Aon bhliain déag ag fás - 'ceart go leor'

TUARASCÁIL: BLIAIN DÉAG d'aois atá mo pháiste is sine

TUARASCÁIL:BLIAIN DÉAG d'aois atá mo pháiste is sine. Críochnóidh sé a sheal ar bhunscoil an tseachtain seo agus chláraigh mise agus a mháthair é don mheánscoil an tseachtain seo caite.

Ócáidí iad sin a chuireann mearbhall ort mar thuismitheoir. Is doiligh dom in amanna amharc ar an snáthadán de mhac atá agam agus cuimhneamh siar ar an bhunóc bídeach a tháinig chugainn mar aoibhneas na Bealtaine 11 bliain ó shin.

Doiligh dom a chreidbheáil go bhfuil an tachrán beag a thógainn ar naíonra agus bunscoil ar tairseach bheith ina dhéagóir. Doiligh dom a chreidbheáil go bhfuil sé in aois meánscoile agus go bhfuil sé cláraithe do mheánscoil mar a chláraigh mo mháthair féin mise 30 éigin bliain ó shin.

Is tapa mar a imíonn an t-am agus tú i do thuismitheoir. An oiread sin spriocamanna agus coinní dochtúra agus ócáidí spóirt agus cóisireacha lá breithe agus turasanna gan choinne chun na hotharlainne de bharr iliomad nithe a bhaineann de pháistí - agus ó tharla ceathrar páistí bheith agam, is iomaí áiméar chun taisme a bhíonn ann.

READ MORE

Agus seo anois an duine is sine, ag dul chun na scoile móire, agus é ag déanamh rogha dá chuid ábhar. Ar ghnáthbhunscoil Bhéarla a d'fhreastail sé - sin a raibh de rogha againn sa chuid sin de Thuisceart Éireann ina gcónaíonn muid - ach Gaeilge a labhair muid leis ó tháinig sé ar an saol.

Cuireann sé iontas orm cé chomh doiligh agus a bhí sé an méid sin féin Gaeilge a choinneáil leis. Oiread agus uair an chloig de rang Gaeilge ar scoil, ní bhfuair sé. Seirbhísí spóirt i nGaeilge, ní raibh aige. Dochtúirí nó altraí le Gaeilge? Fantaisíocht.

Ach bhí múinteoirí maithe aige a chosain é, a chothaigh é agus a d'oil é. Molaim an cúram Críostaí a rinne siad de ar feadh na mblianta seo agus tá a fhios agam go ndéanfaidh a mhúinteoirí nua an rud céanna.

Mise agus mo chéile mná a thug an méid beag den teanga atá aige dó. Nuair a fhiafraím de an bhfuil sé ceart go leor, freagraíonn sé "ceart go leor". Trí fhocal bheaga ar luachmhaire agam iad ná an Táin féin.

Ceart go leor. Sea, tá muid ceart go leor. Ach bhain an oiread sin oibre le 'ceart go leor' a bhaint amach. Baineann sé preab asam go fóill an oiread sin trioblóide atá i gceist le teanga a labhairt, lá i ndiaidh lae, agus gan tacaíocht ar bith agat mar thuismitheoir.

Ach seo anois an dea-scéal agus m'aililiú aonair aithriúil: roghnaigh sé an Ghaeilge mar ábhar meánscoile. Roghnaigh sé í dá thoil dheonach fhionn ghormshúileach féin.

Altú do Dhia!

Cuideachta teanga aige thar cuideachta a athar. Comrádaithe a fhiafróidh de i nGaeilge conas mar atá sé, a chuirfidh ceist air an bhfuil obair bhaile aige, a labhróidh seafóid leis thar seafóid a athar.

Ní hé seo an lá le bheith ag cogaint ar ghanntanas seirbhísí oideachais i dTuaisceart Éireann. Ní mhothaím ach faoiseamh. Tacaíocht teanga, faoi dheireadh is faoi dheoidh.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times