharla! Chaith pobal mór na hÉireann a gcuid vótaí agus ní raibh aon amhras faoin dtoradh, amhras ar bith. Dúirt an Rialtas agus an dlí agus a soilse ar an mórthír soir-ó-dheas, "Voil, sea, má sea, tá sin go breá, ach an dtuigeann sibh conas mar atá, nílimid sásta leis an toradh sin. Páistí dána! Déanadh sibh arís é!"

Caithfead a rá gur chuaigh creathán tríom nuair a chuala Príomh-Aire na Sualainne ag rá roimh an reifreann acu siúd ar an Euro, pé ní is a tharlódh go nglacfadh siad le guth an phobail! Is é an cás é gur dhóigh leat go díreach gurb é sin an daonlathas agat, go mbainfeadh an chúis ba mhó vótaí an lá.

Ní mór nár gurb é an t-amhras a d'fhás orm go bhfuil slite ag an daonlathas le teacht timpeall ar an daonlathas. Baineann an timpeall sin leis an tábhacht a shamhlaítear leis na duillí daite a ghabhann an taobhdoras isteach seachas na duillí vótála a théann tríd an bpríomhdhoras.

Dúirt Stalin nárbh iad líon na vótaí ba thábhachtaí in aon chor, ach cé a bhí á gcomhaireamh; ach níor chaipitlí ar bith é agus bhí sé saonta go maith maidir le hairgead de. Nuair nár réitigh an Duma le Yeltsin rinne sé criathar de nach bhfacthas i gcáis bhuí na hEilvéise féin; má bhí poill sna vótaí a fuair sé ina dhiaidh sin, ba vótaí iad mar sin féin.

Nuair b'anamchara na gcarad anama le Meiriceá é Saddam, toghadh arís ina uachtarán é le móramh ollmhór; nuair ba namhaid é toghadh an dara Rí Seoirse Washington ar vótaí mionlaigh. Ach b'é aon vóta amháin i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (seachas na vótóirí i Florida a d'imigh Húis!) a rinne uachtarán de.

Aon vóta amháin ba chreill bháis agus conaphéine do na deicheanna de mhílte, aon vóta amháin ba thrúig ollairgid agus olamhaoine don bheagán. Murach aon vóta amháin bheadh athscríobh ar an stair gan buíochas do lucht athscríofa na staire.

Aon vóta cúirte amháin a chinntigh go bhfuil cead agat fístéip a thaifeadadh i príomháid d'árais féin; aon vóta amháin, adeirtear, a shocraigh gurb é an Béarla seachas an Ghearmáinis a bheadh ina teanga stáit i Meiriceá.

Idir bhush agus bhideo agus bhéarla is dothomhaiste é cumhacht an aon bhóta amháin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar